Stair

FOIRMIÚ PHORTACH AN FHÉIR BHÁIN
Cruthaíodh Portach Choillidh Chonnaidh nuair a bhí coinníollacha aeráide tais agus na hoighearshruthanna agus an t-oighear ag cúlú siar. Cruthaíodh cailc ar nós marla ar íochtar dhá abhantrach nó loch beag agus thosaigh plandaí caillte ag carnadh ina sraitheanna de mhóin eanaigh a líon na lochanna a d’fhás le chéile ansin os cionn iomaire droimíneach íseal. Lean an portach ag fás tar éis na Céime Eanaigh – mar phortach ardaithe – leis an gcion uisce ag 95%. Bhí Coillidh Chonnaidh thar a bheith fliuch ag tráth amháin, le go leor limistéir linnte agus foirmíochtaí tulóga. Rinne draenáil agus baint mhóna dochar dóibh seo.

Thart ar 4,500 bliain ó shin, tháinig laghdú ar an meánmhéid bháistí a thit sa Chabhán agus mar thoradh air sin thriomaigh an talamh portaigh amach de bheagán. Bhí fás coillearnach phéine sa cheantar mar thoradh air sin a mhair thart ar 500 bliain go dtí gur éirigh an aeráid níos fliche agus thosaigh an portach ag fás arís. Thángthas ar na crainn seo i gCoillidh Chonnaidh nuair a shroich an bhaint mhóna doimhneacht áirithe.

Tiocfaidh fás 1mm ar phortach in aghaidh na bliana agus leis an doimhneacht móna ar an meán thart ar 10m i gCoillidh Chonnaidh, ciallaíonn sé go bhfuil an portach 10,000 bliain d’aois.

Téann baint mhóna siar go dtí an tréimhse réamh-ghorta agus deirtear go háitiúil go mbeadh an portach ag síneadh chomh fada leis an mbóthar atá ar imeall an phortaigh.

Ba chuid d’eastát Cheanannais a bhí i bportach Choillidh Chonnaidh. Dhílsigh an Tiarna Headfort limistéir Chloch Bhaile agus Fheartaí i líon iontaobhaithe i Márta 1921. Dílsíodh an portach leis an ngrúpa ar mhaithe lena choinneáil chun leasa úinéirí talún sa cheantar. Rinne Coimisiún na Talún limistéir Liatroma, Coillidh Chonnaidh agus Ferat a dheighilt i measc feirmeoirí sa chomharsanacht.

Rinneadh ceiliúradh mór ar stair an phortaigh agus ar na traidisiúin a bhaineann le caidreamh na ndaoine leis an bportach i gCoillidh Chonnaidh leis na blianta, agus bhí ‘Lá ar Phortach an Mhullaigh’ mar imeacht bliantúil sna 1990aidí, a thug an deis do mhuintir na háite agus do chuairteoirí, lá ar an bportach a thabhairt chun cuimhne. Féach an Leathanach Áitiúil agus Pobail chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis seo.

NAOMH CILLIAN


Tá ceangal ag an bportach le scéal Naomh Cillian, an Naomh a d’athraigh formhór na Gearmáine chun na Críostaíochta agus féachtar ar Naomh Cillian sa chomhthéacs céanna sa Ghearmáin is a fhéachtar ar Naomh Pádraig sa tír seo. Rinneadh taifeadadh ar Thobar Beannaithe taobh leis an bportach ar shean-léarscáileanna na 18ú haois ach níl sé le fáil ar na léarscáileanna nua-aimseartha. Tá Tobar Beannaithe Naomh Cillian féin i Longfield, ar an taobh eile de bhaile an Mhullaigh, agus téann na sluaite chun an tobair ar Lá Féile Naomh Cillian, an 8 Iúil, chun paidreacha a rá.

Thóg an pobal áitiúil i gcomhar le Deoise Würzburg i ndeisceart na Gearmáine, Ionad Oidhreachta Naomh Cillian agus osclaíodh an tIonad sa bhliain 1995. Tá go leor iarsmaí agus macasamhlacha a bhain leis an naomh le feiceáil ann agus tá sé ar cheann de na saoráidí pobail agus turasóireachta san oirthuaisceart is mó a bhfuil tóir air.

