Tionscadal LIFE an AE ar Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach

Thug an Portach Beo faoi cuid mhór obair mhionsonraithe shuirbhéireachta ar an láithreán seo sular cuireadh tús le hoibreacha athchóirithe Rinneadh measúnú go cúramach ar shuíomhanna damba agus ar ghluaiseacht an uisce ar an bportach sular tháinig muintir agus meaisíní le chéile leis an bportach a athchóiriú.

Idir mí na Samhna 2019 agus mí an Mhárta 2020 rinneamar nach mór 1,100 damba a shuiteáil ar fud an phortaigh le huisce a choinneáil ar an bportach agus le carbón ríluachmhar a ghlasáil go domhain ina ithreacha móinteacha. Tá flóra agus fána neamhchoitianta tar éis fás ar an láithreán arís agus athchóiriú dochreidte bainte amach.

Tá méadú mór tagtha ar an bportach ardaithe gníomhach anseo. Tabharfar na sonraí ar fad go mall in 2021.

Sula raibh muidne ann, rinneadh oibreacha athchóirithe ar an suíomh roimh 2005. Blocáladh cuid draenacha san ardphortach mar chuid de sin. Tháinig méadú measartha ar an bportach ardaithe gníomhach mar gheall ar na draenacha a bhlocáil. Tá forbairt tagtha ar éiceatóp fo-imeallach, seachas éiceatóp imeallach, thart ar choimpléasc na ndraenacha blocáilte, mar thoradh go díreach ar na hoibreacha athchóirithe is dócha. In 2010, threascair an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra fáschoill buaircíneach chun dramhaíola ar an ardphortach ar an gcuid thuaidh den láithreán.

An cuspóir caomhantais reatha atá ann do Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach ná an t-achar de Phortach Ardaithe Gníomhach a athchóiriú go dtí an t-achar a bhí ann nuair a tháinig an Treoir um Ghnáthóga i bhfeidhm sa bhliain 1994.

I gcás Portach Ardaithe Gníomhach, tá sé mar chuid den chuspóir Portach Ardaithe Díghrádaithe a athchóiriú.

An cuspóir atá ann ó thaobh achair de le haghaidh Portach Ardaithe Gníomhach ná 94.70ha (87.66ha ar ardphortach agus 7.04ha ar phortach réitithe).

An cuspóir atá ann ó thaobh achair de le haghaidh Portach Ardaithe Gníomhach ná 94.70ha (87.66ha ar ardphortach agus 7.04ha ar phortach réitithe).

Tá na luachanna seo socraithe mar Luachanna Tagartha Fabhracha. Maidir le Portach Ardaithe Díghrádaithe ar féidir é a athghiniúint, de réir lámhleabhar an léirmhínithe, ba chóir go mbeifí in ann é a athghiniúint go ‘portach ardaithe gníomhach’ i gceann 30 bliain dá gcuirfí na bearta cuí i bhfeidhm (gan aon ghníomhaíochtaí móra ann a d’imreodh tionchar agus aon oibreacha athchóirithe riachtanacha a theastaíonn a chur i bhfeidhm).

San am atá thart, measadh faoin limistéar gnáthóige gur ardphortach é nár measadh é a bheith gníomhach. Ní ghlactar leis sin a thuilleadh ós rud é nach mbeifear in ann cuid mhaith den ardphortach a athchóiriú go stádas gníomhach (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, 2014). Caitear leis an ardphortach neamhghníomhach atá fágtha mar ghnáthóg thacaíochta ag na gnáthóga ó Iarscríbhinn I atá ar an ardphortach Cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch atá sa ghnáthóg thacaíochta seo atá de dhíth chun tacú le gnáthóga ar ardphortach, bíodh siad gníomhach nó díghrádaithe.

Is gá limistéir oiriúnacha de phortach réitithe a athchóiriú má tá Portach Ardaithe Gníomhach chun an riocht fabhraithe caomhantais is fearr a bhaint amach ar an láithreán Mar sin féin, aithnítear gurbh fhéidir go mbeadh tréimhse fhada ag teastáil (is é sin, corradh le 30 bliain) i ndiaidh oibreacha athchóirithe cuí a dhéanamh ar na limistéir de phortach réitithe sula dtiocfaidh forbairt ar an ngnáthóg.

Mar chuid d’oibreacha athchóirithe feadh an phortaigh réitithe thiar de LCS Phortach Choillidh Chonnaidh, láithreán tionscadail eile dár gcuid ar an teorainn idir an Cabhán agus an Mhí, tugtar le fios go bhfuil fásra ceannródaíoch ‘portach ardaithe gníomhach’ le fáil ann 8 mbliana tar éis tabhairt fúthu sin.

Dá mbainfí riocht fabhraithe caomhantais amach le haghaidh ‘Portach Ardaithe Gníomhach’ ar an láithreán meastar, mar thoradh air, go bhféadfaí riocht fabhraithe caomhantais a bhaint amach don dá ghnáthóg eile fosta. Tá an tuairim sin bunaithe ar an dlúthchaidreamh éiceolaíochta a mhaireann idir logáin i bPortach Ardaithe Gníomhach, Portach Ardaithe Díghrádaithe agus Rhynchosporion.

Tá laghdú beag tagtha ar an bPortach Ardaithe Gníomhach (3.02 ha) i gCeathrú Bheithí sa tréimhse 2005 go 2012. An chúis atá leis sin ná gur cailleadh ceithre limistéar d’éiceatóp foláir a bhí ann roimhe, nó cuid díobh. Bhí dhá cheann de na limistéir suite gar go leor d’imeall an ardphortaigh. Bhí an dá cheann eile suite ar chuid de na codanna is airde den phortach Anuas air sin, tá cuid den éiceatóp lárnach atá díghrádaithe go cáilíocht foláir Tá cur síos déanta ar chuid de na limistéir nua déanta móna ar an láithreán, mar thoradh ar léarscáiliú allamuigh atá níos cuimsithí seachas athruithe iarbhír. Tá athrú déanta ar theorainneacha le limistéir eile déanta móna chomh maith mar thoradh ar léarscáiliú allamuigh atá níos cuimsithí.

Ní bhaintear móin ar an láithreán a thuilleadh. Na gníomhaíochtaí is bagairtí ar an láithreán faoi láthair ná draenáil agus coillteoireacht, is dócha. Tá 1.2km de dhraenacha fós feidhmeach agus tá 6.2km díobh ag feidhmiú ar bhonn laghdaithe. Mar aon leis na draenacha ar an ardphortach, tá draenacha eile ann
ar dócha go mbeidh drochthionchar acu ar hidreolaíocht an phortaigh agus a chuirfidh le caillteanais sa Phortach Ardaithe Gníomhach: draenáil ar an imeall, lena n-áirítear seandraenacha ar an bportach réitithe chomh maith le draenacha talmhaíochta agus foraoiseachta gar don ardphortach a ndearnadh cothabháil orthu le gairid.

Sa suirbhé in 2012, tuairiscíodh go bhfuil blocáil draenacha ar an ardphortach mar ghníomh dearfach bainistíochta chun an córas hidreolaíoch a athchóiriú/a fheabhsú. Tógfar air sin mar chuid de thionscadal LIFE.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life