Téigh chuig

Níl aon saoráidí do chuairteoirí ag Portach Ard an Chuilinn faoi láthair. Ó dearnadh athchóiriú air, tá an portach fliuch agus contúirteach. Fiú amháin na háiteanna réitithe a bhí tirim roimhe seo, tá siad an-chontúirteach anois.

Trí NPWS Aonad Bainistithe na dTailte Móna amháin a fhéadfar rochtain phoiblí tríd an bportach a eagrú ;Email: peatlandsmanagement@npws.gov.ie


Tá go leor leor le déanamh agus le feiceáil i bpurláin Phortach Ard an Chuilinn. Tá an portach féin in aice le bailte gustalacha Mheathas Troim agus Ghránaird, agus is fiú go mór cuairt a thabhairt orthu sin araon.

MEATHAS TROIM

Baile beag ach baile gnóthach is ea Meathas Troim, nó Mostrim mar a thugtaí air idir an tSaoirse agus 1974, le ceangail stairiúla agus liteartha a mbeadh áthas ar aon chathair mhór mórtas a dhéanamh astu! Tá sé lonnaithe i gceartlár réigiún lártíre na hÉireann, ar theorainn thoir Chontae an Longfoirt le hais na hIarmhí. Is iad na príomhbhóithre ná an N4 ag dul soir siar agus an N55 ag dul aduaidh agus ó dheas. Tá sé lonnaithe freisin ar an bpríomhbhealach traenach ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach. Tagann cuid mhór d’oidhreacht shaibhir Mheathas Troim as an gceangal a bhí aige le teaghlach cáiliúil Edgeworth, Oscar Wilde agus lear mór de dhaoine stairiúla eile.

Cuireann Conair Liteartha Edgeworth siúlóidí faoi threoir ar fáil don chuairteoir mar aon le deis chun leanacht de chonair Maria Edgeworth agus a teaghlach, Oliver Goldsmith, Sir Walter Scott, William Wordsworth agus Oscar Wilde. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an nGarraí Daingean ag Teach Mheathas Troim, Teach an Reachtaire (an áit a rugadh an Abbé Edgeworth) mar aon le Séipéal N. Eoin agus an reilig ina bhfuil Isola Wilde curtha.

Gach Bealtaine, óstálann an baile Féile Liteartha Edgeworth agus bhí imeacht 2017 ar siúl i mBealtaine 5 – 7. Déanann sé ceiliúradh ar oidhreacht liteartha Mheathas Troim chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na húdair reatha is fearr agus an tallann atá ag teacht chun cinn. Gach bliain bíonn aíonna agus comórtais den scoth acu.

[Clár: Oidhreacht Mhuintir Edgeworth]

[Clár: Oidhreacht Mhuintir Edgeworth]

Gach Bealtaine, óstálann an baile Féile Liteartha Edgeworth agus bhí imeacht 2017 ar siúl i mBealtaine 5 – 7. Déanann sé ceiliúradh ar oidhreacht liteartha Mheathas Troim chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na húdair reatha is fearr agus an tallann atá ag teacht chun cinn. Gach bliain bíonn aíonna agus comórtais den scoth acu.

Féile Eolaíochta Edgeworth

Ar an Aoine, 17 Samhain, 2017, beidh ócáid uathúil á óstáil ag an mbaile. Chun meas a léiriú ar na hionchuir atá déanta ag baill de theaghlach Edgeworth sna brainsí éagsúla den Eolaíocht, agus mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hEolaíochta, beidh Cumann Edgeworth ag reáchtáil a gcéad Fhéile Eolaíochta – ar cheann de na príomhnithe suntasacha beidh an Pláinéadlann Soghluaiste a bheidh i láthair ar an bhFaiche an lá ar fad.