Tá amharclann bheag amach ón limistéar taispeána, tá réimse leathan earraí sa limistéar taispeána agus is féidir féachaint ar scannán gearr ar shaol Naomh Cillian san amharclann.

Tá siopa ceardaíochta san ionad freisin atá lán le míreanna ealaíonta ar díol spéise iad, leabhair agus raon obair cheardaíochta atá déanta go háitiúil. Tá bialann taobh leis an siopa ceardaíochta, agus tá limistéar picnice taobh amuigh sá chás an aimsir a bheith go maith.

Tá an tIonad faoi úinéireacht agus á bhainistiú ar Iontaobhas Oidhreachta Naomh Cillian, tharla sé seo tar éis obair chrua go háitiúil agus forbairt á dhéanamh ar cheangal an Mhullaigh – Würzburg a théann siar go dtí an 7ú haois.

Bhí an-tóir ag cuairteoirí ón nGearmáin ar an gceantar a raibh ceangail spioradálta á lorg acu agus cuireadh cóiríocht ar fáil dóibh i seomra Ilchuspóireach na scoile áitiúil.

Bunaíodh Coiste Naomh Cillian sa bhliain 1986, chun forbairt a dhéanamh ar cheangal an Mhullaigh – Würzburg agus chun cóiríocht a chur ar fáil do thurais oifigiúla ar an Mullach.

Athchóiríodh Tobar Naomh Cillian i Longfield, agus rinneadh coimisiúnú ar dhealbh aolchloiche ar thailte Shéipéal Naomh Cillian agus sa bhliain 1989 láidríodh an ceangal nuair a chuaigh an chéad ghrúpa ón Mhullach ar a gcéad thuras oifigiúil chuig Würzburg, chuimsigh an turas 90 duine, don 13ú Comóradh Céad Bliain de Mhairtíreacht Naomh Cillian. Thart ar an am céanna, d’eisigh Rialtais na Gearmáine agus na hÉireann Stampa speisialta Naomh Cillian chun an 13ú Comóradh Céad Bliain a cheiliúradh. Bronnadh dealbh aolchloiche de Naomh Cillian ar Shéipéal Naomh Cillian, is é Herr Christian Will, Feisire Parlaiminte na Baváire a rinne coimisiúnú ar an dealbh.

Sa bhliain 1991, thug Easpag Würzburg iarsma den chéad ghrád de Naomh Cillian (píosa de chnámh) ar ais go Mullach agus bhí ceiliúradh mór sa bhaile. Tá an t-iarsma i dTaiseagán speisialta atá curtha ar fáil i Séipéal Naomh Cillian.

Tarraingíodh na pleananna d’Ionad Oidhreachta Naomh Cillian an bhliain chéanna agus cuireadh iarratas rathúil ar chuidiú deontais faoi bhráid an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn.

Sa bhliain 1992, tugadh faoi athchóiriú Reilig Theampaill Cheallaigh agus daingníodh agus rinneadh caomhnú ar Shéipéal Meánaoiseach Naomh Cillian. Tagraítear don láithreán tábhachtach seo i litir atá i gcartlann maidir le Craobhscoileadh an Chreidimh sa Róimh, dar dáta 27 Meán Fómhair 1715.

Ionad Oidhreachta Naomh Cillian sa Mhullach, a mheallann na mílte cuairteoir gach aon bhliain ó osclaíodh an t-ionad sa bhliain 1995.

Sa bhliain 1993, cuireadh tús leis an obair ar an Ionad Oidhreachta agus bunaíodh Iontaobhas Naomh Cillian chun an tIonad a reáchtáil. Tugadh an obair chun críche agus d’oscail an tUachtarán Mary Robinson Ionad Oidhreachta Naomh Cillian go hoifigiúil an 7 Bealtaine 1995.

Ullmhaíodh príomhpháirt an taispeántais i Würzburg agus bhronn Deoise Würzburg ar an Ionad é. Tá an tIonad oscailte ar feadh na bliana agus le tuilleadh faisnéise a fháil, seiceáil an leathanach gréasáin: http://stkiliansheritagecentre.ie

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life