Saol ar Phortach an Ráithín Mhóir

Clúdaíonn Ardphortach Gníomhach os cionn 40% de limistéar ardphortaigh, SAC Ardphortach an Ráithín Mhóir, ach cé nach é seo an t-aon áit a bhfuil beocht ar an bportach, is áit mhaith é le tosú.

Tá croílár fliuch réasúnta mór d’ardphortach gníomhach ag Portach an Ráithín Mhóir. Is minic a bhíonn an caonach portaigh S. imbricatum agus S. fuscum sna tulóga. Tá roinnt mhaith linnte ann, agus is ar imill na linnte agus sna faichí fliucha is fearr a fhorbraítear gnáthóg Rhynchosporion. Is iondúil go mbíonn caonach portaigh S. cuspidatum sna ceantair seo. Ní bhíonn mórán speicis flóra plandaí soithíocha ann, agus is iad Báchrán (Menyanthes trifoliata), Gobsheisc, Sciollam na móna, Ceannbhán (Eriophorum angustifolium) agus Cailís Mhuire mhór (Drosera anglica) na príomhspeicis. In áiteanna, tá faichí Sfagnam magellanicum tar éis na linnte a líonadh. Ar an iomlán, tá clúdach caonach Sfagnaim ar an bportach an-mhaith.

Lón! Lón! Faigheann Cailís Mhuire mhór (drosera anglica) greim ar chuileog

Is ardphortach díghrádaithe den chuid is mó atá i gceantair imeallacha an ardphortaigh neamhghearrtha ina bhfeictear an méid is mó éifeachtaí draenála. Bíonn fásra na gceantar díghrádaithe seo fós faoi smacht ag speicis phlandaí atá coitianta ar ardphortach slán, cé nach mbíonn mórán speicis san fhásra i gcomparáid le ceantair shlána agus de ghnáth bíonn clúdach Sfagnaim faoi 25%. I measc na speiceas is coitianta a bhíonn i gceantair dhíghrádaithe tá Fraoch mór (Calluna vulgaris), Sciollam na móna, Ceannbhán (Eriophorum spp.), Cíb cheanngheal, Fraoch naoscaí (Erica tetralix) agus Cíb chruithneachta.

[Sciollam na móna i mbláth]

Is díol suntais é go maireann mianraí fós ag an suíomh seo, ar an taobh thiar, agus go mbeathaíonn siad an crios eascaigh. Is idirchrios ar imeall portaigh é an crios eascaigh, idir an mhóin ardphortaigh agus na hithreacha mianracha máguaird. Is minic a bhíonn na coinníollacha difriúil anseo mar gur meascán d’uisce a thagann ón bportach chomh maith le huisce saibhir i mianraí ón taobh amuigh a bhíonn san uisce sa chrios eascaigh. Is gnéithe neamhchoitianta iad criosanna eascaigh anois, mar gheall ar bhaint mhóna agus gníomhaíochtaí eile úsáide talún a bhain nó a d’athraigh go mór iad i bhformhór na gcásanna.

Tá an portach ard timpeallaithe ag portach réitithe. Tá portach réitithe timpeall ar an ardphortach. Tá stráicí cúnga de choillearnach bheith chlúmhach (Betula pubescens) ag forbairt i roinnt codanna den seantalamh réitithe. Tá a lán den chuid eile den talamh réitithe anois ina bhféarthailte fliucha, lena lán luachra (Juncus spp.) agus Fionnán (Molinia caerulea). Is féidir Caorthann corraigh (Valeriana officinalis), Airgead luachra (Filipendula ulmaria) agus Cíb rua (Carex disticha) a fháil freisin i bpáirceanna ar imill an phortaigh.

In 1959, athphlandaíodh planda an-neamhchoitianta, Luachair an phollaigh (Scheuchzeria palustris), nach bhfuarthas ach in áit amháin eile in Éirinn i bportach in aice láimhe, go Portach an Ráithín Mhóir. Níor taifeadadh é le déanaí, áfach, agus d’fhéadfadh sé a bheith imithe in éag anois.

