D’fhás John K Lynch suas sa Mhullach agus tá cuimhne mhaith aige ar a bheith ag obair ar an bportach os cionn 50 bliain ó shin. Roinneann sé na cuimhní sin linn anseo*

Tá “Scéal Portach Choillidh Chonnaidh, Portach Chloch Bhaile Íochtarach, Portach Liatroma, an Portach Mór, nó pé ainm a thugann tú féin air, ar na bacáin le bheith mar fhoinse taitneamhachta de scoth sna blianta atá romhainn… mar sin ní neart go cur le chéile, cinnteoimid go n-éireoidh leis.

Clúdaíonn limistéar an phortaigh atá i gceist faoi láthair 190 heicteár (472 acra). Mar sin féin, is díol spéise an Down Survey ar thug William Petty faoi in Éirinn ó 1656 go 1658. Ba é seo an chéad suirbhé talún sa domhan ar tugadh faoi, trínar glacadh seilbh ar thailte úinéirí talún Caitliceacha na hÉireann agus roinneadh iad ar shaighdiúirí an Chomhlathais agus ar Eachtránaithe eile. Taispeántar i léarscáileanna an tSuirbhé stráice mór leanúnach de phortach – 1,709 acra, 1 cheathrú acra agus 24 péirse (691 ha) a shíneann Soir ó Dheas ó Murmod chuig bailte fearainn Liatroma/Fiodh na gCat agus Coillidh Chonnaidh ar theorainn Chontae na Mí, agus tugadh “an Port Mór” agus “an Portach Dearg” orthu faoi seach.

Ní bheadh bealach isteach chuig an limistéar den chuid is mó ag an am sin, bheadh sé faoi uisce gan struchtúr bóithre agus do-aitheanta dúinne go bunúsach sa lá atá inniu ann. Roimh an Suirbhé Cromalach, thagrófaí don limistéar go háitiúil sa teanga labhartha ag an am, an Ghaeilge. Bhí fréamhacha Feegat san oirdheisceart san Fhoirm Ghaelach den ainm “Fiodh na gCat” aistrithe go “The Wood of the Cats” – cait fhiáine/fia-chait a bheadh iontu seo, ar an dóigh chéanna ach i bhfad níos mó ná cat tí an lae inniu agus bhí siad thar a bheith coitianta faoin tuath. Dúirt an Dr. Philip O’Connell, staraí aitheanta i dtús na 1900aidí, agus ón gceantar ó dhúchas, go dtugtaí Monuorogata Bog” – Moinfhear na gCat” ar an bPortach Mór freisin – sé sin móinéar riascach nó portach na gcat. Tá an 190 ha de Phortach Choillidh Chonnaidh mar a thagraítear dó go hoifigiúil inniu, mar bhí sé go topagrafach os cionn 350 bliain ó shin.

Tá cuimhní maidir leis an bportach ag imeacht as cuimhne na ndaoine agus ní bréag a rá go gceanglaíonn daoine an focal le criathrach fliuch de sheascann nó riasc – áit fhiáin ghruama lena bheith ann, go háirithe le linn drochaimsire – áit a bhféadfadh duine imeacht gan tásc ná tuairisc, gan fáil a bheith air/uirthi tar éis a bheith slogtha síos sa phuiteach dubh! Ar ndóigh tá portaigh i bhfad níos spéisiúla ná sin. Is taiscumar atá iontu agus leabharlann ar fhlóra na talún le os cionn na mílte bliain agus aithnítear iad mar linn charbóin tábhachtach don domhan. Tar éis den leathán oighir a chlúdaigh an tír seo thart ar 15,000 bliain ó shin cúlú, bhí an bealach réitithe do chruthú portaigh. Tá portaigh na hÉireann idir 5,000 agus 10,000 bliain d’aois.

Seasann siad amach os comhar an domhain mhóir agus tá siad mar ghné ríthábhachtach de thírdhreach na hÉireann. Ní mór na portaigh, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, a bheith báite chun fás a bhaint amach agus cruthaíonn sé sin fadhbanna do thalamh talmhaíochta atá cóngarach dóibh, ach is féidir an fhadhb seo a shárú. Rinne ár sinsir gníomhartha uafásacha ar dhaoine eile, chuir i bportaigh iad agus fágann an leasaitheach nádúrtha atá sna portaigh móna – tainnin – coirp atá caomhnaithe go hiomlán againn nuair a aimsítear iad na céadta bliain ina dhiaidh sin – cé go mbíonn an craiceann ar dhath donn ar nós an leathair. Tugann scrúduithe le seandálaithe fóiréinseacha tuiscint níos fearr duine maidir le haiste bia, stíl mhaireachtála, aois srl., an duine a fuair bás. Déanaimid cur síos ar tháirge an phortaigh mar mhóin (turf), an focal céanna a úsáidtear sa Ghearmáinis agus úsáidtear an focal móin (peat) sa Bhéarla. Bhain na portaigh, chomh fada is a bhain sé lenár gcomharsana ar an oileán is cóngaraí dúinn leis na Gaeil agus, dá bhrí sin, déanann siad cur síos ar bhealach díspeagúil ar mhuintir na hÉireann mar “boggies”. Is dóigh gur mar thoradh ar fhormhór na tírdhreacha a bheith clúdaithe le portaigh a bhí an dearcadh sin acu, ach bhí na portaigh leis na céadta bliain mar an t-aon fhoinse breosla chun tithe primitíbheacha agus tithe nua-aimseartha a théamh suas go dtí an lá atá inniu ann. Tá astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ar roinnt de na cúiseanna a chinntíonn anois gur áiteanna oidhreachta nádúrtha caomhnaithe agus láithreáin mion-seandálaíochta tionsclaíoch in éineacht le traidisiúin a bhaineann le béaloideas na portaigh atá fanta againn.

