Tabhair cuairt ar Dhoire an Fhia

Faoi láthair níl aon áiseanna do chuairteoirí ná áiseanna áineasa ar Phortach Dhoire an Fhia ná gar dó.

Tá an portach féin an-chontúirteach siúl air agus ní spreagtar ná ní cheadaítear cuairteanna gan mhaoirseacht.

Ní féidir rochtain phoiblí ar an bportach a shocrú ach amháin tríd an oifig LIFE, trí theagmháil a dhéanamh le 076 1002627 nó ríomhphost a sheoladh chuig life@raisedbogs.ie

Socrófaí laethanta oscailte, turais scoile chomh maith le siúlóidí agus cainteanna poiblí ar Dhoire an Fhia amach anseo.

Féach ar fhéilire na n-imeachtaí ar an bpríomhleathanach agus ar na meáin shóisialta freisin

Tá roinnt comharthaíocht eolais faoin bportach ag an láthair sin. Tá sé inrochtana ó bhóithre an N83 agus an R293. Tabhair faoi deara go n-úsáideann cónaitheoirí áitiúla an cul-de-sac seo. Níl aon áiseanna páirceála ann.

Tá SAC Phortach ardaithe Dhoire an Fhia suite díreach 5km siar ó thuaidh ó cheann eile dár láithreáin tionscadail phortaigh ardaithe, SAC Phortach Cheathrú Bheithí/Phortach na Cathrach atá i bhfad níos oiriúnaí do chuairteoirí.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life