Tionscadal LIFE ar Phortach Choillidh Chonnaidh

Beidh foireann thionscadal LIFE ‘an Portach Beo’ ag tabhairt faoi raon teicnicí maidir le hathbhunú gnáthóige. Áireofar orthu seo, dambaí nua móna agus plaisteacha a shuiteáil chun cainéil draenála a bhlocáil, tá na draenacha seo mar chúis leis an bportach a bheith ag cailliúint uisce. Feabhsófar dromchlaí talamh portaigh a bhí corraithe chun cur le hacmhainneacht an dá lóba den phortach chun nascacht hidreolaíoch níos fearr a athbhunú ag cur le coinníoll éiceolaíoch agus comhleanúnachais an phortaigh. Trína gnáthóga corraithe agus díoga a athfhliuchadh, cruthófar maoschláir níos airde, a rachaidh chun leasa do speicis phortaigh neamhghnácha agus le himeacht ama, beidh gnáthóg nádúrtha portaigh ardaithe á athbhunú ar Phortach Choillidh Chonnaidh.

Is Limistéar Speisialta Caomhnaithe (SAC) é an láithreán a roghnaíodh do na gnáthóga agus/nó na speicis seo a leanas atá liostaithe ar Iarscríbhinn I / II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (* = tosaíocht; is iad na huimhreacha idir lúibíní cóid Natura 2000):

[7110] Ardphortach (Gníomhach)*
[7120] Ardphortach Díghrádaithe

Cuimsíonn Portach Ardaithe (ARB) limistéir ardphortaigh atá fliuch agus atá ag cruthú móna go gníomhach, áit a bhfuil an céatadán den chlúdach caonach móna (Sphagnum spp.) ard, agus áit ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ag tarlú: tulóga, linnte, réileáin fhliucha, báinseacha Caonaigh, borrfháis agus maothchórais.

Measadh go raibh achar de 17.0ha. i limistéar ARB Phortach Choillidh Chonnaidh sa bhliain 1994. Mar sin féin, measadh sna suirbhéanna monatóireachta ar an bportach le gairid gur 3.9ha achar an ARB (Fernandez et al. 2014a, b). Is ionann é seo agus laghdú de 13.8ha (81.2%) le linn na tréimhse 1994 – 2012. Léirítear i suirbhé breise ar tugadh faoi sa bhliain 2005 gur tharla formhór an laghdaithe seo le linn na tréimhse 1994-2005.

Is ionann portach ardaithe díghrádaithe agus na ceantair siúd den ardphortach a bhfuil dochar déanta ag baint mhóna, ag draenáil agus ag gníomhaíochtaí eile maidir le húsáid talún don hidreolaíocht, ach atá ábalta a theacht chucu féin arís mar phortach ardaithe gníomhach.

Baineann luach ard caomhantais le Portach Choillidh Chonnaidh agus tá an deis ann ó thaobh athchóirithe.

Rinne an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) oibreacha athchóirithe ar an láithreán idir 2006 – 2010, lena n-áirítear, roinnt draenacha ardphortaigh agus draenach ar na codanna thiar agus thuaidh a bhlocáil, grádú bruacha éadain, suiteáil fad bunda ar an ardphortach agus bunda / séala a shuiteáil ar an lagphortach.

Suiteáladh an dara bunda/damba feadh teorainn thiar an lagphortaigh le talamh talmhaíochta cóngarach comhthreomhar le bóthar an phortaigh; tá sé mar aidhm leis seo cosc a chur ar thionchar ar thalamh talmhaíochta cóngarach, athfhliuchadh limistéir mhóra lagphortaigh a spreagadh trí leibhéal an mhaoschláir a ardú go háitiúil agus ráta chailliúint uisce an phortaigh a mhoilliú.

Fuair Coillte réidh freisin le 11.00ha de phlandáil bhuaircíneach lánfhásta (péine contórtach go príomha) a bhí ar thaobh thiar theas an lagphortaigh an lóba theas agus rinneadh draenacha a bhlocáil mar chuid thionscadal LIFE Nature (LIFE04 NAT/IE/000121) roimhe seo.

Nochtfar mionsonraí beachta na n-oibreacha athbhunaithe go gairid, ach faoi láthair táimid ag féachaint ar 1,000 damba, móin go príomha a shuiteáil le roinnt dambaí plaisteacha san áit nach bhfuil innealra in ann dul chomh fada leo. Déanfar roinnt mílte méadar de dhraenacha a bhlocáil ar an ardphortach agus ar an lagphortach araon.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse fhada ama (m.sh. os cionn 30 bliain) tar éis tabhairt faoi oibreacha athbhunaithe ar limistéir an lagphortaigh sula dtiocfaidh forbairt ar an ngnáthóg. Léiríodh in oibreacha athbhunaithe feadh limistéir thiar de lagphortach SAC Phortach Choillidh Chonnaidh go raibh fásra ‘gníomhach portach ardaithe’ ann tar éis 8 mbliana de na hoibreacha seo a bheith curtha i gcrích.

Táthar ag féachaint ar chomharthaí faisnéise agus ar rochtain bhreise phoiblí, go háirithe mar gheall go bhfuil luach taitneamhachta chomh hard sin ag gabháil leis an bportach. Tabharfar mionsonraí maidir leis an méid sin anseo níos moille.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life