IS portach ardaithe 191 heicteár é SAC Phortach Choillidh Chonnaidh (a dtugtar Portach Chloch Bhaile agus Portach an Mhullaigh air go háitiúil) díreach taobh amuigh de bhaile stairiúil an Chabháin, An Mullach. Is portach iontach é a raibh tábhacht mhór leis sa phobal áitiúil leis na glúnta, agus tá a shuíomh uathúil mar ní hamháin gurb é an suíomh tionscadail is tuaisceartaí é, ach is é an t-aon suíomh tionscadail LIFE a roinneann dhá chontae é: an Cabhán agus an Mhí. Deirtear go raibh ceangail ag Aspal Franconia, Naomh Cillian, leis an bportach iontach seo.

Tá an portach i gcroílár an phobail áitiúil leis na blianta fada, agus tugadh aird fhorleathan air sna 1990í nuair a tháinig an pobal áitiúil le chéile chun trí fhéile ‘Lá ar an bPortach‘ a reáchtáil.

I líne dhíreach trasna na tíre, tá an portach thart ar leathshlí idir Achadh an Iúir agus Ceanannas ar theorainn an Chabháin/na Mí. Roinneadh an portach go stairiúil i gcúig bhaile fearainn éagsúla: Cloch Bhaile; Feartach; Liatroim; Coillidh Chonnaidh; agus Fiodh gCat.

Chothaigh na loig idir cnoic an chuid álainn seo den tír go leor portach ardaithe, ach sa lá atá inniu ann is beag portach ardaithe atá fágtha i réigiún an oirthuaiscirt agus is é portach Choillidh Chonnaidh an ceann is fearr forbartha atá fágtha. Tá sé neamhghnách de bhrí gur fhorbair sé le dhá ghob ar lochanna ársa in aice láimhe. De réir mar a d’ardaigh na portaigh taobh le taobh thar na mílte bliain, bhog siad anonn i dtreo a chéile. Sa lá atá inniu ann tá stráice cúng portaigh á dtabhairt le chéile, agus tá cruth fhíor a hocht ar an bportach.

Cé go ndearnadh draenáil imeallach agus gearradh imeallach in áiteanna agus cé go bhfuil turnamh ar an imeall, tá na codanna lárnacha den phortach réasúnta slán mar nach ndearnadh mórán draenála riamh ar an ‘bportach ard’. Rinneadh roinnt oibreacha athchóirithe ar an bportach seo san am atá thart (lena n-áirítear tionscadal LIFE04 NAT/IE/000121) agus baineadh amach torthaí fabhracha. Tríd is tríd, tá ionchais mhaithe athchóirithe ar Choillidh Chonnaidh agus is é aidhm an tionscadail beagnach trí oiread na limistéir atá ann cheana féin den Phortach Ardaithe Gníomhach (ARB) a athchóiriú ar an bportach ard trí chlár athchóirithe atá dírithe ar an maoschlár a ardú.

[Coinneáil uisce ar Phortach Choillidh Chonnaidh, a rinneadh mar chuid de thionscadal athchóirithe roimhe seo ar pháirt den phortach ardaithe.]

Is Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) é an portach seo a roghnaíodh do Phortaigh Ardaithe Gníomhacha 7110 agus Portaigh Ardaithe Díghrádaithe 7120 – gnáthóga atá liostaithe ar Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (992/43/CEE), áit a ndéantar Portaigh Ardaithe Gníomhacha 7110 a rangú tuilleadh mar ghnáthóg “tosaíochta”. Tá lagraigh ar fhoshraitheanna móna an Rhynchosporion (cód AE 7150) le fáil anseo freisin.

Tá meanma iontach pobail i dtimpeallacht an phortaigh Bhaineadh go leor daoine taitneamh as Coillidh Chonnaidh le blianta fada, idir fhéilte ‘Lá Portaigh an Mhullaigh’ sna 1990í agus bhealaí siúil timpeall an phortaigh sa lá atá inniu ann. Is iomaí cuimhne atá ag muintir na háite ar a bheith ag obair ar an bportach agus baint mhóna i mbarr a maitheasa (féach LEATHANACH STAIRE).

Tá baile an Mhullaigh ar cheann de sheoid na hÉireann agus tá acmhainní oidhreachta agus turasóireachta iontacha aige. Gach bliain tugann na mílte turasóirí cuairt ar an gceantar chun naisc an bhaile le Naomh Cillian a cheiliúradh, aspal Franconia ón 7ú agus ón 8ú hAois, agus Easpag Misinéireachta na hÉireann, a rugadh gar do Phortach Choillidh Chonnaidh. Bíonn Ionad Oidhreachta Naomh Cillian ar an mbaile i gcroílár gach rud a tharlaíonn sa cheantar, agus is túsphointe iontach é chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Phortach Choillidh Chonnaidh agus an ceantar máguaird.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life