Tionscadal LIFE ar Phortach Dhoire an Fhia

Is é an cuspóir caomhnaithe reatha do Phortach Dhoire an Fhia limistéar an Phortaigh Ardaithe Ghníomhaigh a athbhunú sa cheantar a bhíodh in úsáid nuair a tháinig an Treoir maidir le Gnáthóga i bhfeidhm in 1994. I gcás Portach Ardaithe Gníomhach, áirítear leis an gcuspóir athchóiriú Portach Ardaithe Díghrádaithe freisin.

Is é 24.97ha cuspóir an Cheantair do Phortach Ardaithe Gníomhach. Beidh pleananna athchóirithe mionsonraithe ar fáil go luath. Faoi láthair, cuirfear bac ar ghar do 2,500m draenacha ar Dhoire an Fhia ag baint úsáid as na céadta dambaí móna agus, i gcásanna áirithe nuair nach mbeidh meaisín in ann chuige, úsáidfí dambaí plaisteacha.

Gnáthdhamba móna dhá bhliain tar éis a chruthaithe

Is é an cuspóir maidir le Struchtúr agus Feidhmeanna (S&F) ná gur chóir go mbeadh leath ar a laghad de limistéar an Phortaigh Ardaithe Ghníomhaigh comhdhéanta den éiceatóp lárnach agus den bhorrfhás gníomhach (i.e. na cumainn fásra níos fliche). Socraíodh na luachanna seo mar Luachanna Tagartha Fabhracha. Ba chóir go mbeadh Portach Ardaithe Díghrádaithe fós in ann athghiniúint a dhéanamh. De réir an lámhleabhair léirmhínithe, beifear in ann athghiniúint a dhéanamh ar ‘phortach ardaithe gníomhach’ i gceann 30 bliain má chuirtear bearta cuí i bhfeidhm (i.e. níl aon mhórghníomhaíochtaí tionchair ann agus cuirtear aon oibreacha athchóirithe riachtanacha i bhfeidhm). San am a chuaigh thart measadh go raibh an limistéar gnáthóg ar fad ina phortach ard nár measadh a bheith gníomhach, ach ní ghlactar leis sin anois mar ní féidir cuid mhór den phortach ard a athbhunú go gníomhach a thuilleadh (féach DAHG 2014). Meastar go bhfuil an portach ard neamhghníomhach eile ag tacú le gnáthóga Iarscríbhinn I ar an bportach ard. Is cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch í an ghnáthóg tacaíochta seo chun tacú le gnáthóga Portaigh Ardaithe Gníomhacha agus Díghrádaithe. Tá athchóiriú na bportach réitithe oiriúnach riachtanach don Phortach Ardaithe Gníomhach chun an coinníoll caomhnaithe fabhrach a bhaint amach ag an suíomh.

Aithnítear go bhféadfadh tréimhse fhada ama (i.e. thar 30 bliain) a bheith ag teastáil tar éis oibreacha athchóirithe cuí a dhéanamh ar na portaigh réitithe le go bhforbróidh an ghnáthóg. Léirigh oibreacha athchóirithe feadh phortach réitithe thiar ar cheann eile dár suíomhanna tionscadail – SAC Phortach Choillidh Chonnaidh– gur forbraíodh fásra téisclime ‘portach ardaithe gníomhach’ 8 mbliana tar éis dóibh tabhairt fúthu.

Bunaithe ar an dlúthchaidreamh éiceolaíoch idir Portach Ardaithe Gníomhach, Portach Ardaithe Díghrádaithe agus lagraigh Rhynchosporion, meastar gur cheart coinníoll caomhnaithe fabhrach do ‘Phortach Ardaithe Gníomhach’ a bhaint amach ar an suíomh, ansin, dá réir sin, go mbainfí amach coinníoll caomhnaithe fabhrach don dá ghnáthóg eile freisin.

Níor tharla aon oibreacha athchóirithe ar an suíomh seo go dtí seo. Beidh an tionscadal LIFE ar an gcéad tionscadal a thabharfaidh faoin obair ar an láthair. Díreofaí ar dhraenáil den chuid is mó mar gurb é an draenáil a bhaineann le réimsí an iardhúshaothraithe móna an rud is bagraí ar ghníomhaíochtaí reatha ar an suíomh – cé nach dtarlaíonn gearradh móna a thuilleadh.

Ní fadhb mhór í smacht na gcrann ná na dtor a bhfuil a n-athghiniúint nádúrtha ag an SAC seo.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life