Tráth dá raibh (le gairid) bhí Portach Choillidh Chonnaidh mar ionad d’ócáid fíor-Éireannach: ‘Lá ar an bPortach’ an Mhullaigh.
Is féidir leat tuilleadh a léamh maidir leis an ábhar ANSEO in alt cartlainne an IRISH TIMES (tabhair ar aird, le do thoil: Go bhféadfadh gá a bheith le síntiús chun an t-alt seo a léamh ina iomláine):
A bhuíochas don fhear áitiúil, Jim Smith, Ráth an Tamhain, Mullach, Contae an Chabháin, a raibh spéis aige Portach Choillidh Chonnaidh a chaomhnú le blianta fada, cuirimid píosa scannánaíochta neamhghnách agus athshlánaithe de thrí imeacht pobail ‘Lá ar Phortach an Mhullaigh i láthair óna blianta 1997, 1998 agus 1999.
Is iad Iontaobhas Naomh Cillian a d’eagraigh na laethanta seo Is éard a bhí mar aidhm an pháirt a bhíodh ag an bportach i saol na tuaithe a athchruthú agus ag an am céanna cur leis an tábhacht a bhaineann le caomhnú a dhéanamh ar an méid is féidir dár bportaigh ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht. Bhí clár a bhí lán le himeachtaí i gceist le gach aon cheann, lena n-áirítear:
• Turas treoraithe ar an bportach
• Siúlóidí Flóra agus Fána
• Tumadh Locháin agus Fiadhúlra
• Taispeántas bhaint mhóna agus comórtas baint mhóna
• Taispeántas d’uirlisí a bhíodh in úsáid ar an bportach – ón tsleán go baraí go ceardaíocht portaigh go ‘beesoms’ fraoigh (scuaba)
• Mionfheirm
• Ceol agus amhráin traidisiúnta
• Seanchas agus coiméide
• Rince Gaelach
• Sólaistí, agus go leor eile…
Tá an t-ádh orainn go bhfuil scannánaíocht déanta ag Jim ar na himeachtaí seo agus beidh na píosaí scannánaíocht athshlánaithe seo ann do na glúnta le taitneamh a bhaint astu Scríobh chugainn, seol ríomhphost chuig: ronan.casey@ahg.gov.ie nó cuir glaoch ar 076 1002627 le do thoil, má fheiceann tú duine éigin a aithníonn tú ionas go mbeidh ar a gcumas na daoine atá sna scannáin a aithint, agus déanfaimid iarracht na teidil chreidiúna a thabhairt cothrom le dáta Is le Jim Smith na físeáin. Tá fáilte romhat faisnéis a roinnt ar na meáin shóisialta chun ardán maidir leis an am a caitheadh a thabhairt do Diaspóra an Chabháin agus na Mí.
1997
Reáchtáladh Lá ar an bPortach de chéad uair sa bhliain 1997 agus is lá stairiúil a bhí ann don Chabhán, mar go bhfuair siad an lámh in uachtair ar Dhoire agus iad ainmnithe mar Sheaimpíní Ulaidh. Bhí an-chraic ag baint le himeacht an phortaigh, mar atá mionsonraithe thíos i bhfíseán Jim agus níos faide ar aghaidh san fhíseán, tháinig roinnt d’imreoirí an Chabháin chuig Mullach leis an gcorn, agus bhí ceiliúradh go maidin ar an bportach agus ar na sráideanna araon!
1998
Tháinig méadú ar an imeacht sa bhliain 1998 agus d’éirigh thar barr leis agus bhain an slua mór taitneamh as flaithiúlacht an Mhullaigh. Bhí neart le feiceáil agus le déanamh, agus fíoraíodh an tábhacht a bhaineann leis an bportach a chaomhnú agus bhain clú agus cáil amach go háitiúil. Bliain stairiúil a bhí sa bhliain 1998 freisin nuair a ainmníodh an portach go hoifigiúil mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta tar éis don Uachtarán, Michael D Higgins an Treoir maidir le Gnáthóga a shíniú an bhliain roimhe sin.
1999
Bliain iontach eile a bhí sa bhliain 1999 don Lá ar Phortach an Mhullaigh, mar a léirítear i bhfíseán Jim agus an pobal ag tabhairt tacaíochta dó Faraor, in ainneoin na spéise agus an aimsir a bheith thar barr agus a mhair ar feadh trí lá, b’sin an uair dheireanach a reáchtáladh an t-imeacht…go ceann tamaill…
2017
Rinne coiste ar a raibh comhaltaí d’fhoireann LIFE agus Comhairle Oidhreachta Naomh Cillian athbheochan ar an imeacht sa bhliain 2017, le himeacht ar scála beag ar siúl an Satharn, 26 Lúnasa, mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta Réiteoidh an t-imeacht seo an bealach d’imeachtaí pobail ar an bportach a bheidh níos mó amach anseo.
Mar a tuairiscíodh ar ár leathanach BLAG AN PORTAIGH, bhí slua mór i láthair don imeacht, agus clúdaíodh gach gné a bhain leis an bportach, óna laethanta baint mhóna go pleananna athshlánaithe an lae inniu.
