Tionscadal LIFE ar Phortach Mhaigh Cláir

Tugadh faoi oibreacha athchóirithe fairsinge ar an bPortach Beo ag an suíomh seo. Bhí barraíocht uisce ag rith chun srutha. Thosaigh ár gconraitheoirí ar an obair i Nollaig 2018. Stop siad ag deireadh Márta 2019, agus d’fhill siad arís i Lúnasa 2019. Chuir siad isteach beagnach 1,000 damba móna. Tá an portach fliuch agus sláintiúil anois, agus tá carbón istigh go domhan ann.

Foilseoimid torthaí maidir lena fhorbairt in 2021.

Rinneadh oibreacha athchóirithe, agus rinneadh draenacha a bhlocáil ar an suíomh sular tháinig muid a fhad leis. Rinne Kelly et al. (1995) agus Fernandez et al. (2005) bearta feabhsúcháin na ngnáthóg seo sa tréimhse idir gach taighde. Tá beagnach 3km de dhraenacha ardphortaigh blocáilte anois le dambaí móna, agus is féidir éifeachtacht an bhirt seo a fheiceáil san athrú ar stádas 0.384km de dhraenacha blocáilte. D’athraigh an stádas sin ó laghdú feidhmíochta go dtí go hiomlán neamhfheidhmiúil le linn na tréimhse tuairiscithe reatha.

Bhí fianaise ann go raibh roinnt gnáthóg de chuid na nArdphortach Gníomhach ag éirí níos fliche, agus, dá bhrí sin, is féidir go bhfeicfí méaduithe ar mhéid na ngnáthóg agus feabhsuithe ar cháilíocht amach anseo. I suirbhé 2012, tuairiscíodh gur ghníomh dearfach ba ea draenacha ardphortaigh a bhlocáil faoin gceannteideal Athbhunú / Feabhas a chur ar an gcóras hidreolaíoch.

Is é an cuspóir caomhnaithe reatha do Phortach Mhaigh Cláir limistéar an Ardphortaigh Ghníomhaigh a athbhunú go dtí an ceantar ina raibh sé nuair a tháinig an Treoir maidir le Gnáthóga i bhfeidhm in 1994. I gcás an Ardphortaigh Ghníomhaigh, áirítear leis an gcuspóir athchóiriú Ardphortach Díghrádaithe freisin. Is é 35.37ha cuspóir an cheantair don Ardphortach Gníomhach (a chuimsíonn 30.03ha ar phortach ard agus 5.34ha ar phortach réitithe).

Is é an cuspóir maidir le Struchtúr agus Feidhmeanna (S&Fs) ná gur chóir go mbeadh leath ar a laghad de limistéar an Ardphortaigh Ghníomhaigh comhdhéanta den éiceatóip lárnach agus den bhorrfhás gníomhach (i.e. na cumainn fásra níos fliche).

Ba chóir go mbeadh Ardphortach Díghrádaithe fós in ann athghiniúint a dhéanamh. De réir an lámhleabhair léirmhínithe, beifear in ann athghiniúint a dhéanamh ar ‘ardphortach gníomhach’ i gceann 30 bliain má chuirtear bearta cuí i bhfeidhm (i.e. níl aon mhórghníomhaíochtaí tionchair ann agus cuirtear aon oibreacha athchóirithe riachtanacha i bhfeidhm). San am a chuaigh thart measadh go raibh ceantar na gnáthóige ar fad ina phortach ard nach raibh gníomhach, ach ní ghlactar leis sin anois mar nach bhfuil cuid mhór den phortach ard gníomhach a thuilleadh.

Meastar go bhfuil an portach ard neamhghníomhach eile ag tacú le gnáthóga Iarscríbhinn I ar an bportach ard. Is cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch í an ghnáthóg seo chun tacú le gnáthóga Ardphortaigh Ghníomhacha agus Dhíghrádaithe.

Tá athchóiriú na gceantar réitithe oiriúnach riachtanach don Ardphortach Gníomhach chun an coinníoll caomhnaithe fabhrach a bhaint amach ag an suíomh. Ina ainneoin sin, aithnítear go bhféadfadh tréimhse fhada ama (i.e. thar 30 bliain) a bheith ag teastáil tar éis oibreacha athchóirithe cuí a dhéanamh ar na ceantair réitithe chun go bhforbróidh an ghnáthóg.

Léirigh oibreacha athchóirithe feadh phortach réitithe thiar SAC Choillidh Chonnaidh i gContae an Chabháin go raibh fásra ‘ardphortach gníomhach’ 8 mbliana ann tar éis dóibh sin a dhéanamh. Bunaithe ar an dlúthchaidreamh éiceolaíoch idir Ardphortach Gníomhach, Ardphortach Díghrádaithe agus lagraigh Rhynchosporion, meastar gur cheart coinníoll caomhnaithe fabhrach ‘d’Ardphortach Gníomhach’ a bhaint amach ar an suíomh, ansin, dá réir sin, go mbainfí amach coinníoll caomhnaithe fabhrach don dá ghnáthóg eile freisin.

Léirigh oibreacha athchóirithe go luath sna 1980í ar SAC Phortach an Mhongáin i gContae Uíbh Fhailí torthaí fabhracha freisin.

Mar chuspóir foriomlán, is é aidhm Thionscadal Dúlra LIFE stádas caomhnaithe fabhrach an Ardphortaigh Ghníomhaigh (cód Natura 2000: 7110 *Ardphortaigh Ghníomhacha) in Éirinn a athbhunú trí phortaigh áirithe a chosaint agus a athchóiriú laistigh de líonra SAC.
Roghnaíodh SAC Phortach Mhaigh Chláir le cur san áireamh sa tionscadal seo toisc go bhfuil sé ar cheann de na 53 ardphortaigh SAC a ainmníodh in Éirinn faoi Threoir an EU maidir le Gnáthóga (92/43/CEE). Mar sin, meastar go bhfuil an suíomh seo fíorthábhachtach mar shampla d’ardphortach na hÉireann atá le caomhnú agus le hathchóiriú. Comhlíonann sé an ról seo go réigiúnach agus é ar cheann de na portaigh arda is slána gar do thuilemhánna Abhainn na Sionainne; ar bhonn náisiúnta agus é mar cheann de na portaigh arda is luachmhaire sa tír; agus ar leibhéal an EU mar láithreán aitheanta a bhfuil Tábhacht Phobail leis.

Ina theannta sin, tugadh faoi deara cheana féin poitéinseal le haghaidh méadaithe i réimse an Ardphortaigh Ghníomhaigh ag an suíomh seo. Chomh maith leis sin, is é an suíomh seo ceann de na cinn is oiriúnaí chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach de bhrí gur cuireadh deireadh ar fad le baint mhóna agus tá pobal maith áitiúil mórthimpeall ar an suíomh agus ag bogadh isteach go dtí an Féar Bán.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life