Móin á tabhairt abhaile ó Choillidh Chonnaidh

Tá “a bheith ar an bportach” ar cheann den na cuimhní is faide siar atá agam, bhí mé cúig bliana (5) d’aois ag an am sin, sa bhliain 1955.

Bhí “bruach” nó portach móna againn san áit ar thugamar Portach Liatroma air agus tháinig sé sin le feirm thalún. Bhí na bruacha móna tomhaiste i bpéirsí (agus ní iasc atá i gceist!) – tá 1 phéirse ar chomhfhad le 5.5 slat arbh ionann é agus thart ar 5 méadar. Bhain m’athair (Harry) agus mo sheanathair (John) móin an samhradh sin.

Bhí an “bruach” móna in aice láimhe ag John agus Mat Reilly, b’as Liatroim chomh fada agus is cuimhin liom don bheirt, bhain siadsan móin an séasúr sin freisin. Bhíodh John Bracken, John Gibney, Nicholas Dolan, Baile an tSléibhe, George Bough, Ráth an Tamhain, Patsy Cassidy, Shancarnan, Jimmy Smith, as Liatroim ag obair go rialta ar thaobh Ráth an Tamhain den phortach céanna. Tá beagán cuimhne agam freisin ar Peter Lynch, as Liatroim ag obair ar an bportach áit éigin in aice linn. Bhíodh comhrá againn le John Travers agus le beirt nó triúr bainteoirí móna eile ar thaobh Choillidh Chonnaidh, ach ní cuimhin liom a gcuid ainmneacha.

Bhí Portach Liatroma sách ciúin i gcomparáid le taobh Ráth an Tamhain agus Cloch Bhaile Íochtarach, áit a bhí thar a bheith gnóthach. Tá cuimhne ghrinn agam go raibh teorainn an bhruaigh a bhí againne marcáilte le crann fia-úll a chuir mo sheanathar blianta roimhe sin agus a bhí ag fás ansin go dtí le gairid. Marcóir iontach a bhí sa chrann a chuidigh linn an bruach a dhéanamh amach mar go raibh gach bruach móna cosúil le chéile. Chomh maith leis sin bhí crainn feá aibí curtha ar bhruacha phortaigh Lynch agus Reilly araon. Is cosúil gur chuir an dá theaghlach na crainn i bhfad siar – os cionn 100 bliain ó shin – cé go bhféadfadh sé nach bhfuil sé sin fíor go hiomlán ar chúiseanna eile. Bhí an bruach móna seo gar go maith do bhaile fearainn Ráth an Tamhain, ach chun dul chomh fada leis bhí achar fada le taistil ar bhóthar poiblí suas go Liatroim ag tógáil an lána ar dheis síos go dtí an portach, ag trasnú na “ceise” thar an bpríomhdhraen agus isteach ar lár an phortaigh – achar a bhí os cionn 1 míle. Blianta ina dhiaidh sin, i dtús na 1960aidí, thug mé cúnamh do m’athair leis na crainn feá a ghearradh le cros-sábh. Bhain na Reillys roinnt dá gcuid crainn féin an bhliain sin freisin. Obair chrua a bhí i gceist anseo ach rinne an cros-sábh obair rímhaith ar an adhmad.

D’aistríomar le móin a bhaint ar an bportach ar thaobh Ráth an Tamhain ó 1956 ar aghaidh. Bhí an bruach móna seo in aice lenár bhfeirm agus thar a bheith áisiúil. Mar gheall nach mba linn féin an bruach, fuair m’athair bruach leathphéirse (thart ar 2.5 méadar) ar cíos agus d’íoc sé £1 agus 10 scilling air go bliantúil le gníomhaire an phortaigh a raibh cónaí air in Achadh an Iúir. Tugadh an fear seo faoi chigireacht ar na bruacha go léir a bhí in úsáid chun a chinntiú go raibh íocaíocht suas chun dáta déanta ag gach duine. De ghnáth, fuaireamar leathphéirse (2.5 méadar) ar cíos ach bhí go leor eile cosúil leis na Daltons a bhain péirse iomlán ar fhad an bhruaigh.

Ag baint mhóna

Mhair an turas bliantúil ar an bportach ar feadh tréimhse choicíse go trí seachtaine, le meitheal “shleánadóirí” agus “glacairí” nó “fear barra” agus baineadh an mhóin nuair a bhíodh an barra curtha ag baile agus am le spáráil – bhí sé bunaithe ar fhéilire na feirmeoireachta.

Bhí ullmhú an bhruaigh móna ríthábhachtach. Mar gur portach ardaithe a bhí i gceist anseo, baineadh an scraith uachtair de, go ginearálta go doimhneacht dhá throigh ar a laghad – bhí an scraith seo déanta suas d’fhraoch, fréamhacha agus móin dhonn éadrom, mar a thugamar uirthi. Ní bheadh mórán maitheasa leis an mhóin seo mar ábhar tine. Caitheadh smutáin mhóra síos ar an mbruach íochtair agus isteach sa pholl portaigh a bhí fanta ón mbliain roimhe sin. Dhéanfadh an méid sin daingniú ar an áit le deis a thabhairt d’fhear agus do bharra rotha chun oibriú go sábháilte gan stró nuair a chuirtí tús le baint na móna. Glantaí an bruach uachtair agus dhéantaí é a chearnú go mbeadh sé chomh cothrom le bord billéardaí.

