Is é an cuspóir caomhnaithe atá ann faoi láthair do Phortach an Fhéir Bháin ná limistéar an Phortaigh Ardaithe Ghníomhaigh a athbhunú go dtí an ceantar ina raibh sé nuair a tháinig an Treoir maidir le Gnáthóga i bhfeidhm in 1994. I gcás Portach Ardaithe Gníomhach, áirítear leis an gcuspóir athchóiriú Portach Ardaithe Díghrádaithe freisin.

Is é 43.51ha an cuspóir Ceantair don Phortach Ardaithe Gníomhach (iad ar fad ar an bportach ard) – beagnach dhá oiread an limistéir ina bhfuil portach ardaithe gníomhach cheana féin.

I measc na n-oibreacha athchóirithe rinneadh draenacha a bhlocáil, tógadh os cionn míle damba móna agus cuireadh isteach roinnt dambaí plaisteacha. Cuireadh plean bainistíochta draenála agus plean bainistíochta dóiteáin le chéile freisin.

Cuireadh tús le hoibreacha athchóirithe anseo i mí Lúnasa 2019 agus leanadh ar aghaidh leo ar feadh 4 mhí Ar an iomlán, cuireadh isteach thart ar 1,129 damba móna agus cuireadh roinnt dambaí plaisteacha isteach freisin.

Oibreacha athchóirithe ar an bhFéar Bán i rith Mheán Fómhair 2019. Photo: Ronan Casey

Thug Comhairle Contae Uíbh Fhailí cead pleanála le haghaidh éascú do chuairteoirí ar an bhFéar Bán in 2020. Beartaíodh tús a chur leis an obair ar áiseanna do chuairteoirí chun an portach iontach seo a dhéanamh níos oiriúnaí do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon i mí Lúnasa 2021. Chuidigh Bailte Slachtmhara an Fhéir Bháin agus Pobalscoil Ghailinne ar an mbaile go mór leis na pleananna. Chomh maith le comharthaí agus clár fógraí, clárchosáin, agus réimse speisialta aimsithe Mháire Nic an Bhaird do thionscadail eolaíochta agus bithéagsúlachta, déanfar cosáin agus bóithre atá ann cheana féin a fheabhsú mar aon le háiteanna páirceála agus limistéar pobail.

Obair shuirbhé d’éascú cuairteoirí ar an bportach in 2019

Is rogha iad na clárchosáin, ar nós an ceann seo i gContae Laoise, chun luach taitneamhachta phortaigh ardaithe na hÉireann a mhéadú

AMUIGH AR AN BPORTACH

Is é an cuspóir maidir le Struchtúr agus Feidhmeanna (S&Fs) ná gur chóir go mbeadh leath ar a laghad de limistéar an Phortaigh Ardaithe Ghníomhaigh comhdhéanta den éiceatóp lárnach agus den bhorrfhás gníomhach (i.e. na cumainn fásra níos fliche). Socraíodh na luachanna seo mar Luachanna Tagartha Fabhracha.

Ba chóir go mbeadh Portach Ardaithe Díghrádaithe fós in ann athghiniúint a dhéanamh. De réir an lámhleabhair léirmhínithe, beifear in ann athghiniúint a dhéanamh ar ‘phortach ardaithe gníomhach’ i gceann 30 bliain má chuirtear bearta cuí i bhfeidhm (i.e. níl aon mhórghníomhaíochtaí tionchair ann agus cuirtear aon oibreacha athchóirithe riachtanacha i bhfeidhm).

San am a chuaigh thart measadh go raibh an limistéar gnáthóg ar fad ina phortach ard nár measadh a bheith gníomhach, ach ní ghlactar leis sin anois mar ní féidir cuid mhór den phortach ard a athbhunú go gníomhach a thuilleadh (féach DAHG 2014). Meastar go bhfuil an portach ard neamhghníomhach eile ag tacú le gnáthóga Iarscríbhinn I ar an bportach ard. Cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch atá sa ghnáthóg thacaíochta seo atá de dhíth chun tacú le gnáthóga ar ardphortach, bíodh siad gníomhach nó díghrádaithe.. Is cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch í an ghnáthóg tacaíochta seo chun tacú le gnáthóga Portaigh Ardaithe Gníomhacha agus Díghrádaithe.

Athchóiriú ar phortach réitithe ag Portach Choillidh Chonnaidh, Co. an Chabháin.

Ina ainneoin sin, aithnítear go bhféadfadh tréimhse fhada ama (i.e. thar 30 bliain) a bheith ag teastáil tar éis oibreacha athchóirithe cuí a dhéanamh ar na portaigh réitithe chun go bhforbróidh an ghnáthóg.

Léirigh oibreacha athchóirithe a rinneadh ar phortach réitithe thiar i gceann eile dár suíomhanna tionscadail, SAC Phortach Choillidh Chonnaidh, le tionscadal LIFE roimhe seo gur fhás fásra ‘portach ardaithe gníomhach’ 8 mbliana tar éis dóibh seo a dhéanamh. Bunaithe ar an dlúthchaidreamh éiceolaíoch idir An Portach Ardaithe Gníomhach, An Portach Ardaithe Díghrádaithe agus lagraigh Rhynchosporion, meastar gur cheart coinníoll caomhnaithe fabhrach do ‘Phortach Ardaithe Gníomhach’ a bhaint amach ar an suíomh, ansin, dá réir sin, go mbainfí amach coinníoll caomhnaithe fabhrach don dá ghnáthóg eile freisin.

