Stair

Is Limistéar Speisialta Caomhnaithe (SAC) é an Ráithín Mór a roghnaíodh do na gnáthóga agus/nó na speicis seo a leanas atá liostaithe ar Iarscríbhinn I/II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (* = tosaíocht; is iad na huimhreacha idir lúibíní cóid Natura 2000):

[7110] Ardphortach (Gníomhach)*
[7120] Ardphortach Díghrádaithe
[7150] Fásra Rhynchosporion

Anaclann Dúlra reachtúil is ea formhór an tsuímh (89%). Bunaíodh é seo ar an 28 Meán Fómhair 1987. Ainmníodh an suíomh mar SAC in 1997.


Séadchomharthaí

Tá go leor gnéithe suntasacha, leideanna den stair ársa, sa cheantar mórthimpeall ar an bportach – idir chaisleáin agus ráthanna, séipéil agus reiligí agus fiú Tobar Naofa.

Léiríonn na seanléarscáileanna 6 horlaí ráth ar a dtugtar An Ráithín Mór, díreach ó dheas ó theorainn an tsuímh. Tá iarsmaí rátha (max. int. diam. NE-SW c. 43m) i mbaile fearainn an Phuiteacháin (An Daingean Íochtarach) atá suite ar an gceann thiar d’iomaire mór cothrom agus níl ach ainmneacha curtha le cuid de na háiteanna ón iardheisceart go dtí an t-oirthuaisceart. De réir Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta, cairéalaíodh é san iarthar agus leibhéaladh é ón oirdheisceart go dtí an t-iardheisceart.

Iarsmaí d’fhál cónaisce féideartha feadh bharr Phortach an Ráithín Mhóir

Tá fianaise ann go bhfuil ráth nó fál feadh bharr an phortaigh i mbaile fearainn an Chluainín agus fálaí cónaisce féideartha a fheictear i ngrianghraif ón aer mar ardú beag nádúrtha le díog beag thoir agus theas, ar teorainn pháirce nua-aimseartha é. Tá ársaíocht an tsuímh amhrasach in ainneoin grianghraif ón aer a léiríonn fálaí cónaisce.

Séipéal agus Caisleán

Ag Cill Chluana Fearta siar ón bportach tá fothracha nár caomhnaíodh go maith de shéipéal luath meánaoiseach a tógadh le bloic mhóra aolchloiche, agus thíos faoi, tá caisleán ann.

Fothracha an tséipéil agus an túir (ciorcal timpeall air) i ndeisceart Phortach an Ráithín Mhóir (thuas)

Ní sheasann ach balla theas an tséipéil d’aon airde os cionn bunsraitheanna agus tá fuinneog bheag luath-mheánaoiseach ann le háirse chruinn istigh agus ceann biorach amuigh. I lár na reilige, tá fothracha séipéal fada dronuilleogach ann agus is é balla an deiscirt an ceann is fearr caomhnaithe agus tá túrtheach in aice láimhe. Is féidir gur ó thréimhse Rómhánúil atá an fhuinneog bheag thriantánach atá le feiceáil i lár an bhalla theas. Tá céim ag bun na fuinneoige seo. Tógadh na ballaí le bloic mhóra aolchloiche i gcúrsaí agus tá bloic ghaineamhchloiche dearga anseo is ansiúd. Níl aon doras ná gnéithe ailtireachta eile le feiceáil.

Ó dheas den séipéal, ar ardú íseal nádúrtha, tá fothracha bonnra balla ó chaisleán scriosta ann atá clúdaithe le féar agus thiocfadh dó gur túrtheach ón séú haois déag é. Is féidir a mheas go raibh toisí inmheánacha an túrthí thart ar 10m ón oirthear go dtí an t-iarthar agus 9m ón tuaisceart go dtí an deisceart. B’fhéidir go raibh túir ar choirnéil Thiar Theas agus Thoir Thuaidh. Tá iarsmaí de bhabhún dronuilleogach ó dheas den túr. Ó thuaidh den fhál seo tá bruach íseal ann a théann le hais bhalla na reilige agus amach i dtreo an oirthir chun bóthar nó lána a chruthú agus ní fios cén uair nó cad as cruthaíodh é.

Léirítear cnocán beag ar gach eagrán den léarscáil OS 6 horlaí, atá suite 180m ó thuaidh ó Shéipéal agus ó Chaisleán Chill Chluana Fearta. Is féidir gur dumha adhlactha nó tulach é seo. Rinneadh é a leibhéaladh agus níl sé le feiceáil ag leibhéal na talún a thuilleadh. Tá tuilleadh ráthanna agus fálaí le feiceáil i mbailte fearainn Monasset, na Cruite agus Mhullach an Rois in aice láimhe.

An Tobar Naofa

Rinne an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí an suíomh seo a rangú mar shuíomh Deasghnátha agus Tobar Naofa. Tá sé suite i ndíog i mbaile fearainn Chill Chluana Fearta, díreach páirc amháin ar shiúl ón séipéal agus ón gcaisleán. Tá sé suite taobh thiar de Scoil Náisiúnta Naomh Colmán.

