Saol an uile lae ar Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach

Tá foireann LIFE ag tabhairt faoi staidéar cuimsitheach talún ar an láithreán álainn seo i Ros Comáin. Beidh na torthaí ar fáil anseo amach anseo.

Idir an dá linn, rinneadh suirbhé ar an bportach le déanaí mar chuid den Suirbhé Faireacháin agus Measúnaithe ar Phortach Ardaithe, 2013 (Fernandez et al Thug Fernandez et al. faoi shuirbhé den chineál céanna ina dhiaidh sin chomh maith (2005).

Rinneadh fásra san ardphortach a thuairisciú agus a mhapáil, bunaithe ar choimpléisc de phobail fásra in éiceatóp an phortaigh ardaithe arna bhforbairt ag Kelly agus Schouten (2002).

Portach Ardaithe Gníomhach is ea 69.87ha (34.16%) de limistéar an ardphortaigh An chuid is mó de seo ná fochineál éiceatóp lárnach an phortaigh ardaithe thiar, arna thréithriú ag an iomaí linn domhain uisce oscailte, tulóga arda de sfagnam agus glibchaonach ann. Sna limistéir ghníomhacha shruthlaithe déanta móna bhí ceithre cinn de mhaothchórais nó coimpléisc inlíonta locha.

Portach Ardaithe Díghrádaithe is ea 134.69 ha (65.84%) de limistéar an ardphortaigh. Tá sé níos tirime ná an Portach Ardaithe Gníomhach agus tá dlús níos lú de chaonach sfagnaim ann . Níl an mhicreatopagrafaíocht ann chomh forbartha sin, Níl linnte buana ná faichí sfagnaim le fáil ann nó tá siad go neamhchoitianta. Tá limistéir ag na hidirchriosanna chuig an bPortach Ardaithe Gníomhach atá ar chaighdeán níos airde I dtreo chiumhais an ardphortaigh, ba mhinic creimeadh cainéil agus linnte stróicthe ann in amanna.

Tá loig le fáil ar shubstráití móna den Rhynchosporion sa Phortach Ardaithe Gníomhach agus Díghrádaithe. Níl siad chomh forbartha sin sa chuid is mó den éiceatóp lárnach ós rud é go bhfuil na linnte go domhain agus go géar agus níl mórán ísleáin éadoimhne iontu. An áit is forbartha ná i liopa 2, áit a bhfuil sé mar chuid de coimpléasc cumainn nach bhfuil fáil air chomh minic sin, áit a bhfuil linnte agus ísleáin éadoimhne le fáil. Tá gobsheisc le fáil i liopa 2, idir Rhynchospora fusca agus Rhynchospora alba.
Portach ardaithe idirchriosach nó iartharach é seo agus tá neart cosúlachtaí ann idir an ceann seo agus bratphortach. Mar sin, tá difear ann idir an portach seo agus portaigh ardaithe lár na tíre ar chúiseanna éagsúla: tá sé chóir a bheith gann ar chaonach móna Magellan, struchtúr líneach na linnte; tá glibchaonach, aelus corcra agus lus an ghiolla le fáil go forleathan sna limistéir idir na linnte agus tá Sphagnum denticulatum le fáil go coitianta sna linnte. Ina theannta sin, tá lus na móinte (táscaire portaigh ardaithe i Lár na Tíre) gann.

Tá an t-ardphortach neamhghearrtha ar an láithreán seo thar a bheith slán agus tá limistéar gníomhach lárnach ann Tá samplaí maithe den tulóg le fáil anseo. Tá limistéir mhóra de phortach creatha ann chomh maith le linnte móra idircheangailte géara. Is sa limistéar fliuch seo is mó a bhfuil fásra Rhynchosporion le fáil. Níl mórán speiceas le fáil sa fhlóra lena mbaineann. I measc na speiceas tipiciúil plandaí tá na súsáin Sphagnum cuspidatum agus S. denticulatum, báchrán, cíb chorraigh go fánach, Rhynchospora alba, S. angustifolium agus lus borraigh beag. Tá Rhynchospora fusca breathnaithe ó linnte fliucha sa láithreán. Sa limistéar gníomhach, tá dhá loch bheaga inlíontacha agus speicis éagsúla súsán, lena n-áirítear Sphagnum denticulatum, S. fallax agus S. angustifolium, mar aon le luachair bhog agus spícíneach thortógach, agus cinn eile nach iad. Bíonn spícíneach thortógach le fáil go hiondúil i linnte i limistéir bhratphortaigh. Léiriú é a bheith ann gur láithreán iartharach atá ann. Taifeadadh an t-aelus duilleach gann Cephalozia elachista anseo sa bhliain 1985.

Ar an taobh thiar den phríomhchuid, agus sruth eatarthu, tá cruinneachán ciorclach ann. Tá an chuma air nár dódh an chuid seo den phortach an oiread sin. Tá flóra léicin forbartha go maith ann. Sna tulóga, tá an léicean neamhchoitianta léicean réinfhia agus fraoch mór dosach ina bhfuil an-chuid léicin eipifíte, mar Ramalina farinacea, Physcia tenella agus Parmelia perlata. Tá linnte forbartha anseo chomh maith.

Tá na limistéir dhíghrádaithe de phortach le fáil den chuid is mó sna limistéir imeallacha den ardphortach, áit a bhfuil speicis plandaí mar na cinn seo go ceannasach go hiondúil: fraoch mór, sciollam na móna, ceannbhán gaelach, Trichophorum germanicum, fraoch naoscaí agus cíb chruithneachta. Tá táscspeiceas de phortach ardaithe iartharach go minic le fáil sa dá limistéar de phortach gníomhach agus neamhghníomhach, amhail glibchaonach, aelus corcra agus lus an ghiolla.

Ó thuaidh, tá ceantar a bhfuil portach réitithe ann taobh le droimnín chomh maith le pobal dea-shaothraithe súsáin atá ar aon dul leis an gcrios bunmhar eascaigh.Tá aistriú céimseach go portach le fáil ann. Taifeadadh Sphagnum teres anseo, speiceas súsáin a mheastar a bheith tearc in eanaigh ísealchríche.

Fána i bPortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach

Is eol go bhfuil an frog coiteann (Rana temporaria) le fáil i bPortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach.

TAn t-aon mhamach a taifeadadh ón ardphortach ná an giorria sléibhe Éireannach (Lepus timidus hibernicus). Tá an broc (Meles meles) i measc na speiceas mamach atá taifeadta ó limistéir imeallacha.

Láithreán tábhachtach go háitiúil le haghaidh na n-éan is ea Portach Cheathrú Bheithí. Tuairiscítear é a bheith á úsáid go rialta ag an gcoileach fraoigh (Lagopus lagopus), naoscach (Gallinago gallinago), crotach (Numenius arquata) agus mallard (Anas platyrhynchos). Bíonn éin eile le fáil corruair ar an láithreán, na cinn seo ina measc: cromán na gcearc (Circus cyaneus), meirliún (Falco columbarius) agus gé bhánéadanach Ghraonlannach (Anser albifrons flavirostris) (an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, 1997).

Thuairiscigh Nolan (2013) fána damhán a bheith i bPortach Cheathrú Bheithí.

Tá fritileán réisc (Euphydryas aurinia, léipidipteir) taifeadta ón láithreán. Féileacán é sin atá in Iarscríbhinn II de Threoir an AE um Ghnáthóga.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life