Tionscadal LIFE ar Phortach Shearbhóige

Is é an cuspóir caomhnaithe reatha do Phortach Shearbhóige limistéar an Ardphortaigh Ghníomhaigh a athbhunú go dtí an ceantar ina raibh sé nuair a tháinig an Treoir maidir le Gnáthóga i bhfeidhm in 1994.

Táthar ag súil go méadófaí limistéar an Ardphortaigh Ghníomhaigh go dtí os cionn 40 heicteár. Meastar go bhfuil clúdach ARB ar an limistéar ardphortaigh ag thart ar 25 heicteár faoi láthair. Thug conraitheoirí faoi oibreacha athchóirithe anseo in 2021 agus cuireadh isteach os cionn 400 damba. Chabhraigh siad seo leis an bportach a athfhliuchadh, na ceantair d’Ardphortach Maireachtála Gníomhach a mhéadú, carbón a stóráil, uisce a ghlanadh, bithéagsúlacht a mhéadú agus áit níos fearr a chruthú as an bportach suntasach seo.

Thug ‘An Portach Beo’ faoi réimse teicnící athchóirithe gnáthóg. Ina measc seo cuireadh isteach na céadta dambaí móna agus plaisteacha chun bac a chur ar chainéil draenála a bhí ag cailleadh uisce ar an bportach. Cuirfear feabhas ar dhromchlaí móna ar cuireadh isteach orthu chun cáilíocht dhá lóba an phortaigh a fheabhsú agus déanfar athchóiriú trí nascacht hidreolaíoch níos mó, rud a fheabhsóidh a riocht éiceolaíoch agus a chomhleanúnachas. Trí na gnáthóga ar cuireadh isteach orthu a athfhliuchadh arís, cruthófar maoschlár níos airde, rud a rachaidh chun tairbhe do réimse speicis phortaigh neamhchoitianta agus le ham, beidh gnáthóg ardphortaigh nádúrtha níos inbhuanaithe ag Portach Shearbhóige arís.

Cainéal draenála ardphortaigh atá blocáilte ag dambaí móna. Beidh fear agus meaisín á n-úsáid againn chun draenacha a bhlocáil ag SAC Phortach Shearbhóige

Rinne NPWS oibreacha athchóirithe ag an suíomh i rith na 1990í lena n-áirítear bac a chur ar dhraenacha ardphortaigh agus draenacha an talaimh réitithe san oirdheisceart. Rinneadh iarracht draenacha a bhlocáil in 1992 ach theip air sin, tugadh faoi arís idir 1994-1999 agus d’éirigh leis. Thuairiscigh Fernandez et al. (2005) méaduithe suntasacha cheana féin ar Ardphortach Gníomhach i lárchuid an ardphortaigh mar thoradh ar bhlocáil na ndraenacha. Níor tugadh aon mhéadú eile ar limistéar gnáthóg faoi deara i dtréimhse tuairiscithe 2005-2011.

Tuairiscíodh go raibh limistéar ARB 25.8 ha le linn an taighde monatóireachta is déanaí (2011) agus thángthas ar an gconclúid gur féidir 14.7 ha d’Ardphortach Díghrádaithe (DRB) ar an bportach ard a thabhairt ar ais go ARB leis na bearta athchóirithe cuí. Tá poitéinseal fadtéarmach ann freisin do 0.4 ha de ghnáthóga atá ag cruthú móna a fhorbairt má dhéantar bearta athchóirithe ar limistéir réitithe.

Damba plaisteach ag suíomh eile. Má fhásann caonach sfagnaim agus fásra eile ar an linn agus ar an damba is comhartha é go bhfuil damba sláintiúil tógtha agat agus tá ARB ag forbairt go maith.

Is suíomh é SAC Phortach Shearbhóige a bhfuil tábhacht mhór chaomhnaithe leis mar is gnáthóg neamhchoitianta iad ardphortaigh san EU agus ceann atá gann agus faoi bhagairt in Éirinn. Tá samplaí maithe ann, a chlúdaíonn limistéir shuntasacha, de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, gnathóga Iarscríbhinn I, Ardphortaigh Ghníomhacha, Ardphortaigh Dhíghradaithe (atá á mbogadh chuig gnáthóg thosaíochta Iarscríbhinn 1, Ardphortach Gníomhach) agus Lagraigh ar fhoshraitheanna móna (Rhynchosporion). Tacaíonn an suíomh cheana féin le héagsúlacht mhaith mhicreaghnáthóg ar ardphortaigh, lena n-áirítear roinnt coimpléisc thulóg/log, agus portach réitithe athfhliuchta.

Tá céatadán ard d’acmhainn iomlán an AE maidir le hardphortaigh de chuid an Atlantaigh (os cionn 50%) ag Éirinn agus mar sin tá freagracht ar leith uirthi iad a chaomhnú ag leibhéal idirnáisiúnta. Ar imeall thoir Shearbhóige tá uisce talún ann ina bhfuil bunsraith shaibhir agus tonnadh aníos sa chrios eascaigh a thacaíonn le coillearnach chairr agus fásra eanaigh cailcreach. Tá ceantair fhliucha d’fhásra eanaigh mar seo an-neamhchoitianta in Iarthar na hEorpa agus tá an córas eascaigh i Searbhóg ar cheann de na ceantair is fearr a forbraíodh sa tír. Tá an speiceas planda leath-uisceach cosanta, Ceannbhán Caol (Eriophorum gracile), ag fás i bhfásra eanaigh sa chrios eascaigh, agus bíonn an tor neamhchoitianta náisiúnta Draighean Fearna i gcoillearnach phortaigh thirim ar lagphortach. Bíonn roinnt ainmhithe neamhchoitianta agus inveirteabrach sa chrios eascaigh freisin.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life