Is féidir gurb é Portach an Mhongáin ceann de na portaigh is suntasaí ní hamháin in Éirinn nó go deimhin san Eoraip, ach sa domhan ar fad Tá sé suite in aice le mainistir Chluain Mhic Nóis, ceann de na láithreacha naofa is stairiúla ar domhan, agus tá daoine ag tabhairt cuairt ar an bportach leis na céadta bliain. Chuireadh an talamh portaigh cruinneachánach seo iontas ar oilithrigh a bhíodh ag taisteal ón Eoraip go Cluain Mhic Nóis ar feadh ‘Bhealach na nOilithreach’ (atá le hais an phortaigh agus a bhreathnaíonn amach ar an bportach) mar nach raibh aon rud mar sin le fáil in áiteanna eile san Eoraip ag an am.

SAC Phortach an Mhongáin, Samhain 2020. Pic: Skyfab/Declan Murray for NPWS

Gabh ar aghaidh na céadta bliain ina dhiaidh sin go dtí na 1970í, agus is léir gurb é Portach an Mhongáin an inspioráid a bhí taobh thiar de ghluaiseacht Ísiltíreach-Éireannach chun go leor portaigh Éireannacha a shábháil Tá páirt-úinéireacht ag An Taisce, carthanas atá ag obair chun oidhreacht nádúrtha agus thógtha na hÉireann a chaomhnú agus a chosaint.

Leantar ar aghaidh ag cur iontas ar dhaoine agus á spreagadh fós sa lá atá inniu ann agus é ar cheann de na portaigh ardaithe is fearr caomhnaithe in Iarthar na hEorpa

Meastar go bhfuil SAC Phortach an Mhongáin os cionn 9,000 bliain d’aois, agus gur foirmíodh é in imchuach idir dhá eiscir chlaonta thoir-thiar. Cruthaíodh móin dhomhain an lae inniu in imchuach locha éadomhain agus d’fhás a cruinneachán ardaithe aníos mar gheall ar charnadh móna le himeacht ama. Ar an gcéad amharc is féidir go mbeadh an chuma ar Phortach an Mhongáin go bhfuil sé beagáinín cothrom agus gan suntas ach i ndáiríre tá an tír-raon neamhrialta ar leith sin coitianta ar phortaigh ardaithe ghníomhacha chomh maith le paistí fliucha éagsúla agus flúirse linnte uisce oscailte.

Tá SAC Phortach an Mhongáin suite beagán le cois 1.5km ó Shéadchomhartha Náisiúnta Chluain Mhic Nóis agus Abhainn iontach na Sionainne, agus 12km ó dheas ó Bhaile Átha Luain Aithnítear go hidirnáisiúnta é mar cheann de na portaigh ardaithe lár tíre dheireanacha a fágadh slán (den chuid is mó) in Éirinn.

Má fhéachann tú ar fhad iomlán na Sionainne ón aer, feicfidh tú freisin gurb é an Mongán ceann de na portaigh dheireanacha réasúnta slán cois na habhann, agus dá bhrí sin, tá tuilte tromchúiseacha ag tarlú ann le blianta beaga anuas, agus cailleadh na spúinsí nádúrtha seo ar feadh a fhaid.

San amharc ón aer 20km x 12km seo ó Bing Maps, feictear Portach an Mhongáin (sa lár) scoite amach agus líonra de phortaigh stiallmhianaithe timpeall air, an mhóin a úsáideadh le haghaidh stáisiún cumhachta amhail Droichead na Sionainne agus an Féar Bán. Tá suíomh tionscadail eile dár gcuid, SAC Phortach an Fhéir Bháin, le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ag bun an ghrianghraif (Aondroim).

Clúdaíonn Portach an Mhongáin achar os cionn 205 heicteár, agus is é aidhm thionscadal LIFE cuid mhaith de sin a fheabhsú as seo go ceann cúig bliana. Is leis An Taisce thart ar 119 heicteár den suíomh iontach seo.

Is portach beo fliuch é an Mongán ina bhfuil Portach Ardaithe Gníomhach a chlúdaíonn beagnach 40% de limistéar an phortaigh ard, agus foirmíodh tulóga agus linnte thar sciar mór den dromchla. Tá dlús ard caonach sfagnaim ann – clúdach beagnach 90% i roinnt áiteanna. Tá faiche lárnach sfagnaim beo agus folláin aige, agus, dála gach portach ardaithe maith, mar is airde a théann tú ar an Mongán, mar is fliche a bhíonn sé. Clúdaíonn portach ard díghrádaithe 60% de limistéar an phortaigh ard.

Tá cuid de na tulóga ar an Mongán os cionn 150cm ar airde agus – de réir staidéir a rinne Coláiste na Tríonóide in 1987 – tá curiarracht lár tíre acu le haghaidh tulóga ardphortaigh!

