Tabhair cuairt ar an bhFéar Bán
Faoi láthair, níl aon áiseanna do chuairteoirí ag Portach an Fhéir Bháin.
Tá an portach féin an-chontúirteach siúl air agus ní spreagtar cuairteanna gan mhaoirseacht ná ní cheadaítear iad go dtí go dtógfaidh Project in 2021 áiseanna do chuairteoirí.
Beidh laethanta oscailte, turais scoile chomh maith le siúlóidí agus cainteanna poiblí ar an bhFéar Bán amach anseo.
Féach ar fhéilire na n-imeachtaí ar an bpríomhleathanach agus ar na meáin shóisialta freisin.
FÉAR BÁN
An sainchomhartha Hennessy’s i mbaile an Fhéir Bháin – os cionn 150 bliain i mbun gnó.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an bhFéar Bán féin. Tá an áit tharraingteach suite ar an mBrosnach, agus is sráidbhaile gleoite é, a bhfuil rath air ó thaobh gníomhaíochtaí máguaird de ar na tailte portaigh De réir oidhreacht an phortaigh, deirtear go dtagann ainm an bhaile féin ón gceannbhán a fhásann ar na portaigh.
Choimisiúnaigh Bord Soláthair an Leictreachais (ESB) an chéad stáisiún cumhachta scaoilte móna in Éirinn ar an bhFear Bán in 1957. Ba é seo an chéad ghléasra cumhachta den chineál sin taobh amuigh d’Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (USSR). Tosaíodh ar an tógáil in 1953. Ba é 90,000 cileavata acmhainn iomlán an Stáisiúin, agus bhí sé in ann thart ar 400 milliún aonad leictreachais a tháirgeadh in aghaidh na bliana. Ag a bhuaicphointe sna 1970í agus sna 1980í, dhóigh an stáisiún 2,000 tonna de mhóin na hÉireann go laethúil, agus táirgeadh thart ar 2 mhilliún aonad leictreachais go laethúil nuair a bhí a cheithre aonad faoi lánlód.
Stáisiún Cumhachta an Fhéir Bháin – Ag a bhuaicphointe sna 1970í agus sna 1980í, dhóigh an stáisiún 2,000 tonna móna go háitiúil gach lá, agus táirgeadh thart ar 2 mhilliún aonad leictreachais. Leagadh é in 2003
Bhí a dhá thúr uisce fuaraithe 80m ar airde le feiceáil go soiléir sa tírdhreach, agus tríothu, scaipeadh agus fuaraíodh os cionn 4 mhilliún galún uisce gach uair an chloig Ó dúnadh an stáisiún in 2001, d’infheistigh gníomhaireacht Forbartha na Sionainne agus Bord Soláthair an Leictreachais €1.4 milliún chun Páirc Ghnó & Teicneolaíochta nua a fhorbairt a osclaíodh in 2005.
Thóg Sir John MaCoghlan Caisleán na Cúile ar bhruach Bhrosna sa bhliain 1575. Thóg sé é mar bhronntanas dá dhara bean Sabina O’Dallachain. Ba é seo an ceann deireanach de chaisleáin Mhic Cumhaill a tógadh. Is fiú cuairt a thabhairt freisin ar Chaisleán Chill Cholgáin (a tógadh sna 1640í) agus Prióireacht Ghailinne (a théann siar go dtí 492).
Caisleán na Cúile, An Féar Bán
Tá suíomh idirlín ag an bhFéar Bán a bhfuil an-chuid eolais air faoi rudaí atá le déanamh agus le feiceáil ar an bhFéar Bán. Tá rannóg fhairsing stairiúil ann freisin, chomh maith le rannóga atá dírithe ar Bhailte Slachtmhara, spórt áitiúil, fóillíocht, gnó agus na Feasacháin Pharóiste is tábhachtaí.
Bealach Uíbh Fhailí
Ritheann an Cosán Náisiúnta ‘Bealach Uíbh Fhailí’ an-ghar do bhaile an Fhéir Bháin agus tá comharthaí bealaigh air. . Is bealach 37 km é a nascann Slí Shliabh Bladhma (ag Baile Mhic Adaim) leis an tSlí Mhór (ag Liath Mancháin) – agus trasnaíonn sé Bealach na Canálach Móire. Cuimsíonn an bealach codanna de bhruach na habhann, stráicí de thalamh portaigh, cosáin ghlasa agus bóithre ciúine tuaithe. Ahruach na habhann, stráicí de thalamh portaigh, cosáin ghlasa agus bóithre ciúine tuaithe. Cé nach bhfuil an pointe is airde ach 120m, tá radhairc iontacha ar chuid mhaith den Bhealach thar thírdhreach comparáideach cothrom. Leanann an Bealach meascán de rianta foraoise, bruacha abhann, bóithre portaigh agus mionbhóithre agus roinntear ina dtrí chuid é, glacann gach cuid thart ar leathlá lena shiúl.
Cliceáil anseo chun breis eolais a fháil .
Suíomhanna gréasáin
Tá suíomh gréasáin fairsing ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí www.offaly.ie a dhéanann clúdach iontach ar Oidhreacht agus Ealaín agus Cultúr.
Ó thaobh na turasóireachta de, tá Contae Uíbh Fhailí féin ar cheann de sheoid cheilte na hÉireann agus neart le feiceáil agus le déanamh ann Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcontae, téigh go dtí ‘Tabhair Cuairt ar Uíbh Fhailí’