Tá portach an Mhongáin ina ábhar diantaighde eolaíochta leanúnach ó 1972, agus in 1978 úsáideadh é do Thionscadal Caomhnaithe Portaigh na hÍsiltíre – na hÉireann agus anois smaoinítear go minic ar an bportach seo nuair a luaitear caomhnú portaigh i dtaca le hÉirinn.

Dr Matthijs Schouten

Labhair Matthijs Schouten, a bhí i gceannas ar an tionscadal, faoi thaighde a thosú arís i samhradh 1978 maidir le tionchar na haeráide ar fhásra portaigh. Bhí air féin agus ar a fhoireann deich bportach shlána lár tíre a aimsiú in Éirinn – cheap siad gur tasc éasca a bheadh ansin i dtír ina bhfuil an oiread sin portach Mar sin féin, bhí sé deacair acu aon cheann slán a aimsiú, ó tharla gur chuir draenacha, tinte agus baint mhóna isteach ar gach suíomh ar thug siad cuairt air.

Faoi dheireadh, d’aimsigh siad ocht suíomh réasúnta slán, ach bhí an fhoireann míshásta faoin scrios a rinneadh ar phortaigh na hÉireann. Chun meanma a ardú, chinn an fhoireann cuairt a thabhairt ar shuíomh mainistreach Chluain Mhic Nóis.

Agus iad ag taisteal ansin d’aithin siad portach beag ardaithe nach bhfaca siad ar ghrianghraif ná ar léarscáileanna ón aer. Shocraigh siad staidéar a dhéanamh ar an suíomh.

“D’aimsigh muid an portach is áille dá bhfaca muid riamh. Ní fhaca muid riamh cheana córais iontacha linnte den sórt sin, faichí ná tulóga sfagnaim den sórt sin; níor shiúil muid riamh trí phortach a bhí chomh deacair sin a thrasnú mar gheall ar a fhliche. Ní dheachaigh muid go Cluain Mhic Nóis an lá sin…”

[Portach an Mhongáin, agus líne iarnróid Bhord na Móna go Stáisiún Cumhachta Dhroichead na Sionainne in aice leis (ar thaobh na láimhe deise den phictiúr seo). Rinneadh draenacha a thochailt ar an Mongán lena thriomú sula dtabharfaí faoi stáisiún cumhachta.

Ach ar thaobh iartharach an phortaigh bhí meaisín ann, agus draenacha tochailte Chuaigh siad i dteagmháil leis an Ollamh John Moore a rinne teagmháil le Bord na Móna ina dhiaidh sin lena chinntiú go mairfeadh an Mongán.

Rinneadh margadh malartaithe talún leis An Taisce, agus bhí siad anois ina n-úinéir ar Phortach an Mhongáin. Bhí ríthábhacht leis an idirghabháil sin. Dar le Kelly et al in 1995, bhí sé i gceist ag Bord na Móna móin a bhaint ar an bportach, agus bhí draenacha curtha isteach acu ag an dá thaobh in 1978. Chuir oibrithe deonacha Groundwork, a bhí ag obair don Taisce idir 1984 agus 1986 agus mar chuid de chúrsa oiliúna ECO in 1986, dambaí ar na draenacha thoir agus thiar.

Agus é ag scríobh in ‘Celebrating Boglands’, a d’fhoilsigh an IPCC in 2002, deir an Dr Schouten: “Looking back, I think this is where it all began. This completely unexpected success in saving Mongan Bog was the basic inspiration for the ‘battle of the bogs’. It gave hope, confidence and above all enthusiasm.”

Go gairid ina dhiaidh sin bunaíodh an Fhondúireacht Dhúitseach um Chaomhnú Phortaigh na hÉireann.

Tháinig cuairteoir eile ón Ríocht Aontaithe go dtí an Mongán, an Dr David Bellamy, agus é ar mhí na meala, sular thosaigh saothrú agus baint mhóna ar mhórscála ar choimpléasc Phortach na hAbhann Duibhe in aice láimhe. Luaigh an Dr David gurb é sin an chuid ab fhearr dá mhí na meala!

‘The Wild Boglands – Bellamy’s Ireland’ leis an Dr David Bellamy. Lón machnaimh maidir le portaigh.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life