Fána an Ráithín Mhóir

Bhí Portach an Ráithín Mhóir laistigh de chríoch phórúcháin phéire Meirliún, speiceas gann in Éirinn agus ceann atá liostaithe ar Iarscríbhinn I de Threoir an EU maidir le hÉin. Níor tuairiscíodh aon radharcanna ó 2012 ar aghaidh.

I measc na bpríomhspeiceas a shíolraíonn ar an láthair tá Piasún (Phasianus colchicus), Cearc fhraoigh (Lagopus lagopus hibernicus), Naoscach (Gallinago gallinago), Pilibín (Vanellus vanellus), Crotach (Numenius arquata), Creabhar (Scolopax rusticola), Fuiseog (Alauda arvensis) agus Riabhóg mhóna (Anthus pratensis).

Cearc fhraoigh fhásta fhireann (Lagopus lagopus scotica) i bhfraoch

Meastar go bhfuil an Chearc fhraoigh éagsúil ó speicis na Breataine agus níl an oiread céanna in Éirinn le tamall anuas. Itheann na héin fhaiteacha seo péacáin fraoigh agus ní féidir leo maireachtáil ach ar shuíomhanna níos mó, ó tharla go dtagann laghdú ar shíolrú de réir mar a laghdaíonn méid na críche. Teastaíonn ceantair fhliucha uathu ar ardphortaigh mar go mbíonn aiste bia ina bhfuil feithidí lena lán próitéin ag teastáil ar shicíní fraoigh sa chéad chúpla seachtain den saol. Má dhéantar draenáil, laghdófaí gnáthóga larbhacha na bhfeithidí seo. Is speiceas atá i mbaol anois é an Chearc Fhraoigh.

Éin eile a bhíonn ar an suíomh go minic is ea an Spioróg (Accipiter nisus), Pocaire Gaoithe (Falco tinnunculus), Corr Réisc (Ardea cinerea), Praslacha (Anas crecca) agus Mallard (Anas platyrhynchos).

Bíonn an Frog Coiteann (Rana temporaria) ar an láthair. Tá sé seo ar liosta na speiceas a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo i Leabhar Sonraí Dearga na hÉireann.

Bhuel, a chairde! Craic ar bith? – Froganna ag fanacht le ceann baineann a theacht

Bíonn an Laghairt Choiteann (Lacerta vivipara) anseo freisin.

I measc na bpríomhspeiceas mamach a taifeadadh tá Giorria sléibhe Éireannach (Lepus timidus hibernicus), Broc (Meles meles) agus Sionnach (vulpes vulpes).

Pór de chuid Ghiorria an Artaigh is ea an Giorria sléibhe Éireannach agus tá sé éagsúil go leor ón nGiorria Gallda (Lepus europaeus), ainmhí nach bhfuil nádúrtha in Éirinn. Tá an dá speiceas seo liostaithe mar speicis a bhfuil Thábhacht Idirnáisiúnta leo i Leabhar Sonraí Dearga na hÉireann.

Thug Myles Nolan faoi thaighde ar ardphortaigh na hÉireann idir 2006 agus 2015 a léirigh go raibh réimse speiceas damhán alla neamhchoitianta agus éagsúil ann, cuid acu nárbh eol iad a bheith in Éirinn, agus a bhformhór nach mbíonn in áit ar bith seachas ar ardphortaigh.

Ba iad na damháin alla neamhchoitianta a fuarthas ar an Ráithín Mór:

  • Hypsosinga Albovittata;
  • Minicia Marginella;
  • Satilatlas Britteni;
  • Simitidion Simile;
  • Walckenaeria Alticeps

Flóra an Ráithín Mhóir

Tá trí éiceatóip agus eascach iarmharach ag gnáthóg tosaíochta (ardphortach gníomhach) an Ráithín Mhóir. Seo a leanas sonraí na gceantar seo:

