Stair Phortach an Mhongáin

Rinneadh cuntas maith ar stair cheantar Chluain Mhic Nóis, agus is lón machnaimh iontach é. Is túsphointe maith é an Dréachtphlean Bainistíochta le haghaidh láithreáin Oidhreachta Dhomhanda seo.

Tá fothracha mhainistir Chluain Mhic Nóis suite laistigh de 2 km ón suíomh. Ón am a bunaíodh é sa bhliain 548 AD go dtí an tríú haois déag bhí lonnaíochtaí móra sa cheantar.

[Cluain Mhic Nóis, agus Abhainn na Sionainne gar di.]

An dtéadh na manaigh ag baint mhóna? Is dócha go dtéadh ó tharla go raibh móin in úsáid Éire réamh-Chríostaí agus gurbh é sin an t-aon bhreosla malartach a bhí ar fáil seachas adhmad. Creidtear go raibh móin á baint ar imill an Mhongáin ar scála beag leis na céadta bliain.

[Cluain Mhic Nóis, agus Abhainn na Sionainne gar di.] Pic: OPW

In 1650 taispeánadh an ceantar ar Shuirbhéireacht na nDúnta, agus léiríodh gur gearradh cuid d’imeall Phortach an Mhongáin le haghaidh móna (Tubridy agus Jeffrey, Eds. 1987). Thug Coimisinéirí Portaigh cuairt ar an Mongán sa chuid is luaithe den chéad seo caite (Townsend, 1811), mar chuid de staidéar chun imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht portaigh a dhraenáil sa cheantar. Léiríonn an léarscáil a cuireadh ar fáil (a cuireadh ar fáil arís in Tubridy, Eag., 1984) gur glanadh an fhoraois ar an talamh máguaird.

SAC Phortach an Mhongáin ón aer, agus Eiscir na Sionainne agus na nOilithreach ar an taobh agus Baile Átha Luain i bhfad uaidh. Tá limistéar mór réitithe chun tosaigh ar an bportach.

Baineadh móin thart ar imlíne iomlán an phortaigh, agus meastar gur baineadh 59.5% den bhunchruinneachán (Kelly et al., 1995). Bhíodh an mhóin á baint go forleathan agus bhí an portach faoi bhagairt in 1983 (Tubridy, Eag. 1984) ach tá maolú tagtha air sin thar na blianta, mar gheall ar idirbheartaíocht a rinne An Taisce, Bord na Móna agus NPWS. Ar iarratas ón Taisce in 1985, chuaigh Bord na Móna i dteagmháil le gach éilitheoir bainte móna chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar an gceist.

Athraíonn airde bruacha éadain ó níos lú ná 1m feadh an imill thoir thuaidh go dtí os cionn 2.5m feadh an imill thiar Is ar an imeall thuaidh a baineadh an méid is lú móna. Tá an teorainn mhóna atá ann faoi láthair an-chosúil le himeall bunaidh an phortaigh. Ar chuid de na bruacha éadain níos sine, tá lorg an tsleáin, an uirlis ghearrtha láimhe a úsáidtear chun móin a bhaint, le feiceáil fós.

Ní bhaintear móin ar an suíomh a thuilleadh. Níor taifeadadh an ghníomhaíocht seo ach in áit amháin soir ón ardphortach in 2005 agus cuireadh deireadh leis sa tréimhse tuairiscithe 2004-11. In ainneoin go bhfuil deireadh le baint mhóna ar an suíomh, d’fhéadfadh bruacha éadain oscailte leanúint ar aghaidh ag draenáil an ardphortaigh.

An Mongán, gan ach Eiscir Bhóthar na nOilithreach idir é agus an tSionainn. is iad na ceantair dhonna mórthimpeall na háiteanna a ndéantaí móin a bhaint ar scála tionsclaíoch

Ag dhá phointe, roinneann Portach an Mhongáin teorainn le SAC Eiscir Bhóthar na nOilithreach (cód Natura 2000: 0001776)

Tá an suíomh faoi úinéireacht phoiblí den chuid is mó, tá limistéar 119.00ha ag An Taisce agus is Anaclann Dúlra ainmnithe é faoi alt 16 den Acht um Fhiadhúlra, 1976.

Léirítear an tábhacht a bhaineann le Portach an Mhongáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta óna ainmniúcháin. In 1987 ainmníodh an Mongán mar Anaclann Dúlra Náisiúnta agus ina dhiaidh sin in 1988 ainmníodh é mar láithreán RAMSAR agus aithníodh é mar Thearmann Bithghiniteach mar chuid de líonra tearmann Chomhairle na hEorpa.

Tá cuid mhór de Limistéar Faoi Chosaint Speisialta (SPA) le haghaidh Éan sa cheantar freisin, cuid de Chrios Oidhreachta Chluain Mhic Nóis atá beartaithe, Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha. Le tamall anuas, tá an Mongán anois mar chuid de Shean-Oirthear na hÉireann in éineacht le Portach Chlóirthigh, agus is díol spéise é an ceantar i bhfeachtas TABHAIR CUAIRT AR UÍBH FHAILÍ.

Ainmníodh an Tearmann mar Bhogach a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leis (Coinbhinsiún Ramsar, 1971) agus Tearmann Bithghiniteach mar chuid de líonra tearmann Chomhairle na hEorpa in 1988.

Tá ceantar thart ar Chluain Mhic Nóis (a bhfuil an portach seo ina chuid de) ainmnithe mar Chrios Oidhreachta.

Tá Portach an Mhongáin mar chuid de Limistéar Rialaithe Speisialta i nDréachtphlean Forbartha Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.

Séadchomharthaí Chluain Mhic Nóis – Abhainn na Sionainne agus Suirbhéireacht ón Aer Co Uíbh Fhailí, Éire, Portach an Mhongáin

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life