Tabhair cuairt ar Phortach Chlóirthigh

Tá áiseanna do chuairteoirí ag Portach Chlóirthigh, agus freastalaíonn SAC go maith ar Ionad Cuairteoirí a bhfuil gradaim buaite aige agus clárchosán a bhfuil an-tóir air agus a thugann tú ón bportach réitithe siar díreach amach go Portach Ardaithe Gníomhach.

Is portach beo é Portach Chlóirthigh agus ba chóir meas a léiriú air mar sin. Is timpeallacht fhliuch nádúrtha í ina bhfuil go leor contúirtí folaithe cosúil le linnte doimhne agus dromchlaí creathacha.

Moltar do chuairteoirí fanacht ar phointí féachana an chlárchosáin.


Tá an-tóir ag muintir na háite agus ag cuairteoirí araon ar an gclárchosán adhmaid lúbtha atá 1km ar fad ar an taobh thiar, agus tá cláir eolais an bealach ar fad thart air.

Is iomaí pointe spéise atá ann dóibh siúd a bhfuil súil ghéar acu. Ag brath ar an am den bhliain is féidir le cuairteoirí flúirse flóra agus fána a fheiceáil. In 2016, chloistí beirt chrotach phorúcháin i bhfad ón gclárchosán. Is féidir le cuairteoirí an drúchtín cruinn duilleach agus dronuilleogach a itheann feithidí a fheiceáil chomh maith leis an leith uisce ó phointí éagsúla den chlárchosán, agus is féidir suas le céad planda tarraingteach a fheiceáil ag amanna éagsúla den bhliain agus meallann sé sin cuairteoirí rialta.

Is iomaí cuairteoir a chonaic an t-aon reiptíl talún dúchasach in Éirinn – an laghairt bheobhreitheach, á ghrianadh féin ar an gclárchosán.

Bíonn niúit, snáthaidí móra, béchuil, féileacáin, boilb, agus froganna le feiceáil go rialta. Éist go cúramach agus cloisfidh tú an crotach, naoscach, caislín cloch, ceolaire sailí, riabhóg mhóna agus fuiseog. Feictear cuid de na héin seo ag eatraimh rialta agus tú ag siúl thart ar an gclárchosán. Bíonn Éin Chreiche lena n-áirítear pocaire gaoithe agus meirliún ann fosta.

Mar a dhéanfá le haon ghníomhaíocht lasmuigh, gléas go hoiriúnach. Fág Portach Chlóirthigh go díreach mar a bhí nuair a tháinig tú. Iarraimid freisin orthu siúd a bhfuil madraí acu iad a choinneáil ar an gclárchosán, nó ar iall. Cuireann madraí isteach ar an gcrotach agus cé go mb’fhéidir gur rud beag é seo, agus gan ach 150 péire póraithe in Éirinn in 2015, ní mór iad a fhágáil ina n-aonar.

Tá an clárchosán oscailte agus inrochtana ó cheann ceann na bliana. Is féidir turais threoraithe do ghrúpaí, do dhaoine aonair agus do scoileanna a shocrú trí theagmháil a dhéanamh le hIonad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh, ar an bhfón ag 057 9368878 trí ríomhphost: claraguides@ahg.gov.ie

Tá méid teoranta spáis pháirceála ar fáil ar dhá thaobh an bhóthair ag an gclárchosán. Nó is féidir le cuairteoirí a gcarr a fhágáil ag carrchlós Ionad na gCuairteoirí agus siúl go dtí an portach, atá 1.5 km ón Ionad. Níl aon chosán poiblí ag cuid den tsiúlóid seo, áfach, agus mar sin is gá a bheith cúramach.

Tá Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh agus a Ionad Cuairteoirí á mbainistiú ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Dathanna áille an gheimhridh ó chlárchosán Chlóirthigh, pictiúr a glacadh i mí na Samhna

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life