Tá Portach Shearbhóige suite ó dheas ó bhaile stairiúil Uíbh Fhailí, Biorra, agus is é ceann de na hardphortaigh is fearr caomhnaithe in Éirinn é. Tá Portach Shearbhóige ar cheann den bheagán ardphortach atá fágtha in Éirinn atá suite ar thuilemhá. Tá cruinneachán dea-fhorbartha de mhóin neamhghearrtha aige atá fada agus réasúnta cúng. Tá ionchais athchóirithe anseo an-mhaith.

Dála suíomh tionscadail na hIarmhí, Garascal, tá líne iarnróid phoiblí díchoimisiúnaithe ar thaobh amháin (líne Bhiorra – Ros Cré, féach an rannóg Staire) agus abhainn ar an taobh eile – agus tá nasc aige le Naomh Pádraig! Ní raibh riamh leibhéal bainte móna chomh hard anseo i gcomparáid le háiteanna eile in Uíbh Fhailí, cé go mbaintí cuid mhór ó thuaidh den phortach ag tús na 1900í. Ach is toradh ar obair bheirt fhear áitiúil a d’oibrigh le chéile chun an portach a shábháil ó bhaint innealra trom sna 1990í é an ardphortach gníomhach a bhfuil dea-riocht air sa lá atá inniu ann. Tochlaíodh cainéil draenála trasna an phortaigh am éigin i dtús na 1990í agus murach gníomhartha an Uasail Liam Egan agus an Uasail Patrick Headon, féadfaí Searbhóg a chailleadh go deo.

Clúdaíonn an láithreán iomlán 223.43 ha agus tá sé suite idir an Bhrosnach Bheag agus iomaire ardaithe aolchloiche Carbónmhar. Tá 137 ha d’ardphortach neamhghearrtha agus 86 ha de na ceantair máguaird ina bhfuil portach réitithe, féarthailte fliucha, coillearnach leathnádúrtha, agus limistéar fásra eascach fliuch ar an talamh réitithe feadh imeall thoir an phortaigh. Tá claífort iarnróid neamhúsáidte ag an imeall thoir, a nasc Biorra le Ros Cré tráth, agus tá an Bhrosnach Bheag ag an imeall thiar.

Thug conraitheoirí faoi oibreacha athchóirithe anseo in 2021 agus cuireadh isteach os cionn 400 damba. Chabhraigh siad seo leis an bportach a athfhliuchadh, ceantair d’Ardphortach Maireachtála Gníomhach a mhéadú, carbón a stóráil, uisce a ghlanadh, bithéagsúlacht a mhéadú agus go bunúsach áit níos fearr a chruthú as an bportach tábhachtach seo.

Tá aolchloch ina bhfuil tréscaoilteacht íseal agus till aolchloiche faoin bportach.

Is Limistéar Speisialta Caomhnaithe (SAC) é an láithreán a roghnaíodh do na gnáthóga agus/nó na speicis seo a leanas atá liostaithe ar Iarscríbhinn I / II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (* = tosaíocht; is iad na huimhreacha idir lúibíní cóid Natura 2000):
[7110] Ardphortach (Gníomhach)*
[7120] Ardphortach Díghrádaithe
[7150] Fásra Rhynchosporion

Cuimsíonn Ardphortach Gníomhach (ARB) limistéir de phortach ard atá fliuch agus a fhoirmíonn móin go gníomhach, áit a bhfuil clúdach céatadáin chaonaigh phortaigh (Sfagnam spp.) ard, agus ina mbíonn ar a laghad cuid de na gnéithe seo a leanas: tulóga, linnte, talamh réidh fliuch, faichí Sfagnaim, borrfhás agus maothchórais.

Foilseoidh foireann LIFE a thorthaí ag deireadh 2021, ach thug an taighde is déanaí ó 2011 agus ó 2002 le fios go bhfuil clúdach ARB ar Shearbhóg ard, os cionn 25.8ha de limistéar an ardphortaigh, sa chuid lárnach agus deisceartach den chruinneachán den chuid is mó. Agus oibreacha athchóirithe le déanamh ar an láthair idir 2017 – 2020 is é an aidhm é sin a mhéadú go dtí os cionn 40h ar an ardphortach. Tá ionchais athchóirithe anseo dearfach.

Is Ardphortach Díghrádaithe (DRB) iad na limistéir sin d’ardphortach ina bhfuil drochthionchar ag baint mhóna, draenáil agus gníomhaíochtaí úsáide talún eile ar an hidreolaíocht, ach atá in ann athghiniúint a dhéanamh ar ARB laistigh de 30 bliain.

Múnlaíodh limistéar (DRB) ar an bPortach Ard mar 29.5ha (ag Fernandez et al. 2012), ar an gcruinneachán theas go príomha ach níl mórán limistéir fhairsinge ann ina bhfuil tulóga/loig/linnte mar thoradh ar thriomú fadtéarmach de bharr baint mhóna, dó agus draenáil imeallach agus abhann.

Cuireadh dambaí in go leor de na draenacha a cuireadh isteach ar an bportach ard sna 90í agus ar limistéar thoir theas an talaimh réitithe ag deireadh na 1990í mar chuid de thionscadal comhtháthaithe an EU chun coinníollacha foirmithe móna a athbhunú. D’éirigh leis an tionscadal sin meath ARB ar an suíomh a stopadh agus a aisiompú, go pointe áirithe.

Chuir an Portach Beo leis an obair sin, limistéar an Ardphortaigh Ghníomhaigh a athbhunú agus a mhéadú beagnach dhá oiread a mhéid faoi láthair. Le ham, tiocfaidh méadú níos mó fós ar an obair athchóirithe…

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life