Naisc:

  • Gach rud i Meathas Troim: http://www.edgeworthstown.net/
  • Conair Liteartha Mheathas Troim: https://www.facebook.com/edgeworthliterarytrail/
  • Féile Liteartha Edgeworth: https://www.facebook.com/edgeworthfestival/
  • Meathas Troim agus na Bailte Slachtmhara https://www.facebook.com/edgeworthstowntidytowns/
  • Campas Pobail: https://www.facebook.com/Edgeworthstowncommunitycampus/
  • Turasóireacht an Longfoirt Leathanach Mheathas Troim: http://www.longfordtourism.ie/see-do/towns-villages/edgeworthstown/

GRÁNARD

Baile gnóthach i dtuaisceart an Longfoirt is ea Gránard. Tá go leor staire ag baint leis an mbaile, ach i ndáiríre is é baile nua Ghránaird an áit a bhfuil an baile anois. I mbaile fearainn Choill Ghránaird a bhí baile múrtha mheánaoiseach ‘shean-Ghránaird lonnaithe tráth den saol. Meastar gur é an láthair ag Choill Ghránaird an t-aon cheann dá leithéid in Éirinn. Dhóigh Edward Bruce an áit go talamh i mí na Samhna 1315 nuair nach ngéillfeadh Con Ó Fearaíl dó agus tréigeadh an áit ina dhiaidh sin.

Is iomaí brí atá leis an ainm Gránard – Cnoc na Gréine, Cnoc an Ghráin nó Ard Gránna.

Tá Móta agus Bábhún Ghránaird ar cheann de na samplaí is fearr de dhaingean Angla-Normannach atá sa tír.

Móta agus Bábhún Ghránaird

Tá Móta agus Bábhún Ghránaird ar cheann de na samplaí is fearr de dhaingean Angla-Normannach atá sa tír. Thóg an Ridire Normannach, Richard de Tuite, an áit thart ar 1199 mar chuid de thionscnamh chun ceannas na Normannach a scaipeadh ar fud na tíre; tógadh é ar agus taobh istigh de rath a bhí ann roimhe sin agus d’fhéadfadh gur ag brainse áitiúil de mhuintir Fhearaíl a bhí sé sin.

Dumha ciorclach ollmhór cré a bhfuil mullach maol air is ea an Móta, agus ar a bharr sin bhíodh túr adhmaid agus é timpeallaithe ag sonnach. Bhí bábhún U-chruthach trasna an bhoinn, imfhálú a bhí timpeallaithe ag díog shonnaigh. Bhíodh ainmhithe agus saighdiúir ag cur fúthu sa bhábhún. Tá sé daingnithe go han-láidir ach amháin ar an taobh ó dheas a bhíodh á ghardáil ag an trinse domhain ar an mbarr de réir cosúlachta, agus as sin bhíodh an lucht cosanta ag scaoileadh airm agus ag teilgean cloch leis an namhaid a bheadh ag teacht ina dtreo.

D’fhéadfadh gur mar seo a bhreathnaigh Móta agus Bábhún Ghránaird

Agus é ina sheasamh 534 troigh os cionn leibhéal na farraige, meastar gurb é seo an Móta is airde in Éirinn agus ba léiriú eile ar a thábhacht go raibh sé lonnaithe ar an bpointe ab fhaide siar de shean-Ríocht na Mí. Óna bharr tá radharc de chúig loch, codanna de naoi gcontae, riar aibhneacha, cuid mhór portach (Ard an Chuilinn san áireamh) agus imlíne lag de Shliabh Bladhma. Tá a lán miotas ag baint leis an Móta; deir daoine go bhfuil caisleán i bhfolach taobh istigh de, deir daoine eile go bhfuil taiscí ollmhóra óir ann, agus deir daoine eile fós gur stór gráin a bhí sa chuas atá ina lár.

In 1932, cuireadh dealbh de Naomh Pádraig ar bharr an Mhóta mar chomóradh ar theacht an naoimh go hÉirinn in 432AD.

Cosán na Tána

Tá Gránard ina chuid de bhealach Chosán na Tána a bhain cáil amach san eipic Ghaeilge Táin Bó Cuailgne. Tá sé ráite sna sean-annála gur chaith Banríon Méabh Chonnacht agus a harm oíche amháin i nGránard sular lean siad lena dturas go dtí Leithinis Chuaille.