Éiceatóip lárnach
Tá córas tulóg/log aige seo ina bhfuil go leor linnte. Is é an coimpléasc portaigh is fliche agus is lú ar a gcuirtear isteach é, agus tá sé suite i limistéar an-lárnach sa phortach. Go hiondúil, bíonn clúdach brífite ard, agus clúdach í mion-toir agus luibhe íseal. Is anseo atá na faichí Sfagnaim magellanicum is fliche, agus is léir é sin de bhrí go bhfuil S. cuspidatum agus aelus Cladopodiella fluitans ann. Is féidir báchrán (Menyanthes trifoliata) agus Cailís Mhuire mhór a fheiceáil freisin. In áiteanna, tá leaganacha níos tirime de na faichí seo ina bhfuil níos mó Sfagnam capillifolium, Fraoch mór agus Ceannbhán gaelach (Eriophorum vaginatum). Nuair nach dtriomaítear é ach ar feadh tréimhsí an-ghearr, cruthaítear linnte buana agus loig fhliucha. Anseo, tá clúdach ard de Sfagnam cuspidatum agus Cladopodiella fluitans ina bhfuil Ceannbhán (Eriophorum angustifolium). Tá cumainn de thulóga ina bhfuil Sfagnam capillifoliumS. imbricatum (réasúnta beag) laistigh den chóras seo.

Lus na móinte ag fás ar Sfagnam Magellanicum ina bhfuil Drúchtín ar an bportach ard ar an Ráithín Mór.

I gceantair níos tirime, bíonn roinnt tulóga móra caonaigh Leucobryum glaucum ann. Is féidir loig fhada thaise a fheiceáil freisin, ina bhfuil Sciollam na móna. Timpeall ar chroílár an phortaigh tá limistéar cosúil leis ó thaobh méide de ach ina bhfuil linnte níos scaipthe. Anseo is féidir go bhfuil na linnte ag líonadh de réir mar a dhraenáiltear an portach ó na himill. Tá Sfagnam magellanicum coitianta anseo.

Éiceatóip fo-lárnach
Tá sé seo soir ó dheas agus soir ón éiceatóip lárnach. Tá formhór na coda thoir den éiceatóip seo draenáilte. Uaireanta bíonn an fásra anseo cosúil le fraoch. Is speicis a bhíonn ar mhóin lom e.g. Ceannbhán agus Campylopus introflexus a bhíonn anseo. Bíonn tulóga ina mbíonn Sfagnam capillifolium ann freisin.

I gceantair nach bhfuil aon draenáil ann, faightear fásra fraoigh agus speicis a bhíonn ar mhóin lom. Is comhartha iad na speicis a fheictear gur dódh an áit roimhe seo (m.sh. Campylopus paradoxus agus Zygnemales). Tá linnte buana ann ag a bhfuil treoshuíomh líneach cinnte, loig fhliucha, faichí Sfagnam magellanicum agus loig thaise fhada ina mbíonn Sciollam na móna, freisin.

Éiceatóip imeallach (lena n-áirítear limistéir fho-imeallacha agus bruacha éadain)
Is féidir an t-éiceatóip seo a fhoroinnt ina gcoimpléisc fho-imeallacha, imeallacha agus bruacha éadain. Ag imill an ardphortaigh tá fásra fo-imeallach. Tá an chuid is mó de seo faoi smacht ag log taise Sciollam na móna ina bhfuil clúdach tor réasúnta ard (c. 28%). Is gnách gur gnéithe fada iad seo, mar gurb iad seo na háiteanna is tábhachtaí le haghaidh uisce dromchla a ritheann chun srutha. Tá tulóga gobsheisce coitianta freisin le clúdach íseal brífíte agus Sfagnaim, clúdach ard algach, agus go minic Ceannbhán agus Sciollam na móna. Ar an gcuid theas den éiceatóip seo, tá Fraoch Mór coitianta. Timpeall ar imill an phortaigh go léir beagnach (ach amháin an oirthuaiscirt), éiríonn an fásra níos imeallaí. Is minic a bhíonn a lán Cíb cheanngheal i gceantair an-tirim, i measc na gcoimpléasc ina bhfuil Sciollam na móna a luadh thuas. Is gnách má bhíonn go leor cíb cheanngheal ann go léiríonn sin gur cuireadh isteach ar an áit san am atá thart, mar shampla gur tosaíodh ar dhraenáil nó go raibh tine ann. Bíonn Fraoch Mór le luachanna arda clúdaigh sna ceantair imeallacha seo freisin.

