Rudaí neamhchoitianta ar Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach

Tá gnáthóga tábhachtacha eile le fáil ar an láithreán – fraochmhá thirim agus eanach alcaileach Ar an imeall thoir theas den liopa thuaidh, tá limistéar d’eascach leathnádúrtha le fáil a bhfuil eanach alcaileach agus fásra drocheanaigh. Ábhar spéise is ea limistéir eascaigh mar seo ó thaobh hidreolaíochta agus fásra de. Gné iontach neamhchoitianta de chórais portaigh ardaithe in Éirinn atá iontu.

Taifeadadh an ghobsheisc (Rhynchospora fusca), atá réasúnta neamhchoitianta, ó linnte fliucha ar an láithreán. Breathnaíodh an coileach fraoigh (Lagopus lagopus) chomh maith. Speiceas ó Leabhar Dearg na Sonraí é sin.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life