Mícheál Ó Coileáin

An aithne is mó atá ar Ghránard ná an ceangal polaitiúil a bhí ag an áit le laoch mór míleata na hÉireann, Mícheál Ó Coileáin agus a Fiancé, Kitty Kiernan, arbh as an mbaile sin di. Ba le muintir Kiernan an áit ar a dtugtar The Greville Arms Hotel anois i lár bhaile Ghránaird. Tá beár ansin ina onóir.

Tá eolas faoin gceangal a bhí ag an gCoileánach le Gránard ANSEO

Kitty Kiernan as Gránard, Contae an Longfoirt

Rudaí le déanamh i nGránard

Ar na foirgnimh shuimiúla atá ar an mbaile tá Teach an Mhargaidh a tógadh in 1785 agus a bhí faoi úinéireacht mhuintir Greville tráth den saol; rinneadh athchóiriú air c1980 agus tá sé á úsáid anois mar leabharlann bhrainse. Tá láthair bhreá ag Séipéal Mhuire, a thóg John Bourke in 1867, ag barr phríomhshráid an bhaile; tá an móta mór Normannach taobh thiar de agus ba é Séipéal Naomh Pádraig atá gar don Mhóta a bhí ina láthair eaglasta ag na Caitlicigh i dtús ama i nGránard. Meastar gur tógadh an foirgneamh reatha i dtús an 18ú haois.

Tá Gránard timpeallaithe ag riar de lochanna áille, ar nós Loch Gamhna agus Loch Cinnéile, agus tá an áit áisiúil do chuid mhór ionad breá iascaireachta. Tá Coill Dhoire Chasáin lonnaithe ar bhruacha Loch Gamhna agus siúlóidí iontacha foraoise le fáil ann do dhaoine a bheadh ag iarradh uair an chloig nó dhó a chaitheamh ag spaisteoireacht faoi shuaimhneas an nádúir. Do dhaoine a bhfuil suim acu i stair ársa na hÉireann, tá roinnt láithreán de thoibreacha beannaithe, crannóga, galláin agus liagchiorcail ar fáil ann mar aon le fothracha Mhainistir Leathrátha in aice láimhe. Tá neart tithe ósta sa bhaile féin ina mbíonn ceol beo agus siamsaíocht ar an deireadh seachtaine, mar aon le siopaí agus áiseanna eile. Reáchtálann Gránard riar d’fhéilte agus d’imeachtaí i rith na bliana.

Balla Báis Ghránaird

In 1977, le spreagadh ó scannán na seascaidí Roustabout ina raibh Elvis Presley, thosaigh beirt deartháireacha céile Connie Kiernan agus Michael Donohoe as Gránard ag fáil adhmaid agus ábhair eile ar ais nó ar éigean go háitiúil chun a mBalla Báis féin a thógáil agus a úsáid.

Connie Kiernan agus Michael Donoghue ag an mBalla Báis bunaidh a bhí acu i nGránard.

Tarraingíodh aird náisiúnta ar a scéal nuair a thiomáin an craoltóir Pat Kenny thar a bhfeirm trí sheans agus stop sé chun agallamh a chur orthu faoin struchtúr aisteach.struchtúr Craoladh a scéal ar Nuacht a 6 ar an teilifís náisiúnta agus ina dhiaidh sin buanaíodh é sa scannán iomráiteach ‘Eat the Peach’ ina raibh Stephen Brennan, Eamon Morrissey agus Niall Tóibín. Tá píosa scannánaíochta de chuid acu le feiceáil sna radhairc thosaigh den scannán. Tá píosa scannánaíochta de chuid acu le feiceáil sna radhairc thosaigh den scannán.


Naisc:

  • Bailte Slachtmhara Ghránaird : https://www.facebook.com/granard.tidytown-
  • Granard Motte Community Enterprise Limited: https://www.facebook.com/GranardMotteCommunityEnterpriseLimted/
  • Cumann Staire Cheantar Ghránaird: https://www.facebook.com/GranardAreaHistoricalSociety/
  • Imeachtaí i nGránard: https://www.facebook.com/Granard-Events-430607700468348/
  • CLG Naomh Muire: https://www.facebook.com/stmarysgaa.granard/
EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life