Sampla ar fheabhas d’ardphortach lár tíre agus ceann de na portaigh is doimhne atá fágtha in Éirinn is ea SAC Phortach an Ráithín Mhóir agus é ar cheann de na suíomhanna tionscadail LIFE is fearr – agus is ámharaí.

Tá achar dromchla de níos mó ná 210 heicteár ag an Ráithín Mór agus is é seo ceann de na cinn is mó dár 12 shuíomh. Tá móin an Ráithín Mhóir an-domhain – 15m in áiteanna. Bhíodh móin á baint ann ach ní bhaintí an oiread céanna le portaigh eile sa chontae (lena n-áirítear an portach díreach in aice láimhe) ina n-úsáidtí meaisín go forleathan. In ainneoin go bhfuil cuma iontach air sa lá atá inniu ann tá go leor obair athchóirithe fós ag teastáil.

In éineacht leis na portaigh eile in Uíbh Fhailí, Portach Chlóirthigh agus an Mhongáin, tá sé ar cheann de na hardphortaigh ar a ndearnadh an méid is mó taighde in Éirinn. Má fhéachann tú ar léarscáil ón aer d’Éirinn feicfidh tú gurb é seo ceann de na hardphortaigh Oirthearacha dheireanacha sa tír.

Tugadh faoi oibreacha athchóirithe anseo idir Feabhra agus Aibreán 2020, agus cuireadh isteach 150 damba móna san iomlán chun cabhrú le hathchóiriú éicea-hidreolaíoch an phortaigh seo –cuireadh leis na hoibreacha athchóirithe a rinne NPWS roimhe seo.

Téann stair an phortaigh bheo seo siar os cionn 10,000 bliain, ach tharla ceann de na bearta is suntasaí i mBliain Chaomhnaithe na hEorpa, in 1970, bliain a thug an spreagadh tosaigh chun portaigh in Éirinn a chaomhnú.

Scríobh Oifigeach Eolaíochta Bhord na Móna, Tom Barry, faoin ngá le samplaí maithe dár n-oidhreacht nádúrtha a chaomhnú agus chinn an comhlacht an Ráithín Mór (chomh maith le cuid d’Eanach Bhaile Pholaird) a cheannach chun cabhrú le Bliain Chaomhnaithe na hEorpa. Bronnadh na suíomhanna seo ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa deireadh. Ina dhiaidh sin, bhí cáil idirnáisiúnta ar an Ráithín Mór nuair a roghnaíodh é féin agus Clóirtheach mar shuíomhanna le haghaidh Staidéar Nuálach na hÍsiltíre ar Ardphortaigh na hÉireann in 1989.

Idir an dá linn, tharla roinnt obair athchóirithe ar an suíomh. Tabharfaidh an tionscadal LIFE faoina bhfad níos mó oibre, rud a chuirfidh feabhas ar achar iomlán an Ardphortaigh Ghníomhaigh trí bhreis agus 20 heicteár a chur leis an gclúdach ardphortaigh 40% ARB atá ann cheana féin.

Is ardphortach uathúil é an Ráithín Mór ó thaobh an tionscadail seo de. D’fhorbair sé in imchuach beag in abhantrach dhá mhórchóras abhann – an Bhrosnach agus an Bhóinn. Tá sé suite thart ar 5km ón Daingean i gContae Uíbh Fhailí agus 12km ó bhaile contae Thulach Mhór. Tá sé gar go leor freisin don suíomh tionscadail LIFE is mó, SAC Phortach Chlóirthigh, agus bailte na hIarmhí freisin – Bealach an Tirialaigh agus Cill Bheagáin.

Is é 130.54ha achar iomlán an ardphortaigh réitithe agus is portach gearrtha den chuid is mó é an 79.47 ha eile atá ina thoradh ar bhaint mhóna roimhe seo.

Sular tháinig muid, rinneadh suirbhéireacht ar an bportach le déanaí mar chuid de Thionscadal Monatóireachta na nArdphortach in 2011 (Fernandez et al.) Dar leis an taighde sin, clúdaíonn Ardphortach Gníomhach (ARB) 52.31ha (40.07%) den limistéar ardphortaigh. Sa sampla ARB is airde cáilíochta tá faichí Sfagnaim, linnte, tulóga agus loig. Tá clúdach Sfagnaim 90% in áiteanna áirithe. Bíonn maoschórais ghníomhacha a chruthaíonn móin in ARB freisin.

Clúdaíonn Ardphortach Díghrádaithe 78.23ha (59.93%) den limistéar ardphortaigh. Bíonn sé níos tirime ná Ardphortach Gníomhach agus tacaíonn sé le dlús níos ísle caonaigh Sfagnaim. Bíonn micreatopagrafaíocht nach bhfuil chomh forbartha aige agus is gnách nach mbíonn linnte buana ná faichí Sfagnaim ann.