Sciollam na móna

Cuimsíonn an t-éiceatóip seo na bruacha éadain a bhaineann le gearradh móna roimhe seo ag teorainn an ardphortaigh. Anseo, is é Fraoch Mór an speiceas is coitianta, ina gclúdaítear suas le 100% in áiteanna. Tá an mion-tor agus brífít ard (ach is beag Sfagnam spp. a bhíonn ann). Faightear Sciollam na Móna, Cíb cheanngheal, tulóga Gobsheisce, fraoch, móin lom agus cumainn a mhair i ndiaidh dóiteáin ag na bruacha éadain freisin.

Eascach
Is téarma Sualainnise é Lagg a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an gcrios mórthimpeall ar ardphortach, áit a meascann uisce talún agus frasaíocht, ionas gur féidir tacú le fásra de chineál eanaigh. Níl aon limistéir shlána ann in Éirinn inniu, mar gheall ar ghníomhaíocht an duine (gearradh agus draenáil). Tá ceantair iar-eanaigh aitheanta ag an Ráithín Mór, in iarthuaisceart agus i ndeisceart an tsuímh.

Léiríonn na speicis seo a leanas a taifeadadh (Kelly, 1993) tionchar screamhuisce ar phortach: Rísheisc (Sparganium erectum), Cabhán abhann (Nuphar lutea), Cíb dhosach chaol (Carex acuta), Lus síoda (Lychnis flos-cuculi), Scuab eich uisce (Equisetum fluviatile), Buachalán Corraigh (Senecio aquaticus) agus Cíb rua (Carex disticha). Léiríonn Barr an Mhilltigh (Triglochin palustris), Fiastalach (Juncus acutiflorus) agus Biolar mion (Nasturtium microphyllum) coinníollacha eascaigh freisin.

Cíb Rua (Carex disticha) san Eascach ag an Ráithín Mór

Is féidir cur síos a dhéanamh anois ar na gnáthóga ar Phortach an Ráithín Mhóir, laistigh den eascach tréigthe seo, mar fhéarthailte fliucha ísealchríocha nó mar phortach réitithe. D’fhéadfadh riasc fionnuisce a bheith ann freisin agus aithníodh limistéar amháin. Ní bheadh an talamh ar a bhfuil na gnáthóga seo faoi láthair ina iarchrios eascaigh, agus is é an talamh ag imeall an phortaigh na ceantair eascaigh is dóichí. Sonraíonn Kelly (1993) an crios mar a bhí ar léarscáil na n-éiceatóipeacha agus aithníonn sé ceithre limistéar a d’fhéadfaidh a bheith ina iar-limistéar eascaigh, a thuairiscítear thíos:

• Eascach saibhir (screamhuisce)
Limistéar beag fliuch seisce féarthailte a d’fhorbair ar an talamh réitithe agus a raibh tionchar ag screamhuisce tonnadh aníos air ar imeall thiar an phortaigh.
• Eascach saibhir (báisteach/mianraí)
Ceantair féir (Fionnán, Féar an chinn bháin (Holcus lanatus)) lena lán fraoch fliuch le maoschláir luaineacha agus léiriú éigin ar mhianrú a forbraíodh ar cheantair réitithe.
• Eascach saibhir (uisce báistí/screamhuisce)
Scrobarnach sailí (Salix sp.) agus féarthailte arda ina bhfuil a lán luibhe suite ar limistéir réitithe le maoschlár ard agus roinnt tionchair screamhuisce.
• Eascach bocht
Limistéir scrobarnaigh, Raithneach mhór (Pteridium aquilinum) agus féarthailte feabhsaithe a forbraíodh ar an iar-eascach ar ithreacha móna nó mianracha triomaithe.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life