Faoi láthair níl aon áiseanna do chuairteoirí ar Phortach an Mhongáin. Déanfaimid níos mó a phostáil maidir le laethanta oscailte, siúlóidí treoraithe agus imeachtaí eile anseo agus ar leathanaigh Facebook agus Twitter de réir mar a thagann siad chun cinn, m.sh. Seachtain Oidhreachta Is iomaí turas a eagraíodh agus a eagrófaí fós ar an bportach iontach seo.
Is féidir féachaint ar a áilleacht gan siúl ar an bportach féin.
Is é an áit is fearr le breathnú ar an bportach Bóthar nó Bealach na nOilithreach, bóthar ardaithe ársa feadh bharr an iomaire, nó na heascrach. Ón seanbhóthar seo, a thug oilithrigh isteach (agus amach) as Cluain Mhic Nóis ó thús an seachtú haois, is féidir breathnú síos ar chruinneachán iontach Phortach an Mhongáin. B’fhéidir nach bhfuil an cruinneachán chomh hard agus a bhí nuair a thug Oilithrigh cuairt ar an láthair oilithreachta is sine in Éirinn, ach fós féin is radharc draíochtach é.
Cuireadh pasáiste sábháilte ar fáil do thaistealaithe meánaoiseacha chuig agus ó Chluain Mhic Nóis nuair a tógadh Bóthar na nOilithreach.
Téann sé ó chroí na mainistreach soir tríd an tsean-reilig ar aghaidh tríd an Reilig Nua i dtreo Eaglais na Mná Rialta; is féidir ardán beag cloiche ar a dtugtar ‘Carn na dTrí Chros’ a fheiceáil ar an mbealach Is cuid lárnach den bhealach oilithreachta i gCluain Mhic Nóis é agus tugtar ‘An Stáisiún Fada’ air, déantar ar son Phatrún Naomh Ciarán é.
Bhí Bóthar na nOilithreach ó Bhéal Átha Chomair go Cluain Mhic Nóis mar chuid de Thionscadal Bhealach na nOilithreach, a bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta in 1997, i gcomhar le pobail áitiúla, agus é ina chuspóir acu gréasán bealaí siúil a fhorbairt feadh bealaí oilithreachta meánaoiseacha. Ba é aidhm an tionscadail cur le próifíl an tírdhreacha agus a oidhreachta, tírdhreach tógtha agus nádúrtha ar na bealaí, agus ag an am céanna cur le turasóireacht inbhuanaithe agus forbairt pobail i ngach ceantar áitiúil. Críochnaíodh an obair ar Bhealach na nOilithreach in 2007.
2007.
Léiríonn Bealach na nOilithreach conas a úsáideadh tréithe nádúrtha an tírdhreacha chun an chathair mhainistreach a fhorbairt ar bhealach tairbheach. Meabhrú eile é Bealach na nOilithreach ar nádúr naofa an tírdhreacha thart ar Chluain Mhic Nóis.
Is féidir imeacht ó Chluain Mhic Nóis, agus tú ag leanúint na gcomharthaí le haghaidh 1km go dtí go dtiocfaidh tú a fhad le hardú ag breathnú amach ar an Mongán. Má sheasann tú i lár an bhóthair leis an bportach thar ghualainn amháin agus Abhainn na Sionainne thar an gceann eile, feicfidh tú ceann de na radharcanna is suntasaí in Éirinn. Beidh tú ag leanúint lorg na n-oilithreach a mhair fadó!
Is é Cluain Mhic Nóis ceann de na seansuíomhanna mainistreacha is mó tóir agus is stairiúla in Éirinn. Agus tú ag siúl thart ar na fothracha cloiche san áit shéimh cháiliúil seo, smaoineoidh tú ar naoimh agus ar ollúna na hÉireann i rith Ré Órga na foghlama.
Ba é Naomh Ciarán a bhunaigh é i lár an 6ú haois, agus ba lárionad creidimh agus foghlama é, agus thug scoláirí ó gach cearn den domhan cuairt air. Scríobhadh go leor lámhscríbhinní stairiúla anseo, ina measc Annála Tiarnaigh ón 11ú haois agus Lebor na hUidre ón 12ú haois.
Sa lá atá inniu ann, tá fothracha an tsuímh ann agus é caomhnaithe faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí agus is féidir le cuairteoirí trí chros arda, ardeaglais, seacht séipéal agus dhá thúr cruinn a fheiceáil. Tugann struchtúir áille chaomhnaithe Ardeaglais Chluain Mhic Nóis, Temple Doolin, Temple Hurpan agus Temple Melaghlin blaiseadh iontach de stair na hÉireann dóibh siúd a thugann cuairt ar Chluain Mhic Nóis.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi stair spéisiúil Chluain Mhic Nóis, buail isteach chuig ionad na gcuairteoirí ar an láthair, áit a dtaispeántar roinnt leacacha croise agus Cros na Screaptra ón 9ú haois. Úsáidtear reilig Chluain Mhic Nóis mórthimpeall ar an suíomh fós, agus bíonn seirbhísí reiligiúnacha ar siúl go rialta ar an suíomh i séipéal nua-aimseartha.
Praghsanna Iontrála
Duine Fásta: €8.00 | Seanóir/grúpa: €6.00 | Páiste/scoláire: €4.00 | Teaghlach: €20.00 |
Oscailte go laethúil ó cheann ceann na bliana | Samhain – Lár Márta, 10:00am – 5:30pm | Lár Márta – Bealtaine, 10:00am – 6:00pm | Meitheamh – Lúnasa, 9:00am – 6.30pm | Meán Fómhair – Deireadh Fómhair, 10:00am – 6:00pm | Dúnta 25 agus 26 Nollaig | is é 45 nóiméad roimh an am dúnta an uair dheireanach a ligfí isteach thú.