Bhí an lucht bainte móna thar a bheith cruinn agus mórtasach ó thaobh an bhruaigh a ullmhú. Is sleán uchta a thugtaí ar an uirlis a úsáideadh do bhaint na móna – go ginearálta dhéantaí é ar chruth láí, ach bhí an tsleán i bhfad níos galánta, níos lú agus níos éadroime. Bhí an chos gearr le tí ag a dheireadh. Ach go háitiúil, is iomaí sleánadóir a dhéanfadh cos a bheadh oiriúnach dóibh féin. Bhí taobhanna an tsleáin agus an chiumhais chomh géar le rásúr, is uirlis oibre contúirteach a bhí sa tsleán. Ní cuimhin liom aon bhainteoir móna ag úsáid sleán chliatháin – sleán den chineál céanna a bhí anseo le níos mó teacht aniar le cliathán miotail bhreise a bhí casta suas ar thaobh amháin le linn a dhéanta. Bhíodh sé ráite go háitiúil gur bhain roinnt den lucht baint móna triail as.

 

Is éard a bhí le déanamh ag an” nglacaire” a bhí ar an mbruach íochtair a bharra a bheith ullmhaithe aige, seasamh in áit oiriúnach agus a bheith ag súil le agus breith ar an bhfód a bhí á chaitheadh ag an sleánadóir, an fód a chur ar an mbara agus breith ar an gcéad fhód eile ansin agus an méid sin a dhéanamh arís agus arís eile. Bhí scil ag fear an bhara freisin – bhí sé mar chúram air an obair a dhéanamh níos éasca don bhainteoir móna seachas sin d’éireodh sé teasaí idir an bheirt. Is iomaí sleánadóir a choinneodh soláthar móna le dhá bhara ar mhaithe le deifir a chur leis an obair. Bhí gá gach fód a shocrú ar an mbara ar bhealach slachtmhar, agus bhítí ag cur leis sin go mbeadh an bara lán, rud a chiallódh go bhféadfaí an t-ualach a fholmhú go healaíonta – gan fód ar bith a bhriseadh – eagraithe go néata, b’fhéidir suas le 50 slat ar shiúl.

Nuair a chríochnaítí an lá oibre, chuirtí an tsleán i bhfolach in áit áirithe chomh maith leis an mbara, ní hé go smaoineodh duine ar bith na huirlisí sin a thabhairt leo!

Agus lean sé ar aghaidh mar sin, ag baint síos sa phortach, agus an mhóin ag éirigh níos dorcha de réir mar a chuathas síos níos doimhne, agus ar deireadh d’aimsítí adhmad portaigh agus maidí, a chiallaigh nach raibh níos mó móna ann.

Uaireanta eile, d’aimsítí móin phuitigh agus bhí oibríocht de chineál eile i gceist lena theacht ar an bpuiteach seo a bhí an-luachmhar agus chomh maith le gual.

Bí a dhúshláin féin ag baint lena dhul síos domhain – an t-uisce ag sileadh isteach in áit oibre an bhainteora – bheadh sé thar a bheith airdeallach i gcónaí agus iarracht leanúnach a bheadh i gceist leis an áit a choinneáil gan dul faoi uisce. Is é seo an áit ar tháinig ullmhú an bhruaigh isteach i gceart. Bhí daoine thar a bheith cúramach ó thaobh a gcuid oibre ceal sláinte agus sábháilteacht an lae inniu, bhí tuiscint mhaith acu go léir ar na contúirtí a bhain lena dtimpeallacht oibre. Níor chuala mé faoi thimpiste ar an bportach in ainneoin an tsleáin a bhí thar a bheith géar agus poill agus draenach doimhne an phortaigh gan chosaint. Bhíodh go leor leanaí ag cuidiú ar an bportach agus iad astu féin, go háirithe nuair a bhí an mhóin á “gróigeadh”. Ach chloíomar le treoracha na ndaoine fásta bhí á gcur ina luí orainn ó bhíomar beag bídeach agus dá bhrí sin, thángamar abhaile slán sábháilte. Ní raibh a leithéid de rud ann agus fánaíocht le grinnscrúdú ar a raibh le feiceáil agus b’fhéidir dul i sáinn nó mísc a dhéanamh ar bhruach eile.

Má bhí an aimsir thirim agus go maith, thriomaigh an mhóin a bhí scartha amach ar an bportach, d’éiríodh sí crua agus chuirtí an mhóin i “gcearnóga” mar a thugamar orthu – sé sin ceithre fhód a leagan amach le spás eatarthu agus ceann a chur os cionn an chinn eile go dtí thart ar chúig nó sé cinn ar airde. Chuir an modh seo leis an bpróiseas triomaithe agus cruachana agus tar éis seachtain nó dhó, bailíodh an mhóin thirim a bhí sna cearnóga seo agus cuireadh i gclampaí beaga iad a bhí cineál cosúil le triantán dronuilleogach. Fágadh iad sin le triomú amach tuilleadh agus rinneadh clampaí móra nó cruacha dóibh nó tugadh abhaile ar charr agus ar chapall iad, cuireadh isteach i seideanna nó i gcruach san iothlainn iad. B’fhéidir go sábháladh roinnt teaghlaigh díol dhá bhliain den mhóin ar dtús, agus ar an gcaoi sin chinnteofaí nach ndófaí ach móin na chéad bhliana mar go gcuirfeadh an mhóin sin teas agus caighdeán dó níos fearr ar fáil. Bhí cáil ar theaghlach Dalton ón Mullach mar gheall ar chaighdeán a gcuid móna agus bhí formhór na móna sin trí bliana d’aois.

Ag ithe ar an bportach

Ní raibh béile ar bith chomh maith leis an mbéile ar an bportach – chuidigh an obair chrua agus aer úr an phortaigh le goile maith. Bhí an bia simplí agus folláin. Bhí cúrsaí an-bhunúsach. Lastaí tine thart ar mheán lae in áit sábháilte i log áit a raibh foscadh – san áit chéanna leis na blianta roimhe sin, de ghnáth.

