Tá portaigh Longfoirt ollmhór agus éagsúil, ach tá cuid de na portaigh beaga agus meánmhéid is breátha le fáil scaipthe ar fud an chontae, agus tá SAC Phortach Ard an Chuilinn ar cheann de na cinn is breátha acu.

Tá an portach, ina bhfuil limistéir de phortach ard agus portach réitithe, lonnaithe 5km soir ó thuaidh de Mheathas Troim agus 8km ó dheas de Ghránard, go príomha i mbailte fearainn Chluain Seannaigh (Mainéar Chúil Amra) agus Ard an Chuilinn 117 heicteár an t-achar iomlán dromchla atá in Ard an Chuilinn.

Shuiteáil an Portach Beo beagnach 800 damba ar an bportach seo le linn dhá thráinse oibre i bhFeabhra 2018 agus idir Nollaig agus Feabhra 2019. Mar chuid de na hoibreacha sin, suiteáladh damba cosanta ollmhór 700m le hais chuid réitithe an phortaigh ar an taobh thiar. Rinne sé sin leas mór láithreach don phortach mar gur fhill an fiadhúlra agus líonadh an talamh réitithe athchóirithe le flóra agus fána neamhchoitianta.

Roimh Obair na bPortach Beo ar Ard an Chuilinn] Pic: Ronan Casey

Tar Éis Obair na bPortach Beo ar Ard an Chuilinn Pic: Ronan Casey

Roimh an bPortach Beo, mheas formhór na suirbhéanna a rinneadh le gairid (2014) gur achar de bheagnach 58 heicteár a bhí sa phortach ard neamh réitithe agus gur portach réitithe a bhí sa 60 ha a bhí fágtha de thoradh cuid mhór móna a bheith bainte le meaisín ann le blianta beaga anuas agus le láimh san am a chaitheadh.

Tá réimse substaintiúil de phortach ard neamhréitithe anseo, i gcruth uathúil, cé go bhfuil an chuid is mó de rangaithe mar díghrádaithe.


Bhí portaigh ardaithe coitianta go maith i gCo an Longfoirt tráth den saol, ach forbraíodh an chuid is mó acu sin mar mhóin mheilte le 50 bliain anuas agus anois níl fágtha anois ach corr-láithreán scoite (Cross, 1990). Díscoireadh an lóba a bhfuil cruth neamhghnách air ón limistéar bunaidh portaigh, a raibh mianadóireacht dromchla déanta air le meaisíní ag roinnt úinéirí difriúla.

Cuireadh deireadh le baint na móna ar láithreán LIFE Ard an Chuilinn roinnt blianta ó shin, agus fuarthas torthaí dearfach athchóirithe as tionscadal LIFE Choillte 2004 – 2008. Mar chuid den Tionscadal LIFE Coillte sin, gearradh agus glanadh réimsí den phortach réitithe sa taobh ó dheas agus sa chuid thiar den SAC.

Breis eolais faoi Thionscadal LIFE Choillte

In ainneoin trí thaobh den phortach ardaithe triantánach á ghearradh suas go dtí an t-am ar sannadh é mar SAC, tá limistéar maith de phortach ardaithe fágtha agus tá na hionchais athchóirithe an-mhaith.

Tá láithreacha de thulóga agus locháin i lár an phortaigh ardaithe agus tá an dromchla fliuch agus é ag crith Tá borrfhás amháin i gceartlár an phortaigh aird.

Áirithe san SAC tá portach ardaithe agus ceantair máguaird de phortach réitithe, fáschoill bhuaircíneach agus féarach fliuch.

Anseo thíos tá íomhá den phortach iomlán anseo, agus is é an láithreán tionscadail atá againn ná an lóba thoir thuaidh de phortach i bhfad níos mó a bhfuil a fhormhór réitithe anois, agus in áiteanna áirithe, faoi fhoraoiseacht. Meastar nach bhfuil fágtha anois ach 8.5% den phortach ag Ard an Chuilinn a mapáladh sna 1800í.

Cé is moite de shábháil móna, bhí foraoiseacht agus feirmeoireacht i measc na n-úsáidí talún deiridh taobh istigh den SAC, agus tugadh cuid den phortach chun míntíreachais le haghaidh feirmeoireacht san am atá caite. Tá an fhoraoiseacht le fáil ar chuid bheag den phortach ard agus le hais na coda réitithe atá in iardheisceart an SAC.

Bhí roinnt dó le suntas ar chodanna den phortach ard in 2012, a raibh caillteanas gnáthóg agus damáiste do stádas hidreolaíoch an SAC mar thoradh air.

Tá an SAC roghnaithe do na gnáthóga Iarscríbhinn I seo a leanas:

• [7110] Portaigh ardaithe gníomhacha (a bhfuil rangú breise acu mar ghnáthóg tosaíochta)
• [7120]Portaigh díghrádaithe atá fós in ann athghiniúint nádúrtha a dhéanamh
• [7150] Logáin ar fhoshraitheanna móna den Rhynchosporion

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life