Bíonn lagraigh ar fhoshraitheanna móna den Rhynchosporion le fáil in Ardphortach Gníomhach agus Díghrádaithe araon, ach is gnách go ndéantar an fhorbairt is fearr agus is tibhe orthu sna ceantair is fliche d’Ardphortach Gníomhach. Bíonn córas tulóg agus log dea-fhorbartha ag an bportach.

Is í aolchloch Charbónmhar an bhuncharraig, agus tá till oighreach gairbhéalach agus sil-leagan locha os a chionn seo.

Tá draenacha doimhne forimeallacha timpeall ar an bportach, cuid acu chomh domhain le 4m. Tá draenacha dromchla ann freisin, ar an taobh thoir den phortach den chuid is mó, agus téann cuid acu seo siar go dtí tús na 1800í. Tá tionchar ag draenáil ar struchtúr ghnáthóg an phortaigh. Mar thoradh ar bhaint mhóna ar imeall an phortaigh, tháinig laghdú ar an maoschlár laistigh de na ceantair shlána ardphortaigh taobh leis. Cuireadh deireadh le baint mhóna ach tá seanbhruacha éadain agus draenáil ar thalamh réitithe tar éis drochthionchair a bheith aige ar ghnáthóga an ardphortaigh le tamall anuas.

Cé gur fhulaing an chuid thoir thuaidh den phortach nuair a dódh é roimhe seo, ní raibh aon tionchar ag an gcleachtas seo ar fhormhór an tsuímh le blianta beaga anuas.

A bhuíochas le tionscadal LIFE, is iondúil go mbíonn na hionchais do Phortach an Ráithín Mhóir go maith. Tháinig torthaí dearfacha ó oibreacha a rinneadh roimhe seo ar an bportach, agus is é an aidhm tógáil orthu seo. Foilseoimid torthaí ár saothar anseo in 2021.

An Ráithín Mór (agus ciorcal thart air) ag féachaint soir go Baile Átha Cliath… Is é seo ceann de na portaigh dheireanacha réasúnta slán atá fágtha soir ó Abhainn na Sionainne… Pic: Bing Maps

Is é Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh an sampla is fearr atá fágtha de phortach ardaithe in Éirinn sa lá atá inniu ann agus is é an láithreán tionscadail is mó atá againn. Clúdaíonn sé thart ar 840 heicteár ina bhfuil thart ar 443.36ha de phortach ard gan ghearradh agus 393.18ha de phortach gearrtha (mar thoradh ar bhaint mhóna agus ar fhómhar móna roimhe seo). Tá na céadta speiceas plandaí agus ainmhithe ann, agus go leor plandaí neamhchoitianta nach bhfaightear ach amháin sa suíomh seo.

Tá Portach Chlóirthigh ar cheann de na portaigh ardaithe is tábhachtaí san Eoraip, agus é ar an sampla is mó atá fágtha den fhíor-Phortach Ardaithe Lár Tíre. Léiríonn sé an chaoi a raibh tírdhreach an réigiúin seo le feiceáil uair amháin agus ansin go ndeachaigh sé timpeall ar an talamh máguaird. Tharla athruithe sa phortach le 10,000 bliain anuas, ach b’fhéidir gur sa 200 bliain deireanach a tharla na hathruithe is mó, nuair a bhíodh an mhóin á baint agus bóthar á chruthú díreach tríd. Ó cuireadh bóthar isteach, tá an portach tar éis crapadh go mór.

 

Aghaidh athraitheach Phortach Chlóirthigh i gContae Uíbh Fhailí le 200 bliain.

Ach cuireadh stop leis an gcrapadh, agus rinneadh iarrachtaí dáiríre é a shábháil sna 1960í. Tá sé faoi chosaint ó shin i roinnt ainmniúchán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta é, láithreán Natura 2000, Anaclann Dúlra Náisiúnta, Suíomh Bogaigh RAMSAR, agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha.

Tá Ionad Cuairteoirí ar buadh gradaim lena haghaidh ann chomh maith le clárchosáin lúbtha agus turais agus imeachtaí rialta agus tugtar blaiseadh iontach de bhreis agus 10,000 bliain den stair sna deich gciliméadar cearnach atá thart ar Phortach Chlóirthigh. A bhuíochas ar Chlár LIFE agus ‘An Portach Beo’, beidh portach ardaithe níos gníomhaí i SAC Phortach Chlóirthigh ná mar a bhí ag aon chéim le 25 bliain anuas.

Tiocfaidh feabhas ar na céadta heicteár idir seo agus 2020 mar gheall ar oibreacha athchóirithe, agus is é 180 heicteár an cuspóir ceantair do Phortach Ardaithe Gníomhach Chlóirthigh. Is ionann sin agus thart ar an deichiú cuid den Phortach Ardaithe Gníomhach go léir atá fós in Éirinn tar éis ár gcreachadh mórdhíola de na portaigh.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life