Bhí cineál foscadh againn ar bhaineamar úsáid as leis an mbéile a ithe – bhí sé seo in aice le bruach nach raibh in úsáid agus bhí sé tógtha go hálainn – struchtúr íseal oscailte ar nós na pluaise agus a aghaidh as an ngaoith. Rinne bainteoirí móna roimhe seo an foscadh as an bportach a bhí ag fás agus tá sé ansin leis na blianta. Bhí an bia simplí, cáca agus im baile, ceapairí sicín agus d’fhiuchtaí na huibheacha in uisce an phortaigh. Is cuimhin liom go bhfaightí uisce le haghaidh an tae ó thobar fíoruisce a bhí ar thalamh John Bracken. Bhí cupán eile tae agus cáca baile arís amach sa tráthnóna.

I ndeireadh an lae, cinntíodh go múchtaí an tine go hiomlán, trí uisce a dhoirteadh uirthi. Ní cuimhin liom fiú tine bheag féin ag briseadh amach le linn an tséasúir bainte móna.

Teaghlaigh a bhíodh ag baint mhóna

Bíodh John Gibney, an Mullach agus John Bracken, Liatroim agus George Bough, Ráth Tamhain ag baint mhóna achar gearr uainne ar Phortach Liatroma, mar atá luaite agam cheana Ar thaobh Chloch Bhaile Íochtarach bhíodh Hughie Reilly, Ráth Tamhain agus a chlann mhac Owen agus Michael, bainteoirí bliantúla agus dream spéisiúil le comhrá breá a dhéanamh leo Is cuimhin liom a n-athair Hughie mar fhear séimh, dea-labhartha.

Bíodh teaghlach Reilly ag baint mhóna ar feadh trí seachtaine mar go raibh bruach mór acusan. Bhí asal agus carr acu, “Neddy” a bhí mar ainm ar an asal agus thugadh siad an mhóin abhaile ar an mbealach sin. Thagadh deirfiúr leo, Bernadette lena madra “Bruno” le tae agus ceapairí chucu faoi dhó sa lá – ag a 1pm agus ag a 4pm. Níor las siad tine riamh ar fhaitíos go n-imeodh an tine ó smacht.

Bhíodh Andy, P.J. agus Seamus Mc Kenna ó Lislin ag baint mhóna in aice leis na Reillys agus bhí bruach mór le baint acusan freisin. Is cuimhin liom na Tully’s ó Lislin – ach ní cuimhin liom na chéadainmneacha a bhí orthu – bhí siadsan níos faide uainn agus iad ag saothrú leo go ciúin.

Bhí scéal grinn ag Johnny Smith, Chloch Bhaile Íochtarach i gcónaí, a bhí ag baint mhóna in aice láimhe. Bhí Stephen Carolan, Ráth Tamhain, fear eile a bhí ciúin ar an mbruach sa chomharsanacht sin freisin, mar a bhí Kevin Reilly ó Lislin – bhí seisean sa teach ina mbíodh mo shin-sin seanathair, James Lynch tráth den tsaoil.

Bhí an mhóin a bhí sábháilte le hiompar óna bruacha boga lena cur ar charranna móra ar thalamh crua. Bhaintí úsáid as sleamhnáin a bhíodh á dtarraingt ag asal go minic chun na críche sin. Bhí an t-asal ar an ainmhí ab fhearr le hoibriú ar an bportach mar gur chiallaigh neart agus meáchan an asail go raibh sé in ann ualaí a iompair ar thalamh a bhí thar a bheith bog. I gcodanna eile den tír, ach a bhí níos forleithne i gCiarraí, bhaintí úsáid “Capaillíní Portaigh” don obair seo.

Bhí Vincie Lynch, Ráth Tamhain agus a dheartháir Mickey níos faide ó bhaile agus bhí asal agus carr acusan freisin. Ní raibh sárú Willie agus Bernie ó chlann Dalton ón Mullach le fáil mar bhainteoirí móna, bhí siad an-chúramach agus bhí siad fíor-bhródúil as an méid móna a bhí á bhaint acu agus as na cruacha móra móna chomh maith. Thug siad capall agus carr leo gach aon lá le móin na bliana roimhe sin a thabhairt abhaile. Thugadh Bean Uí Dalton cuairt ar a clann mhac ar an bportach trí huaire a laghad le linn an tséasúir bainte móna. Bhíodh tine lasta acu agus an citeal ag fiuchadh agus iad ag fanacht lena cuairt.

Bhíodh Pat agus Tommy Bradley ó Ráth Tamhain ag baint mhóna freisin. Bhí Val Rotchford, Oliver Gilsenan, John Brennan, Matt Feddis, Matt Dalton, Denis agus Bobby Nulty agus Jack Reilly ó Ráth Tamhain agus a mhac Tony, ar bhainteoirí móna bliantúla a bhí níos faide síos an portach. Bhíodh na Heerys as Lios na nGabhann agus na O’Reillys (mo chuid uncailí) ó Achadh an tSeagail, Muintir Chonnacht agus na Muldoons ag baint mhóna ar thaobh Fhíodh na gCat.

Bhí go leor, leor eile i gceist ó chian agus ó chóngar ach tá a gcuid ainmneacha imithe as mo cheann. Am do chaidreamh sóisialta a bhí i gceist leis an mhí ar an bportach idir na comharsana ó gach cearn; briseadh a bhí ann a raibh fáilte mhór roimhe freisin ó obair láimhe agus leadránach na feirme … briseadh iontach a bhí ann nó “saoire ar an bportach”.

Cuimhníonn m’athair ón tráth a raibh sé féin óg an fíbín oibre a bhíodh ar an bportach leis na céadta ag baint mhóna chun soláthar a dhéanamh don gheimhreadh agus ar feadh na bliana go léir, go deimhin, is í an mhóin an t-aon fhoinse cócaireachta a bhíodh sna tithe ag an am – ní raibh trácht ar leictreachas nó ar ghás i mbuidéal.