Cuireadh tús leis an lá le taispeántais de threalamh bainte móna agus cainteanna in Ionad Oidhreachta Naomh Cillian i mBaile an Mhullaigh, in onóir baint mhóna ar an bportach san am a caitheadh. A number of local elders spoke about the days on the bog before the large crowdLabhair líon de sheanóirí na háite maidir leis na laethanta ar an bportach sular tugadh an slua mór ar bhus chuig SAC Phortach Choillidh Chonnaidh do shiúlóid le Ronan Casey agus Jack McGauley D’fhreastail os cionn 50 duine agus bhí tuilleadh fágtha ag an ionad mar gheall ar chomh hard agus a bhí éileamh! Ní daoine áitiúla amháin a bhí sa slua, bhí turasóirí ann ón Áise, ón mBreatain Mhóir agus ó Mheiriceá, chomh maith le daoine as Doire, Baile Átha Cliath, Ceanannas, an Uaimh, Droichead Átha agus na meáin áitiúla, (Anglo Celt) agus ionadaithe Chomhairle Contae an Chabháin agus bain siad go léir taitneamh as an tsiúlóid fhaisnéiseach ar imeall SAC Phortach Choillidh Chonnaidh. It is hoped the event will be built on for next year and there is considerable local community enthusiasm and involvement for it to grow.
Seiceáil gailearaí na ngrianghraf anseo maidir leis an lá.
SEANPHICTIÚIR
A bhuíochas don fhear áitiúil Brendan Clarke, seo roinnt de na cuimhní fótagrafacha maidir leis na chéad imeachtaí do ‘Lá ar an bPortach’ sa bhliain 1998 go príomha.
IS portach ardaithe 191 heicteár é SAC Phortach Choillidh Chonnaidh (a dtugtar Portach Chloch Bhaile agus Portach an Mhullaigh air go háitiúil) díreach taobh amuigh de bhaile stairiúil an Chabháin, An Mullach. Is portach iontach é a raibh tábhacht mhór leis sa phobal áitiúil leis na glúnta, agus tá a shuíomh uathúil mar ní hamháin gurb é an suíomh tionscadail is tuaisceartaí é, ach is é an t-aon suíomh tionscadail LIFE a roinneann dhá chontae é: an Cabhán agus an Mhí. Deirtear go raibh ceangail ag Aspal Franconia, Naomh Cillian, leis an bportach iontach seo.
Tá an portach i gcroílár an phobail áitiúil leis na blianta fada, agus tugadh aird fhorleathan air sna 1990í nuair a tháinig an pobal áitiúil le chéile chun trí fhéile ‘Lá ar an bPortach‘ a reáchtáil.
I líne dhíreach trasna na tíre, tá an portach thart ar leathshlí idir Achadh an Iúir agus Ceanannas ar theorainn an Chabháin/na Mí. Roinneadh an portach go stairiúil i gcúig bhaile fearainn éagsúla: Cloch Bhaile; Feartach; Liatroim; Coillidh Chonnaidh; agus Fiodh gCat.
Chothaigh na loig idir cnoic an chuid álainn seo den tír go leor portach ardaithe, ach sa lá atá inniu ann is beag portach ardaithe atá fágtha i réigiún an oirthuaiscirt agus is é portach Choillidh Chonnaidh an ceann is fearr forbartha atá fágtha. Tá sé neamhghnách de bhrí gur fhorbair sé le dhá ghob ar lochanna ársa in aice láimhe. De réir mar a d’ardaigh na portaigh taobh le taobh thar na mílte bliain, bhog siad anonn i dtreo a chéile. Sa lá atá inniu ann tá stráice cúng portaigh á dtabhairt le chéile, agus tá cruth fhíor a hocht ar an bportach.
Cé go ndearnadh draenáil imeallach agus gearradh imeallach in áiteanna agus cé go bhfuil turnamh ar an imeall, tá na codanna lárnacha den phortach réasúnta slán mar nach ndearnadh mórán draenála riamh ar an ‘bportach ard’. Rinneadh roinnt oibreacha athchóirithe ar an bportach seo san am atá thart (lena n-áirítear tionscadal LIFE04 NAT/IE/000121) agus baineadh amach torthaí fabhracha. Tríd is tríd, tá ionchais mhaithe athchóirithe ar Choillidh Chonnaidh agus is é aidhm an tionscadail beagnach trí oiread na limistéir atá ann cheana féin den Phortach Ardaithe Gníomhach (ARB) a athchóiriú ar an bportach ard trí chlár athchóirithe atá dírithe ar an maoschlár a ardú.
Is Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) é an portach seo a roghnaíodh do Phortaigh Ardaithe Gníomhacha 7110 agus Portaigh Ardaithe Díghrádaithe 7120 – gnáthóga atá liostaithe ar Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (992/43/CEE), áit a ndéantar Portaigh Ardaithe Gníomhacha 7110 a rangú tuilleadh mar ghnáthóg “tosaíochta”. Tá lagraigh ar fhoshraitheanna móna an Rhynchosporion (cód AE 7150) le fáil anseo freisin.
Tá meanma iontach pobail i dtimpeallacht an phortaigh Bhaineadh go leor daoine taitneamh as Coillidh Chonnaidh le blianta fada, idir fhéilte ‘Lá Portaigh an Mhullaigh’ sna 1990í agus bhealaí siúil timpeall an phortaigh sa lá atá inniu ann. Is iomaí cuimhne atá ag muintir na háite ar a bheith ag obair ar an bportach agus baint mhóna i mbarr a maitheasa (féach LEATHANACH STAIRE).
Tá baile an Mhullaigh ar cheann de sheoid na hÉireann agus tá acmhainní oidhreachta agus turasóireachta iontacha aige. Gach bliain tugann na mílte turasóirí cuairt ar an gceantar chun naisc an bhaile le Naomh Cillian a cheiliúradh, aspal Franconia ón 7ú agus ón 8ú hAois, agus Easpag Misinéireachta na hÉireann, a rugadh gar do Phortach Choillidh Chonnaidh. Bíonn Ionad Oidhreachta Naomh Cillian ar an mbaile i gcroílár gach rud a tharlaíonn sa cheantar, agus is túsphointe iontach é chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Phortach Choillidh Chonnaidh agus an ceantar máguaird.