Tionscadal LIFE ar Phortach Ard an Chuilinn

Tá luach suntasach caomhnaithe ag Portach Ard an Chuilinn. D’éirigh linn tosú ag obair anseo tar éis deimhniú forleathan talún a dhéanamh ar shuirbhéanna digiteach i bhFeabhra 2018, ag filleadh ar an láithreán chun na hoibreacha a chríochnú idir Nollaig 2018 agus Feabhra 2019.

Shuiteálamar 733 damba ar an bportach réitithe agus ar an bportach ard, mar aon le damba cosanta 700m feadh an phortaigh réitithe san iarthar – struchtúr cumasach ar tháinig flóra agus fána neamhchoitianta ar ais dá thoradh beagnach láithreach.

Damba Cosanta le hais Phortach Réitithe Ard an Chuilinn. Pic: Declan Murray/Skyfab

Is é an sprioc caomhnaithe reatha do Phortach Ard an Chuilinn ná an limistéar de Phortach Ardaithe Gníomhach a aischur go dtí an limistéar a bhí ann nuair a tháinig an Treoir maidir le Gnáthóga i bhfeidhm in 1994. Lena chois sin, áiríonn an sprioc freisin an t-aischur ar Phortaigh Ardaithe Díghrádaithe agus beidh ról mór freisin ag an aischur ar limistéir réitithe.

Is é an sprioc Achair do Phortaigh Ardaithe Gníomhacha ná 23.48ha, geall leis (comhdhéanta de 16.68ha ar phortach ard agus 6.80ha ar phortach réitithe).

Is é an sprioc i dtaca Struchtúr & Feidhmeanna (S&Fanna) ná go mbeadh ar a laghad leath den achar sa Phortach Ard Gníomhach comhdhéanta d’éiceatóp lárnach agus de bhorrfhás gníomhach (i.e. cnuasaigh d’fhásra atá níos fliche). Tá na luachanna sin socraithe mar Luachanna Tagartha Fabhracha.

I gcás Portaigh Ardaithe Díghrádaithe atá fós in ann athghiniúint a dhéanamh, ba chóir go mbeidís in ann athghiniúint ina bportach ardaithe gníomhach faoi cheann 30 bliain má bhíonn bearta cuí curtha i bhfearas (i.e. nach mbeidh aon ghníomhaíochtaí móra ag tarlú orthu agus go mbeidh aon oibreacha athchóirithe is gá curtha i bhfeidhm).

San am atá caite, measadh gur portach ard ar fad a bhí sa limistéar gnáthóige nach measadh a bheith gníomhach, ach ní ghlactar leis sin anois mar nach féidir cuid mhór den phortach ard a aischur mar phortach gníomhach a thuilleadh (DAHG 2014). Tá an chuid neamhghníomhach den phortach ard atá fanta measta mar ghnáthóg thacaíochta do na gnáthóga Iarscríbhinn I ar an bportach ard. Tá an ghnáthóg thacaíochta seo ina cuid bhunriachtanach den aonad hidreolaíoch is gá chun tacú le gnáthóga na bPortach Ardaithe atá Gníomhach nó Díghrádaithe.

Tá an t-athchóiriú ar limistéir oiriúnacha réitithe bunriachtanach chun go mbainfeadh an Portach Ardaithe Gníomhach amach an coinníoll caomhnaithe atá fabhrach ar an láithreán. Mar sin féin, aithnítear go bhféadfadh gá a bheith le tréimhse fhada (i.e. os cionn 30 bliain) tar éis oibreacha cuí athchóirithe a bheith déanta ar na limistéir réitithe chun go bhforbródh an ghnáthóg.

Sna hoibreacha athchóirithe atá feadh an phortaigh réitithe san iarthar ar cheann dár láithreáin thionscadail eile, SAC Phortach Choillidh Chonnaidh (ar theorainn an Chabháin/ na Mí), léiríodh go raibh bunús fásra ‘portaigh ardaithe ghníomhaigh’ ag tarlú ocht mbliana tar éis an obair a dhéanamh. Bunaithe ar an ngaol dlúth éiceolaíoch atá idir Portach Ardaithe Gníomhach, Portach Ardaithe Díghrádaithe agus logáin Rhynchosporion, dá mbainfí amach coinníoll fabhrach caomhnaithe do ‘Phortaigh Arda Gníomhacha’ ar an láithreán, meastar go bhainfí amach coinníoll fabhrach caomhnaithe don dá ghnáthóg eile freisin.

Tá cuid mhór draenacha bainteach le bruach éadain an phortaigh seo. Níl ach córas draenála amháin ag gearradh isteach sa phortach (ar an taobh thoir). Tá eisileadh ag na draenacha sa taobh thoir theas agus dá mblocálfaí é sin gheobhadh an portach ard fliuch in athuair. Tá ár n-obair suirbhéireachta hidreolaíochta fós ar siúl ar an láithreán seo.

OIBREACHA ATHCHÓIRITHE ROIMHE SEO (LIFE04 NAT/IE/000121)

Rinneadh oibreacha athchóirithe, i bhfoirm crainn a leagan agus draenacha a bhlocáil ar an bportach ard agus ar an bportach réitithe (2004-08) faoin LIFE04 NAT/IE/000121 ar 25.00ha taobh istigh den SAC. Le gearradh na gcrann agus blocáil na ndraenacha, tháinig ardú ar an maoschlár, rud a cheadaigh coilíniú d’fhásra portaigh agus caonaigh Sfagnaim ar limistéir an phortaigh aird. Ach é sin ráite, mar gheall ar nádúr tirim imeallach na bhfásraí óg ar an bportach réitithe, tá scrobarnach faoi cheannas na Beith Clúmhaí (Betula pubescens) ag forbairt sna limistéir sin.

Tá Breis Eolais faoin Staidéar seo ar fáil anseo.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life