Ní raibh aon tarra ar bhóthar an phortaigh ag an am, mar sin ní raibh rud ar bith éasca faoin turas rothair ón Mhullach. Bhí cáil na flaithiúlachta ar theach mhuintir Daltons sa Mhullach le craosach móna thíos agus bhí aithne air mar theach céilí freisin.

An fiadhúlra ar an bportach

Is cuimhin liom go raibh go leor fiadhúlra ar Phortach Choillidh Chonnaidh agus sa limistéar in aice láimhe. Bhí droch-dhraenáil a dhéanamh ar thalamh feirme agus bhí leibhéil an uisce ard go ginearálta. D’fheidhmigh an portach mar spúinse agus scaoil amach uisce ar bhonn leanúnach fiú le linn samhradh tirim.

Bhí an t-uisce gan truailliú agus glan – mhionódh go leor de na daoine scothaosta go mbíodh an breac srutháin flúirseach sna srutháin a bhí níos mó agus níos doimhne. Is cuimhin liom breac srutháin a fheiceáil cúpla uair sa sruthán a bhí ag síneadh le talamh mhuintir Farrelly i gCloch Bhaile Íochtarach.

De réir cuimhne mhuintir na háite ba ghnáthrud breith ar bhreac srutháin dá mbéile agus is cinnte go raibh eascanna flúirseach agus ina mbéile blasta.

Dhéantaí an fheirmeoireacht le capaill i gcónaí; chuirtí coirce agus bhaintí é le barra baint fhéir nó le ceanglóir agus dhéantaí é a stócáil sna páirceanna. D’fhás formhóir na ndaoine barra eile ar nós, prátaí, tornapaí nó cál. Chinntigh na cúinsí go léir atá luaite roimhe seo go raibh neart beatha agus foscadh ag an fhiadhúlra a bhí sa chomharsanacht.

Bhí an Crotach forleathan ar an bportach agus ar na limistéir a bhí in aice leis an bportach. B’údar misnigh a nglao uaigneach a chloisteáil agus bhí a fhios agat ansin go raibh gach ní i gceart sa mhóinteach comharsanachta.

Bhí glao na Lachan Fhiáin thar a bheith coitianta a bhí ar a sáimhín só ag slabáil sna mílte draein a bhí timpeall an phortaigh.

Ní raibh na piasúin chomh coitianta sin mar nach raibh na clubanna gunna bunaithe – mar sin féin, bhíodh na piasúin fhiáine le feiceáil ag ithe an choirce sna páirceanna.

Bhí an Chearc Fhraoigh ar an bportach freisin ach ní raibh mórán acu ann – ba chuimhin le m’athair nuair a bhíodh líon mór acu ann agus neadacha acu sa fhraoch domhain agus péacáin ghlasa a bhí ag fás ar na bruacha á n-ithe acu.

Bhí an Phatraisc Chosdearg coitianta freisin, mar aon leis an Naoscach le glao ar nós na “drumadóireachta”, a bhí le cloisteáil aimsir an earraigh.

Bhí éin a bhí níos lú ar nós na Glasóige Sráide coitianta freisin agus bhíodh nead acu sna scoilteanna sna bruacha móna.

Bhí an Chearc Uisce thar a bheith coitianta agus coinníollacha neadaithe agus sealgaireachta a chuir na draenacha agus an t-uisce a bhí réasúnta socair fíor-oiriúnach di. Bhí a nead ag na Préacháin, cé nach bhféadfaí iad a cheangal leis an bportach, sa gharrán préachán sna crainn péine ar thalamh Paddy Farrelly ar an taobh eile de bhóthar an phortaigh

Éan coitianta a bhí sa Chuach freisin a bhíodh le cloisteáil go rialta ó thús an earraigh agus i anonn agus anall idir na crainn ar imeall an phortaigh. Agus san áit ar chuala tú an Chuach bhí an Ceolaire Giolcaí, a dhéanann an nead i measc na giolcaí – ina mbeireann an Chuach a cuid uirbeacha.

Faraor, leis an draenáil nua-aimseartha, níl na riasca sin ann níos mó agus dá bhrí sin, tá an ghnáthóg do nead an Cheolaire Giolcaí imithe agus mar thoradh air sin, an Chuach. Go deimhin, is cothromaíocht leochaileach atá i gceist leis an nádúr.

Bhí an Creabhar forleathan ach sách deacair le feiceáil. Bhí corr Mhurlach Mara le feiceáil sna draenacha ón talamh feirme agus a bhí ag sreabhadh go tapa. Bhí bricíní nó “pincíní” mar a thugamar orthu á n-ithe acu agus bhí na héisc bheaga sin flúirseach in áiteanna áirithe sna srutháin. Chuir na poill a bhí sna bruacha boga móna láithreán neadaithe réamhdhéanta ar fáil don Mhurlach Mara. Bhí Snáthaidí Móra den uile mhéid le feiceáil, feithide thar a bheith coitianta agus daite agus iad ar foluain os cionn bruacha portaigh. Bhí roinnt acu a bhí sách mór agus ba chúis iontais dúinne an bealach ar tháinig siad slán. Ar bhealach éigin, cibé cúis, níl an oiread sin acu ann inniu agus is cinnte nach bhfuil siad chomh mór is a bhíodh siad.