Maireann réimse leathan plandaí sna tulóga, lena n-áirítear fraoch mór, fraoch naoscaí, lus na móinte, mónóg, ceannbhán, drúchtín móna agus sciollam na móna.

Tá roinnt gnéithe atá suimiúil ó thaobh na zú-eolaíochta de ag an Mongán agus cé gur portach lár tíre é, tá roinnt gnéithe agus speiceas de chuid phortaigh ardaithe an iarthair ann.

Ó thaobh radhairc de, tá an Mongán i dtírdhreach ceantair lán le gnéithe nádúrtha slána agus lán le bithéagsúlacht a thacaíonn le gnáthóga tábhachtacha (Calaí de chuid na Sionainne, eiscir, pábháil aolchloiche), rud a chuireann lena thábhacht níos mó fós.

Sa tseanaimsir bhíodh an Mongán ar cheann de na portaigh ardaithe níos lú sa cheantar, agus inniu measaimid go bhfuil 40.5% den bhunchruinneachán fós ann Ach bhí sé chomh tábhachtach céanna leis na portaigh eile cois Sionainne, agus é ag sú tuilte agus ag tacú le réimse iontach saoil. Ach tá laethanta níos fearr feicthe ag portaigh na coda seo d’Uíbh Fhailí/den Iarmhí agus tá dochar déanta don chuid is mó acu – go háirithe na portaigh níos mó – de bharr ghníomhaíocht an duine, go háirithe ó na 1960í i leith. Bhíodh an Mongán ar an bportach ba lú, ach anois tá an réimse is mó ardphortaigh ghníomhacha sa cheantar seo.

Meastar go bhfuil sraitheanna is ísle an Mhongáin i measc na sraitheanna is sine in Éirinn. Dá bhrí sin, is nasc follasach é leis an am atá caite, mar is beag athrú atá tagtha ar an bportach ó aimsir na lonnaíochta manachúla.

Tá tábhacht le caomhnú an phortaigh seo agus meastar go bhfuil níos lú ná 0.5% den bhunlimistéar ardphortaigh in Éirinn ag tacú le móin ghníomhach atá mar ghnáthóg ardphortach. Is iad seo na héiceachórais is sine a mhaireann, agus tá sé de dhualgas orainn an méid atá fágtha a choinneáil beo.

Déanfaidh tionscadal an Phortaigh Bheo píosa beag de thírdhreach iontach seo na hÉireann a athbhunú chun oidhreacht mhór a fhágáil do na glúnta atá le teacht.

Thosaigh muid á athbhunú i Meán Fómhair 2018 agus leanadh ar aghaidh leis na hoibreacha go dtí Nollaig 2018. Tar éis beagnach 4 mhí, cuireadh isteach beagnach 400 damba, agus tá líon beag fágtha le críochnú in 2021.

COMPARÁID – 1970í agus 2010

Is féidir gurb é Portach an Mhongáin ceann de na hardphortaigh dheireanacha a mhaireann feadh fhad iomlán Abhainn na Sionainne. Cuireann sé seo go mór lena thábhacht As an 310,000 heicteár (750,000 acra) de phortaigh ardaithe na hÉireann a bhí le feiceáil ar léarscáil go luath sna 1800í, deirtear nach bhfuil ach 1% gníomhach beo ina ardphortach.

Tharla formhór an damáiste a rinneadh dár bportaigh i ndiaidh an mheicnithe. Tháinig na meaisíní ar phortaigh na hÉireann sna 1940í ach ba ó na 1970í ar aghaidh a baineadh barr a réime amach i ndáiríre, agus cailleadh formhór an ardphortaigh in Éirinn le 40 bliain anuas.

Feictear é sin nuair a dhéanann tú comparáid idir na híomhánna ón aer a glacadh de Phortach an Mhongáin agus na portaigh timpeall air ag tús na 1970í agus cinn Bing Maps, a glacadh go luath in 2010.

[Portach an Mhongáin (bun ar dheis) go luath sna 1970í Pictiúr a bhuíochas do chartlanna NPWS Ní dearnadh aon rud ar na portaigh mórthimpeall ar Thaobh na Sionainne den chuid is mó, ach bhíodh baint mhóna coitianta trasna na habhann.]

[An Mongán agus an ceantar timpeall air, ó Bing Maps 2013. Ní raibh tionchar ag an meicniú ar an bportach sna 1970í, mar is léir ón bpictiúr seo, mar sin féin, bhí tionchar ollmhór aige ar shláine phortaigh Thaobh na Sionainne gar do Phortach an Mhongáin agus Cluain Mhic Nóis.]

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life