Tá líneáil bhallarach cloiche singile ar an Tobar (c. 1.50m diam.) agus tá sé clúdaithe le leac mhór agus tá balla coincréite timpeall air. Tá sé suite ar thalamh íseal fliuch agus tá an portach, séipéal Chill Chluana Fearta (OF010-021002-) agus an caisleán (OF010-021002-) ó thuaidh. Is tobar ciorclach é a tógadh le clocha móra timpeall air agus tá cros iarainn ag gobadh amach ó bharr an chlocháin mar aon le hofrálacha móideacha eile lena n-áirítear coróin Mhuire srl. Tá trí chéim ag dul a fhad le bealach isteach an tobair, tá an t-uisce an-éadomhain agus is féidir boinn a fheiceáil ag bun an tobair. Tá balla coincréite nua-aimseartha timpeall ar an tobar. Ceiliúrtar lá na bpatrún ar an 15 Lúnasa (Davies 1942 agus Comerford 1883)

Suíomh an Tobair Naofa, in aice le Séipéal & Caisleán le haghaidh tagartha. Seo thíos torthaí bainte móna ar phortaigh a bhíodh in aice leis an Ráithín Mór.

Tagann an cur síos thuas ó phíosa foilsithe ag Fardal Seandálaíochta Chontae Uíbh Fhailí (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1997). I gcásanna áirithe rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar na hiontrálacha i bhfianaise an taighde a rinneadh le déanaí.

Léiríonn léarscáil pharóiste Shuirbhé an Dúin 1656 de Ráth Aodha caisleán túrthí ar chnocán beag. Ar an léarscáil seo ba iad úinéirí na dtailte ‘Monrath agus Monasett’ ‘Art Mc Hugh Geoghan [Geoghegan], Thomas Geoghan agus Conly Keegan’ a ndéantar cur síos orthu mar phápairí Éireannacha. Níl ach na huillinneacha thoir thuaidh agus thiar theas den túrtheach dronuilleogach seo nár caomhnaíodh go rómhaith ina sheasamh fós.

Tagann an cur síos thuas ó phíosa a d’fhoilsigh Fardal Seandálaíochta Chontae Uíbh Fhailí (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1997).

Tá Teach na Coille Duibhe, teach tuaithe stairiúil a tógadh idir 1770 – 1780, suite soir ón bportach.


Iarracht Luachair an Phollaigh a shábháil

In 1959, athphlandaíodh luachair an phollaigh neamhchoitianta (Scheuchzeria palustris) ar Phortach an Ráithín Mhóir ó Phortach Phollaigh in aice láimhe, de bhrí go raibh Bord na Móna ag tochailt an láithreáin sin. Níl an planda seo i bPortach an Ráithín Mhóir níos mó agus tá sé imithe in éag in Éirinn.


Bainistíocht, draenáil agus baint mhóna san am atá thart

Ba chun móin a bhaint den chuid is mó a baineadh úsáid as Portach an Ráithín Mhóir roimhe seo. Tochlaíodh draenacha dromchla agus forimeallacha, tá formhór na ndraenacha dromchla ar theorainn an oirthir. Gearradh cuid acu sin 100-150 bliain ó shin. Taispeánadh draenacha ar léarscáileanna OS 1838, agus bhí tuilleadh draenacha le feiceáil ar léarscáileanna 1910. Líonadh iad seo den chuid is mó le speicis Sfagnaim, ach is áiteanna tábhachtacha iad fós do shreabhadh uisce.

Tá imill Phortach an Ráithín Mhóir gearrtha den chuid is mó. Díríodh ar cheantair imeallacha san oirdheisceart agus san iarthuaisceart i dtaca le baint mhóna. Athraíonn leithead an ghearrtha idir 30-300m. Athraíonn an doimhneacht ar baineadh an mhóin chomh maith agus tá sé i measc tosca atá ag brath ar dhoimhneacht na fo-ithreach mianraí. Faoi láthair, tá an bruach éadain imeallach 1.5 go 4.0m os cionn dhromchla na móna sa talamh réitithe. Cuireadh deireadh le baint mhóna agus rinneadh an chuid is mó de na draenacha dromchla a bhlocáil. In 1992, rinneadh athghabháil ar cheantar imeallach san iarthar, agus glanadh scrobarnach agus tochlaíodh draenacha.

In 1992, rinneadh athghabháil ar cheantar imeallach san iarthar, agus glanadh scrobarnach agus tochlaíodh draenacha. Chuaigh sé seo i bhfeidhm ar na cumainn fásra imeallacha sna ceantair sin.

Tá taighde agus monatóireacht ar an bportach agus na bearta athchóirithe agus gníomhaíochtaí leanúnacha eile a bhaineann le bainistíocht chaomhnaithe ar siúl ar an Ráithín Mór le breis agus 50 bliain. Roghnaíodh é mar cheann de na príomhionaid le haghaidh staidéar idirnáisiúnta ildisciplíneacha ar ardphortaigh, agus tá na torthaí ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) ANSEO. Déantar tomhais a thaifeadadh maidir le fréatach, písiméadrach, frasaíocht, galú, sceitheadh, screamhuisce, seoltacht hiodrálach agus leibhéil chodán toirte ábhar orgánach.

Tá beagán drochthionchair ag baint leis an taighde leanúnach thar na blianta. Tá comharthaí ann go ndearnadh damáiste don talamh agus daoine ag siúl ar bhealaí rochtana chomh maith le damáiste ó ghléasanna monatóireachta, agus is féidir é sin a fheiceáil ar ghrianghraif ón aer agus ar an talamh de bhrí go bhfuil méadú ar an méid Gobsheisce atá ann.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life