Crá croí damanta a bhí sna Míoltóga Géara, cé gur feithidí beaga bídeacha iad agus d’íosfadh siad beo beathach tú amach sa tráthnóna. B’údar iontais do Bernadette O’ Reilly i gcónaí an líon ialtóga a bhíodh ag eitilt thart sa chlapsholas agus í ar a bealach abhaile ar an gcarr asail in éineacht lena hathair ar bhóthar an phortaigh – líon na Míoltóga Géara a bhí á dtarraingt freagra na ceiste sin. Bhí an t-ádh uirthi freisin an oiread sin Scréachóg Reilige a fheiceáil agus iad ag eitilt thart ag an gclapsholas nó níos luaithe, arís agus Bernadette ar a bhealach abhaile ar bhóthar an phortaigh. Is dóigh go raibh an Scréachóg Reilige ag sealgaireacht na n-ialtóg lena n-ithe agus na hialtóga ar a seal féin ag ithe na míoltóga géara!

Chuir na poill a bhí sna crainn lánfhásta ar thalamh na Mortimers, áit neadaithe ar fáil agus ag an am sin freisin chuir roinnt botháin a bhí déanta as iarann rocach agus botháin a bhí déanta as clocha agus nach raibh in úsáid níos mó gnáthóga de scoth ar fáil dóibh freisin.

Bhí na Froganna líonmhar agus chruthaigh na linnte uisce réamhdhéanta gnáthóga póraithe den scoth dóibh. Bhí Mamaigh ar nós an Ghiorria réasúnta coitianta agus iad le feiceáil ag rith trasna na bpáirceanna ar imeall an phortaigh. Dá bhrí sin, is fíor a rá go raibh an portach agus timpeallacht ginearálta an phortaigh mar chosaint agus mar bhaile do líon mór fiadhúlra éagsúil.

Breo ar an bportach

Ba chuimhin le m’athair breo nó solas fann a bhí neamhghnách a fheiceáil uaireanta áirithe den bhliain a bhí ag teacht ón lagphortach san oíche; bhí siad seo buailte leis an bportach agus ní raibh a fhios aige cad ba chúis leis an mbogsholas seo a bheith le feiceáil ag teocht íseal! B’fhéidir go bhfuil athrú tagtha ar an ngnáthóg agus go bhfuil pé ní a bhí ag cruthú an tsolais díothaithe…

Uirlisí riachtanacha na Ceirde

An Sleán – (Slane) dhéantaí iad seo go háitiúil de chuid is mó agus go ginearálta is é an gabha a bhíodh á ndéanamh. B’uirlis luachmhar a bhí i gceist leis an sleán. Is é an gabha a rinne gach ní a bhain leis an fheirmeoireacht. Fear tábhachtach a bhí sa ghabha agus bhí a stádas san ordlathas idir an Sagart Paróiste, an Múinteoir Scoile agus an Muilleoir. Bhí an inneoin, na boilg agus an t-ord faoi réir ag matáin chumhachtacha agus faoi threallús ag intinn chruthaitheach, go deimhin bhí sé de chumas aige tabhairt faoi rud ar bith. Bhíodh lánta agus sluaistí, a bhí gaolmhar leis an tsleán a ndéanamh aige freisin!

Bhíodh an tsleán i measc uirlisí eile á ndéanamh ag gaibhne ar nós P. Clarke, a raibh ceárta aige i mbaile fearainn Killeter ar bhóthar an Mhullaigh go Coill an Chollaigh. Ar dhéantóirí eile sleánta a bhí sa cheantar céanna bhí an tUasal McEntee (aka “The Toy”) a d’oibrigh an cheárta ag an gCros, sa Mhullach agus ceárta Tommy Flanagan im Achadh an tSeagail, Muintir Chonnacht, Achadh an Iúir – ceárta a bhí anseo a bhí go mór chun cinn agus dhéanta céachtaí, srl. ann. Bhí Terry Boylan ina ghabha a bhí thar a bheith gnóthach, bhí sé lonnaithe ar Bhóthar an Stáisiúin, Achadh an Iúir agus lean a mhac Mick ar aghaidh leis an gceird (tá bialann den scoth ag feidhmiú anois as an áit a raibh an cheárta). Bhí de chumas ag gach aon ghabha acu seo sleán a dhéanamh má bhí a leithéid riachtanach chomh maith le go leor uirlisí eile.

Is siúinéir áitiúil a rinne an sleamhnán agus bhí an sleamhnán níos éasca le déanamh ná an gnáthbhara oibre a raibh taobhanna air. Is siúinéirí ar nós John King, Coill an Chollaigh a rinne na baraí seo, agus rinne John King carranna, geataí, sleamhnáin agus trach beathaithe agus a dhíol sé ar Aonach an Mhullaigh; Rinne na deartháireacha Gaynor, John, Owen agus Paddy as Cornaglea, an Mullach, baraí, sleamhnáin agus carranna capaill; rinne James Farrelly, Cornakill, an Mullach baraí agus sleamhnáin freisin. Bhíodh na Kelletts in Achadh an Iúir ag déanamh baraí freisin.

Feithicil coitianta feirme a bhí sa sleamhnán le hualaí éadroma a iompar ó áiteanna a bhí deacair agus is capall, capaillín nó asal a bhíodh á dtarraingt. Dhéantaí le hAdhmad láidir é ar dhá rotha adhmaid ardaithe a bhí clúdaithe le pláta cruach chun taistil réidh ar thalamh a éascú agus chun na rothaí a chosaint. Bealach iontach a bhí anseo chun an mhóin a iompar ón bportach chuig láthair oiriúnach. I mbeagán focal, cineál carr sleamhnáin Éireannach a bhí ann agus bhí ceann acu ag gach feirmeoir le tabhairt faoi na cúraimí líonmhara a bhí le déanamh timpeall na feirme, agus bhí sé oiriúnach ach go háirithe do dhaoine óga. Bhí siad ar mhéideanna éagsúla ach go ginearálta ní raibh siad níos mó ná cheithre throigh ar leithead agus sé throithe ar fhaid.

