Is leis na pobail áitiúla thart ar Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach é an leathanach seo. Más grúpa áitiúil pobail, grúpa oidhreachta, bothán na bhfear, grúpa drámaíochta, grúpa súgartha, scoil nó eagraíocht spóirt atá agaibh, is daoibhse an rannóg seo ar shuíomh Cheathrú Bheithí/na Ceachrach.

Tá fear áitiúil, Séamus Crawley, agus Scoil Náisiúnta Ghort an Ghainimh ag obair faoi láthair chun scéalta agus stair ón gceantar a chur le chéile.

Ceantar é seo in Éirinn ina bhféadfadh tionchar mór idirnáisiúnta a bheith i gceist leis an scéal is lú nó grianghraf a bhaineann leis an áit.

Déanfaimid plé ar dhaoine suimiúla agus ar imeachtaí sna ceantair eile thart ar an bportach ardaithe seo freisin. Is mian linn díriú ar na traidisiúin a bhaineann leis an móin sa cheantar seo freisin. Cé go mbaineann an tionscadal seo le portaigh ardaithe a athchóiriú, táimid ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann le portaigh, san am atá thart, atá i láthair agus atá le teacht. Má tá scéalta agus cuimhní agat ó laethanta a chaitheamh ar an bportach, cuir an eolas muid agus déanfaidh muid iad a scaipeadh.

(Mar shampla, féach an leathanach atá againn faoi Phortach Choill Uí Chonáin, áit a bhfuil cuimhní ar bhaint na móna go háitiúil ANSEO)

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life