Tá portaigh ardaithe áirithe i measc na n-éiceachóras beo, garnádúrtha is sine ar domhan. Tá cuid mhór de phortaigh ardaithe móra na hÉireann ag dul siar beagnach 10,000 bliain.
I lár tíre is mó atá siad agus meastar go raibh achar de mhilliún acra talún clúdaithe acu tráth den saol. Ach é sin ráite, níl fágtha anois ach níos lú ná 1% den fhigiúr sin mar phortach beo gníomhach – Portach atá fós in ann beatha a chothú.
Thosaigh portaigh ardaithe ag forbairt 10,000 bliain ó shin i logáin ina raibh lochanna éadoimhne, a bhí fágtha go hiondúil ag na hoighearshruthanna a bhí ag cúlú tar éis na hOighearaoise (A.)
Ag an am, bhí an talamh á níochán ag screamhuisce ilchothaitheach agus tharla coinníollacha anaeróbacha. Ar dtús, forbraíonn sraitheanna giolcach ach éagann siad sin, tosaíonn a n-iarsmaí ag bailiú (B.) agus tagann Eanach chun cinn de réir mar a thosaíonn móin eanaigh ag bailiú.
Tosaíonn luachair, cíb, féara, luibheanna agus bláthanna fiáine, crainn agus toir ag fás agus meath de réir mar a bhailíonn an mhóin eanaigh – dorcha agus snáithíneach. (C.)
Faigheann an tsraith móna eanaigh níos tibhe go dtí nach mbíonn fréamhacha na bplandaí atá ag fás ar an dromchla in ann teagmháil a dhéanamh a thuilleadh leis an screamhuisce atá lán de chailciam. Uisce na báistí an t-aon fhoinse mianraí a bhíonn ag na plandaí anois, rud atá ar bheagán mianraí (D.)
Tosaíonn speicis portaigh ardaithe ar nós caonaigh Sfagnaim ag teacht chun cinn agus ar deireadh thiar déantar portach ardaithe den eanach. Tá na caonaigh Sfagnaim in ann maireachtáil ar uisce báistí gan mórán mianraí agus bíonn an mhóin bhog a fhorbraíonn ar an eanach os cionn thionchar an screamhuisce. Fásann plandaí atá in ann maireachtáil i gcoinníollacha aigéadacha i bhfad níos boichte in ionad na bplandaí eanaigh go léir, agus de réir mar a bhailíonn na caonaigh agus a chailltear na plandaí tagann portach ardaithe ar an saol (E.). Bíonn cruinneachán leacaithe an phortaigh ardaithe beagán níos airde ná an taobh tíre mórthimpeall air agus as sin a thagann a ainm.
Tháinig formhór na bportach ardaithe chun cinn i gcontaetha lár tíre – Uíbh Fhailí, an Iarmhí, an Longfort, Laois, Ros Comáin, Tiobrad Árann agus Cill Dara – agus i gcontae na Gaillimhe agus Oirthear Mhaigh Eo san iarthar. Fuarthas freisin iad i nGleann na Banna i dTuaisceart Éireann.
In 1979, mheas Hammond go raibh 310,000 heicteár (750,000 acra) clúdaithe ag Portaigh Ardaithe i dtús agus i lár na 1800í. Sa lá atá inniu ann, ní féidir ach 8% den fhigiúr sin a mheas mar áit atá oiriúnach le hathchóiriú agus tá 37% de caillte ó thús na 1990í. Faoi láthair, níl againn ach níos lú ná 1% is féidir a mheas mar phortach gníomhach beo agus tá an chuid is mó de sin á choinneáil taobh istigh de 53 láithreán SAC/Natura 200.
Oibreacha Uisce
Bíonn an draenáil i bhfad níos fearr ar na himill ghéara a bhíonn tirim den chuid is mó agus clúdaithe le fraoch coiteann. Tá an chuid is mó de na himill phortaigh in Éirinn gearrtha amach, go háirithe le meaisíní ó na 1970í, agus mar gheall ar an ngearradh triomaíonn agus crapann an mhóin, rud a fhágann scáintí contúirteacha doimhne.
I dtús ama, bhí stráice cúng eanaigh timpeall ar an gciumhais, áit a bhí faoi thionchar an screamhuisce, ach tá an chuid is mó den ghné sin scriosta anois mar gheall ar dhraenáil agus gearradh. Is fíorannamh a fhaightear anois é.
Isteach ó na ciumhaiseanna, éiríonn an portach níos fliche agus bíonn na caonaigh Sfagnaim i mbarr réime – tá breis agus 20 cineál díobh ann ach is iondúil gur ceithre nó cúig chinn a bhíonn an-choitianta. Déanann cuid acu tulóga (atá in ann a bheith méadar ar airde agus iad clúdaithe ar an mbarr le fraoch agus caonaigh dhifriúla) agus faightear cinn eile i loig agus i locháin. Tá éagsúlacht iontach ina ndathanna – glas, oráiste, dearg agus donn – agus tagann dathanna eile ar chuid acu san Fhómhar agus sa Gheimhreadh, dathanna éagsúla dearga go príomha. As na plandaí a bhíonn ag meath agus na ceannbháin, a fuair siad an t-ainm ‘portaigh rua’. Sna háiteanna níos fliche, fásann gobsheisc, sciollam na móna, ceannbháin agus plandaí neamhchoitianta eile, agus fásann pónairí corraigh agus lusanna an bhorraigh sna locháin. Faightear andraiméid agus mónóg, lena gcaora dearga agus a mblas géar, ag sníomh trí bhratacha Sfagnaim agus bíonn drúchtíní le fáil go fairsing freisin. Forbraíonn léicin – Sceir Coiréil na hÉireann – i bpaistí. In ainneoin nach áiteanna an-fháilteacha iad na portaigh ardaithe, bíonn an rath ar na céadta de phlandaí agus d’ainmhithe sonracha portaigh iontu.