Is ceart a rá go raibh an t-ábhar sin go léir atá luaite thuas mar mhíreanna riachtanacha don obair ar an bportach agus do bhaint mhóna agus bhíodh siad á ndéanamh ag ceardaithe sa cheantar agus bhíodh siad á n-úsáid séasúr i ndiaidh séasúr.

Airíonna íceacha a bhain leis an bportach

Ceart nó mícheart, bhíothas ar aon fhocal – gur bhain folláine áirithe leis an aer ar an bportach; go mbeadh duine ag mothú i bhfad níos fearr tar éis tamall a chaitheamh ar an bportach ag análú an aeir sin. D’fhéadfadh go leor fiúntais a bheith ag baint leis an gcreideamh diongbháilte seo le fada an lá mar go bhfuil an t-aer os cion an phortaigh á ghlanadh agus á insileadh go nádúrtha ag micrea-cháithníní den fhlóra atá ag fás ar an bportach agus an boladh atá á eisiúint ón móin agus í ag briseadh síos.

Go ginearálta níl aon eastáit tithíochta uirbeacha móra, trácht nó monarchana cóngarach do phortaigh agus dá bhrí sin, is timpeallachtaí saor ó thruailliú iad go nádúrtha!

Spreagadh na daoine a bhíodh ag obair ar an bportach imeacht cosnocht, seachas an bainteoir móna féin a bheadh i mbaol ó thaobh a chosa a ghearradh le sleán. Thugadh daoine faoi deara, tar éis cúpla lá ar an bportach, go raibh dath lítheach buídhonn tagtha ar a gcosa. Tharla sé sin mar thoradh ar an tainnin agus airíonna eile a bheadh ag teagmháil leis an gcraiceann agus chomh fada agus is eol dom ní raibh dochar ar bith ann agus is dóigh go raibh sé tairbheach do roinnt tinnis a bhí ar an gcraiceann. Nuair a bhíothas i mbun móin phuitigh ar an bportach, bhí sé mar nós an puiteach a bhriseadh síos (an puiteach a bhrú síos go dlús cothrom) cosnocht. Tar éis lá crua oibre ar an bportach i do chosa boinn, bheadh na cosa fíor-friseáilte – gan aon ghá le díbholaíoch nó le púdar.

Bhí modh neamhghnách ag mo sheanathair chun cuidiú le cneá oscailte nó gearradh ar an gcraiceann a leigheas, agus tháinig an leigheas sin anuas ó ghlúin go glúin. Bhí dul ar an bportach agus roinnt den fhána ar nós mogall (a raibh aithne níos fearr air mar Chaonach Móna) a bhí ag fás ar bharr an uisce i bpoll portaigh a bhaint i gceist leis agus ansin é a chur ar an ngearradh, á dhúnadh ar an mbealach sin, é a chlúdach le bindealán agus chuir sé sin dlús leis an phróisis leighis.

Fuair eolaíocht na linne amach ó shin go bhfuil an Caonach Móna seo steiriúil agus go n-oireann sé go hiontach ó thaobh cneácha a chóiriú. Mórán mar a chéile le gliú beach ón gcoirceog a fheidhmíonn mar bhac in aghaidh galar sa choirceog, feidhmíonn sé freisin mar leigheas éadrom do scornach thinn. D’eascair an chóireáil gharchabhrach baile-bhunaithe a bhfuil eolas orthu go háitiúil as breathnóireacht fhadtéarmach ár sinsear agus cé go bhfuil siad bunúsach is dóigh gur shábháil siad roinnt mhaith daoine san am a caitheadh.

Úsáidí eile a bhaintí as an móin.

Ba rud coitianta é go mbeadh an díon maidir le foscadh bunúsach d’ainmhí déanta as móin. Sna cásanna seo, scríobtaí an fraoch go léir den dromchla móna ar an mbruach, thógtaí suas é agus dhéantaí corna de i gcodanna thart ar ocht n-orlaigh déag ar leithead agus thart ar sé orlach ar doimhneacht. Chuirtí mar scraith uachtair é ansin ar dhíon laitíse slata sailí a bhí clúdaithe le luachair. Bhí na ballaí déanta go garbh as cloch agus is minic go mbíodh balla cúil an struchtúir mar dhíog do theorainn pháirce. Foscadh sách teolaí a bheadh anseo d’ainmhí agus níl sé chomh fada sin ó bhíodh ar mhuintir na hÉireann maireachtáil i struchtúir den sórt seo le linn agus tar éis an Ghorta Mhóir agus i go leor cásanna, bhíodh na botháin seo lonnaithe ar an bportach agus iad clúdaithe le scraitheanna de mhóin rollta.

Ag tógáil ceise (Kesh)

Chun an portach a rochtain ón mbóthar nó ón talamh in aice láimhe, bhí gá, i go leor cásanna le droichead beag a thógáil thar dhraein mhór agus is “Ceis” an t-ainm a thugtaí go coitianta ar an struchtúr seo.

Go bunúsach, is struchtúr a bhí déanta as crainn, craobhacha beaga, luachair, scraitheanna srl., a bhíodh anseo agus seasann an focal féin do chrúbóg i nGaeilge. Spéisiúil go leor, dhíoltaí móin san am a caitheadh i “gceiseanna” – i gcrúbóga móra.

Bhí ceiseanna nó droichid bheaga de chineál caolaigh thar a bheith coitianta ar fud na hÉireann. Bhí an cheis bunúsach agus sábháilte agus in ann do mheáchan cairr lán le móin a thógáil. Go teoiriciúil, d’fhéadfaidh an cheis a thógáil chuig sonraíocht ar bith. Bhí ar m’athair an “cheis” a thógáil cúpla uair agus ón gcuimhne atá agam agus mé ag cabhrú leis, bhí an próiseas mar a leanas:

– Tar éis an limistéir ba chaoile agus ba láidre a roghnú ar dhá thaobh na draenach, ghearrtaí roinnt crainn “sailí” agus chuirtí trasna na draenach iad agus bháití sna bruacha iad. Bhí an leithead leordhóthanach le capall agus carr a thógáil go sábháilte agus bhí sé tábhachtach roinnt píosaí den adhmad seo a shocrú i lár báire chun meáchan an chapaill agus ualach na móna a thógáil. Mar an gcéanna, bhí aird faoi leith le tabhairt ar an áit ar a mbeadh rothaí caola an chairr.