TABHAIR CUAIRT AR UÍBH FHAILÍ
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cuairt a thabhairt ar an gceantar, féach an leathanach iontach TABHAIR CUAIRT AR UÍBH FHAILÍ agus gabh chuig Cluain Mhic Nóis, agus nuair a bheidh tú ann, bí cinnte go mbreathnaíonn tú thart ar a lán áiteanna in Uíbh Fhailí.
NA PORTAIGH Á dTRASNÚ
I gcás daoine a thugadh cuairt ar Chluain Mhic Nóis, bhíodh sé contúirteach acu na hardphortaigh a thrasnú mar go mbíodh linnte buana ar an dromchla agus doimhneachtaí éagsúla acu. Dá bhrí sin b’fhearr na heascracha a úsáid chun bogadh tríd an tírdhreach. Mar sin féin, tá gníomhaíochtaí ag tarlú ar an tírdhreach fiáin seo leis na céadta bliain. Léirigh tochailtí seandálaíochta go raibh tochair adhmaid (conairí adhmaid) agus bealaí gairbhéil ar fud na bportach thart ar Chluain Mhic Nóis atá níos sine ná an mhainistir agus a léiríonn nach bhfuil na portaigh chomh dothreáite agus a ceapadh ar dtús.
Mar sin féin, mar gheall ar an mbéim a cuireadh ar mhóin mar bhreosla agus mar tháirge gairneoireachta rinneadh dochar mór do go leor acu seo agus/nó scriosadh go hiomlán iad.
Tá portach an Mhongáin ina ábhar diantaighde eolaíochta leanúnach ó 1972, agus in 1978 úsáideadh é do Thionscadal Caomhnaithe Portaigh na hÍsiltíre – na hÉireann agus anois smaoinítear go minic ar an bportach seo nuair a luaitear caomhnú portaigh i dtaca le hÉirinn.
Labhair Matthijs Schouten, a bhí i gceannas ar an tionscadal, faoi thaighde a thosú arís i samhradh 1978 maidir le tionchar na haeráide ar fhásra portaigh. Bhí air féin agus ar a fhoireann deich bportach shlána lár tíre a aimsiú in Éirinn – cheap siad gur tasc éasca a bheadh ansin i dtír ina bhfuil an oiread sin portach Mar sin féin, bhí sé deacair acu aon cheann slán a aimsiú, ó tharla gur chuir draenacha, tinte agus baint mhóna isteach ar gach suíomh ar thug siad cuairt air.
Faoi dheireadh, d’aimsigh siad ocht suíomh réasúnta slán, ach bhí an fhoireann míshásta faoin scrios a rinneadh ar phortaigh na hÉireann. Chun meanma a ardú, chinn an fhoireann cuairt a thabhairt ar shuíomh mainistreach Chluain Mhic Nóis.
Agus iad ag taisteal ansin d’aithin siad portach beag ardaithe nach bhfaca siad ar ghrianghraif ná ar léarscáileanna ón aer. Shocraigh siad staidéar a dhéanamh ar an suíomh.
“D’aimsigh muid an portach is áille dá bhfaca muid riamh. Ní fhaca muid riamh cheana córais iontacha linnte den sórt sin, faichí ná tulóga sfagnaim den sórt sin; níor shiúil muid riamh trí phortach a bhí chomh deacair sin a thrasnú mar gheall ar a fhliche. Ní dheachaigh muid go Cluain Mhic Nóis an lá sin…”
Ach ar thaobh iartharach an phortaigh bhí meaisín ann, agus draenacha tochailte Chuaigh siad i dteagmháil leis an Ollamh John Moore a rinne teagmháil le Bord na Móna ina dhiaidh sin lena chinntiú go mairfeadh an Mongán.
Rinneadh margadh malartaithe talún leis An Taisce, agus bhí siad anois ina n-úinéir ar Phortach an Mhongáin. Bhí ríthábhacht leis an idirghabháil sin. Dar le Kelly et al in 1995, bhí sé i gceist ag Bord na Móna móin a bhaint ar an bportach, agus bhí draenacha curtha isteach acu ag an dá thaobh in 1978. Chuir oibrithe deonacha Groundwork, a bhí ag obair don Taisce idir 1984 agus 1986 agus mar chuid de chúrsa oiliúna ECO in 1986, dambaí ar na draenacha thoir agus thiar.
Agus é ag scríobh in ‘Celebrating Boglands’, a d’fhoilsigh an IPCC in 2002, deir an Dr Schouten: “Looking back, I think this is where it all began. This completely unexpected success in saving Mongan Bog was the basic inspiration for the ‘battle of the bogs’. It gave hope, confidence and above all enthusiasm.”
Go gairid ina dhiaidh sin bunaíodh an Fhondúireacht Dhúitseach um Chaomhnú Phortaigh na hÉireann.
Tháinig cuairteoir eile ón Ríocht Aontaithe go dtí an Mongán, an Dr David Bellamy, agus é ar mhí na meala, sular thosaigh saothrú agus baint mhóna ar mhórscála ar choimpléasc Phortach na hAbhann Duibhe in aice láimhe. Luaigh an Dr David gurb é sin an chuid ab fhearr dá mhí na meala!