 

Is portach réasúnta mór ardaithe é SAC Phortach an Fhéir Bháin. Tá achar dromchla de 153.08 heicteár aige agus tá sé suite siar ó thuaidh ó bhaile an Fhéir Bháin . As an 12 láithreán tionscadail atá againn is é seo an ceann is gaire do bhaile.

Tá sé ar cheann de shé phortach in Uíbh Fhailí ar suíomhanna tionscadail LIFE iad, agus tá sé ar cheann de na samplaí is fearr de phortach ardaithe lár tíre den chineál imchuach – fliuch agus spúinsiúil agus saibhir i bhflóra (in amanna clúdaíonn Sfagnam 100% in áiteanna). Tá beagnach 100 speiceas faoi bhláth ar an bportach ard, agus  tacaíonn an portach ina iomláine le líon mór éan, mamach agus amfaibiach, agus chonacthas an Crotach atá faoi bhagairt anseo le déanaí I measc na n-éan eile a bhíonn i bPortach an Fhéir Bháin tá Naoscach, Riabhóg mhóna, Fuiseog, Meirliún, Pocaire gaoithe agus Spioróg.

Sular tugadh faoi oibreacha athchóirithe, bhí portach ard neamhleanúnach den chuid is mó ar an suíomh (119.96ha) agus banda caol de phortach réitithe (33.12ha) timpeall air mar thoradh ar ghearradh móna roimhe seo. Portach an-fhliuch a bhí i thart ar 27% de dhromchla ard an phortaigh agus an chuid eile díghrádaithe den chuid is mó mar gheall ar an dochar a rinneadh do hidreolaíocht nuair a bhí gearradh móna, draenáil agus gníomhaíochtaí úsáide talún eile ar siúl.

Ach, cé gur féidir 72% den phortach ard a aicmiú mar phortach díghrádaithe, tá sé fós in ann athghiniúint a dhéanamh.

D’fhulaing Portach an Fhéir Bháin mar gheall ar dhraenáil fhairsing san am atá thart, agus an deisceart agus an t-oirthear trasnaithe ag draenacha. Mar gheall ar an draenáil, thriomaigh an portach agus cailleadh uisce, chuir an gearradh móna roimhe seo go mór le cailleadh uisce freisin, chomh maith le bruacha éadáin nochta agus draenacha arda portaigh. Thug flúirse péine i dtrí chuid den phortach le fios freisin go bhfuil an suíomh seo ag triomú.

Cé gur fhulaing an portach ard ó thaobh na hidreolaíochta de, tá sé fós i riocht fabhrach, in-athúsáidte agus tá sé saibhir i bhflóra agus fána. Tháinig deireadh le gearradh móna ar an bhFéar Bán sa bhliain 2011 agus ina dhiaidh sin.

Ceannbhán (Eriophorum angustifolium) – planda do thalamh taise móna An raibh a fhios agat gur ainmníodh an Féar Bán ina dhiaidh? Tá an Féar Bán coitianta sa taobh seo tíre.

D’fhonn hidreolaíocht Phortach an Fhéir Bháin a athbhunú, chuir foireann tionscadail LIFE bac ar bheagnach 16,000 méadar de dhraenacha, i measc gníomhartha athchóirithe eile. Rinneadh oibreacha athchóirithe anseo idir Lúnasa 2019 agus Nollaig 2019, agus cuireadh isteach beagnach 1,200 damba móna agus roinnt cinn phlaisteacha.. Rinneadh níos mó oibreacha anseo i gcomparáid le suíomhanna eile tionscadail, agus níor cuireadh isteach níos mó dambaí in aon áit seachas i bPortach Cheathrú na gCapall i nGaillimh.

Oibreacha athchóirithe á ndéanamh ar Phortach an Fhéir Bháin Pic: Rebecca Teasdale.

Is sampla breá é Portach an Fhéir Bháin de phortach ardaithe agus tá tábhacht nach beag ag baint leis ó thaobh caomhnaithe de. Tá titim ag teacht ar líon na bportach ardaithe gníomhaigh in Éirinn agus san Eoraip, agus tá an Féar Bán ar cheann de na samplaí is fearr dá bhfuil fágtha.

Roghnaíodh portach an Fhéir Bháin mar iarrthóir le haghaidh Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta (cSAC) do Phortaigh Ardaithe Gníomhacha 7110, Portach Ardaithe Díghrádaithe 7120 agus Lagraigh ar fhoshraitheanna móna (Rhynchosporion) 7150 – gnáthóga atá liostaithe ar Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (992/43/CEE), áit a ndéantar Portaigh Ardaithe Gníomhacha 7110 a rangú tuilleadh mar ghnáthóg “tosaíochta”.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life