– Ag leanúint ar aghaidh as sin, chuirtí píosaí adhmaid nua-ghearrtha dronuilleacha ina rónna ar na príomhthacaí. Clúdaíodh ansin iad le luachair agus leagadh scraith os a chionn chun an cheis a chríochnú.

– Bhí roinnt leaganacha difriúla den tógáil seo ann, ach go bunúsach bhí na ceiseanna ar fad tógtha ar an gcuma chéanna. D’fhásfadh féar air an struchtúr gan mórán moille, rud a dhéanfadh níos láidre é. I go leor cásanna, bhí sé dodhéanta agus ró-chontúirteach tabhairt faoina leithéid d’fhiontar agus chaití an mhóin a thabhairt amach ar shleamhnán go taobh an bhóthair. Go deimhin, ar dtús thógtaí roinnt de na cruacha ar thaobh an bhóthair seachas ar an mbruach chun am agus saothar a shábháil.

Conclúid

Bhain tábhacht mhór le Portach Mór an MhullaighPortach Choillidh Chonnaidh mar a thugtaí air sa chlann s’againne, do mhuintir na hÉireann leis na céadta bliain anuas. Bhí daonra na hÉireann i bhfad níos líonmhaire roimh rialú na Breataine in Éirinn seachas mar atá cúrsaí an lae inniu agus bhí formhór an daonra ina gcónaí i gceantair thuaithe. Bhí an Féineachas comhdhéanta de chorpas dlí ollmhór thar thréimhse fhada ama agus bhí daonra mór riachtanach chun tacú leis na dlíthe sin.

Ní bheidh a fhios againn go deo, ach is féidir linn an dearcadh a bheith againn gur chuir Portach Mór an Mhullaigh nó Portach Choillidh Chonnaidh foinse teasa réamhdhéanta ar fáil, foscadh do dhaoine gan dídean, roinnt airíonna íceacha agus bia ar fáil leis na mílte bliain don daonra mór seo.

Is áiteanna contúirteacha iad na portaigh i gcónaí mar gheall go bhfuil na poill phortaigh atá domhain agus atá chomh flúirseach ón am atá caite agus draenacha atá á gceilt ag fraoch le daoine nó ainmhithe a shlogadh síos. Chun go mbeidh sé indéanta go sábháilte do na glúnta sásamh a bhaint as Portach Choillidh Chonnaidh, bheadh sé, dá bhrí sin, faillitheach i saol seo na tuisceana go léir, gan na bearta riachtanacha a ghlacadh agus an acmhainn seo atá ann cheana féin a cruthaíodh na mílte bliain ó shin, a chosaint agus a fheabhsú agus i gcuimhne ar an muintir dhúchasach na hÉireann a tháinig ó chian agus ó chóngar nach raibh ag iarraidh móráin cé go raibh siad faoi réir ag bochtaineacht thubaisteach.

Nóra ón údar: Cúlra

Tuigim go bhfuil go leor daoine eile ann atá i bhfad níos eolaí agus le taithí níos fearr ná mar atá agamsa, le tuairim a thabhairt maidir leis an ábhar seo agus dá bhrí sin, bheadh an Portach Beo ríméadach cloisteáil uait.

Mar atá siad, níl mo chuid smaointe ná mo chuid cuimhní atá thuas in ainm is a bheith mar ráiteas críochnaitheach go mbeadh an taithí chéanna ag an uile dhuine, ach mo chuntas féin atá ann agus mar gheall go mbíonn nithe á bhfeiceáil agus á dtabhairt faoi deara againn go léir ar bhealach difriúil, iarrtar ortsa, an léitheoir, do scéal a chur ar fáil chun cur leis an mbailiúchán eolais ginearálta seo sula n-imíonn sé i léig. Téigh i dteagmháil le Ronan ó Thionscadal LIFE nó le haon chomhalta de choiste Ionad Oidhreachta Naomh Cillian agus má tá deacracht agat píosa a scríobh beidh Ronan fíor-shásta cuidiú leat.

Má tá athbheochan le déanamh air ar bhonn áitiúil, ba cheart go ndéanfadh an fhéile bhliantúil “Lá ar an bPortach” – a bheith amuigh faoi “Aer an Phortaigh” – athbheochan ar ár gcuid smaointe agus taithí agus tuiscint níos fearr a fháil ar an obair chrua a bhí déanta ag ár sinsear nach bhfuil chomh fada sin ó shin.

 

Séanadh:

*Tabhair ar aird, le do thoil, gur cuntas pearsanta atá anseo den saol ar an bportach, agus tá sé foilsithe le caoinchead ó údar an tsaothair seo, John K Lynch. Níl sé i gceist múisiam a chur ar bhealach ar bith ar dhaoine atá beo nó marbh agus séanann foireann LIFE aon dliteanas maidir le húsáid an eolais seo. Más gá leasuithe nó eagarthóireacht a dhéanamh, déan teagmháil linn, le do thoil, agus seolfaimid ar aghaidh iad.

Tá sé beartaithe go gcuirfeadh an t-eolas atá curtha ar fáil anseo cúlra ar fáil maidir leis an bportach. Níl sé ceaptha d’úsáid aon chríocha eile, agus ní chiallaíonn mar gheall go bhfuil sé á fhoilsiú againne go bhfuilimid ag tacú leis.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life