Tabhair cuairt ar Phortach Mhaigh Cláir

Níl aon áiseanna do chuairteoirí ag Portach Mhaigh Cláir faoi láthair. Tá an portach fliuch agus contúirteach. Tá réimse fiadhúlra air, agus tá talamh príobháideach timpeall air. Ná tabhair cuairt air mura bhfuil ball foirne ón NPWS in éineacht leat.

Cuirfidh foireann LIFE sonraí ar fáil faoi aon laethanta oscailte, siúlóidí agus imeachtaí bithéagsúlachta ar an suíomh gréasáin seo agus ar Facebook, Twitter, etc.

Chun cuairt a thabhairt, déan teagmháil leis an NPWS sa cheantar. Tá Uimhreacha Teileafóin ar Shuíomh Gréasáin NPWS. Beidh eolas in Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh freisin.


Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar shráidbhaile an Fhéir Bháin, díreach 3km ón bportach. Tá sráidbhaile tarraingteach gleoite an Fhéir Bháin suite ar an mBrosnach agus d’fhorbair sé ó ghníomhaíochtaí máguaird ar na tailte portaigh. Tá an-tábhacht le hoidhreacht an phortaigh, deirtear go dtagann ainm an bhaile féin ó cheannbhán a fhásann ar na portaigh.

Choimisiúnaigh Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) an chéad stáisiún cumhachta in Éirinn breoslaithe ag móin mheillte san Fhéar Bán in 1957. Ó dúnadh an stáisiún in 2001, d’infheistigh gníomhaireacht Forbartha na Sionainne agus BSL €1.4 milliún chun Páirc Ghnó & Teicneolaíochta nua a fhorbairt agus osclaíodh é in 2005.

An t-iarstáisiún cumhachta ag an bhFéar Bán, inar dódh 2,000 tonna móna gach lá nuair a bhí sé ag a bhuaicphointe sna 1960í, 1970í &1980í.

I measc na nithe is díol spéise do mhuintir na háite tá Caisleán na Cúile, a thóg Sir John MaCoghlan ar bhruach na Brosnaí in 1575 mar bhronntanas dá bhean Sabina O’Dallachain. Ba é seo an ceann deireanach de chaisleáin cháiliúla MacCoghlan a tógadh. Is fiú cuairt a thabhairt freisin ar Chaisleán Chill Cholgáin (a tógadh sna 1640í) agus Prióireacht Ghailinne (a théann siar go dtí 492).

suíomh idirlín gníomhach ag pobal an Fhéir Bháin ar a bhfuil an-chuid eolais faoi rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ar an bhFéar Bán. Tá rannóg fhairsing stairiúil ann freisin, chomh maith le rannóga atá dírithe ar Bhailte Slachtmhara, spórt áitiúil, fóillíocht, gnó agus feasacháin thábhachtacha an Pharóiste.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhFéar Bán, féach ar chuid Phortach an Fhéir Bháin den suíomh idirlín.


Bealach Uíbh Fhailí

Tá Cosán Náisiúnta,’Bealach Uíbh Fhailí’, ar a bhfuil comharthaí bealaigh, an-ghar do bhaile an Fhéir Bháin. Is bealach 37 km é a nascann Slí Shliabh Bladhma (i mBaile Mhic Ádaim) leis an tSlí Mhór (i Liath Mancháin) – agus a thrasnaíonn Bealach na Canálach Móire. Ar an mbealach, feictear codanna de bhruach na habhann, stráicí de thalamh portaigh, cosáin ghlasa agus bóithre tuaithe ciúine. Cé nach bhfuil an pointe is airde ach 120m, feictear radhairc iontacha thar thírdhreach réasúnta cothrom cuid mhaith den Bhealach. Téann an Bealach thar rianta foraoise, bruacha abhann, bóithre portaigh agus mionbhóithre agus roinntear ina 3 chuid é, agus glacann gach cuid thart ar leathlá a shiúl.


Naisc ghréasáin
Tá láithreán gréasáin ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí www.offaly.ie a thugann blaiseadh iontach den Oidhreacht, Ealaín agus Cultúr.
Ó thaobh na turasóireachta de, tá Contae Uíbh Fhailí féin ar cheann de sheoid na hÉireann agus tá neart le feiceáil agus le déanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcontae, téigh chuig http://www.visitoffaly.ie/

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life