Maidir le Portach Cheathrú na gCapall

AN BEATHA LE LINN PORTACH BEO

Meaisín athchóirithe ón bPortach Beo ag glacadh go réidh é. Chun tosaigh, tá damba le feiceáil a cuireadh isteach thar dhraein ar phortach réitithe Phortach Beo na Gaillimhe. Pictiúr: Ronan Casey.

An saol sula raibh An Portach Beo ann

De réir na dtorthaí ón suirbhé (An tionscadal um fhaireachán ar phortach ardaithe, 2013 (Fernandez et al.)) a rinneadh sular tháinig an Portach Beo le bheith mar pháirt de shaol na dtailte móna, portach ardaithe gníomhach a bhí in 28.07ha (8.68%) den ardphortach i bPortach Beo na Gaillimhe. IS éard a bhíonn sa Phortach Ardaithe Gníomhach ardchaighdeáin ná an t-éiceatóp lárnach agus an borrfhás gníomhach. Níl ach 4.12ha sa Phortach Ardaithe Gníomhach ardchaighdeáin ina bhfuil idir éiceatóp lárnach (2.74ha) agus borrfhás gníomhach (1.38ha). Is éard a fhaightear sa mhicreatopagrafaíocht san éiceatóp lárnach ná linnte, tulóga ísle, tulóga arda, loig agus faichí. Bíonn an talamh fhliuch ar leibhéal ó an-bhog go portach creatha.

Tá na linnte seo go mór agus nasc eatarthu go hiondúil. Brat ó S. cuspidatum atá i gcuid mhór dó, ní bhíonn ach algaí fánacha ann, clúdaíonn siad sa raon de 11-25% den éiceatóp. Is minic S. papillosum agus S. magellanicum ar imeall linnte. Tá S. capillifolium i réim sna tulóga idir na linnte Tá tulóga de S. austinii agus S. fuscum le fáil ann chomh, cé gur annamh sin.

Tá an clúdach iomlán ó sfagnam sa raon 76-90%. Mar atá i gceist le cuid mhór den ardphortach, bhí na héifeachtaí ó dhóiteán ar na mallaibh le feiceáil san éiceatóp lárnach. Gnéithe a bhí le feiceáil ansin na tulóga marbha sfagnaim, gais mharbha fraoigh, móin lom agus an speiceas Cladonia beagnach go hiomlán in easnamh.

I measc an bhorrfháis ar an láithreán tá linnte, tulóga ísle agus loig. Tá tulóga den Aulacomnium palustre le fáil coitianta ar fud an láithreáin. Táscairí borrfháis eile ná Vaccinium oxycoccus, lus na feannóige agus lus na móinte. I gceann amháin den dá limistéar de bhorrfhás gníomhach a mapáladh, tá clúdach suntasach de scrobarnach agus crainn bheaga. TI measc na speiceas atá le fáil anseo tá beith chlúmhach, aiteann gallda, saileach, péine (contórtach?), dris agus luachair bhog. Tá an clúdach iomlán ó sfagnam sa raon 34-50%.

Portach Ardaithe Díghrádaithe is ea 295.41ha (91.32%) de limistéar an ardphortaigh. Tá sé níos tirime ná Portach Ardaithe Gníomhach. Tacaíonn sé dlús níos lú de shúsáin. Tá an clúdach ó sfagnam sa raon 30-40% sa chuid is fliche de na coimpléisc fho-imeallacha pobal a taifeadadh agus sa raon idir 26-33% i gcuid de na coimpléisc níos fliche eile. Bíonn micreatopagrafaíocht sa Phortach Ardaithe Díghrádaithe nach mbíonn chomh forbartha céanna. Go ginearálta, ní bhíonn linnte buana ná faichí sfagnaim le fáil ann. Tá méid áirithe linnte ardchaighdeáin le fáil ann, áfach (brat 11-25%), i gceann de na coimpléisc níos fliche de phobail. I gcoimpléisc eile, stróiceacha atá sa chuid is mó de na linnte, iad níos lú ná 5% d’achar an choimpléisc

Tá oibreacha athchóirithe déanta ar an láithreán, is é a bhí i gceist na draenacha a bhlocáil ar an ardphortach. Tá an-chuid draenacha le fáil ar an ardphortach, áfach, agus níor blocáladh an chuid is mó den líonra draenála fós. Tá cuid de na draenacha sa chuid theas den ardphortach dambáilte. Tá dea-éifeachtaí ón ngníomh sin taifeadta sa suirbhé reatha. Tá méadú 9.87ha ar ghnáthóga i bportach ardaithe gníomhach, áit a mbíodh éiceatóp fo-imeallach. Rinneadh na feabhsuithe seo a thaifeadadh i sciar suntasach den chuid theas den phortach. Baineadh feabhsú amach chomh maith i gcás cuid de na coimpléisc níos fliche de phobail sna limistéir bhainteacha a mhapáil.

An cuspóir caomhantais reatha atá ann do Phortach Cheathrú na gCapall ná an t-achar de Phortach Ardaithe Gníomhach a athchóiriú go dtí an t-achar a bhí ann nuair a tháinig an Treoir um Ghnáthóga i bhfeidhm sa bhliain 1994. I gcás Portach Ardaithe Gníomhach, tá sé mar chuid den chuspóir Portach Ardaithe Díghrádaithe a athchóiriú An cuspóir atá ann ó thaobh achair de le haghaidh Portach Ardaithe Gníomhach ná 73.06ha (64.55ha ar ardphortach agus 8.51ha ar phortach réitithe).

An cuspóir atá ann i dtaca le Struchtúr agus Feidhmeanna de ná gur chóir an t-éiceatóp lárnach agus an borrfhás gníomhach (is é sin na pobail fásra is fliche) a bheith ina leathchuid ar a laghad den Phortach Ardaithe Gníomhach. Tá na luachanna seo socraithe mar Luachanna Tagartha Fabhracha. Maidir le Portach Ardaithe Díghrádaithe ar féidir é a athghiniúint, de réir lámhleabhar an léirmhínithe, ba chóir go mbeifí in ann é a athghiniúint go ‘portach ardaithe gníomhach’ i gceann 30 bliain dá gcuirfí na bearta cuí i bhfeidhm (gan aon ghníomhaíochtaí móra ann a d’imreodh tionchar agus aon oibreacha athchóirithe riachtanacha a theastaíonn a chur i bhfeidhm).

San am atá thart, measadh faoin limistéar gnáthóige gur ardphortach é nár measadh é a bheith gníomhach. Ní ghlactar leis sin a thuilleadh ós rud é nach mbeifear in ann cuid mhaith den ardphortach a athchóiriú go stádas gníomhach Caitear leis an ardphortach neamhghníomhach atá fágtha mar ghnáthóg thacaíochta ag na gnáthóga ó Iarscríbhinn I atá ar an ardphortach. Cuid riachtanach den aonad hidreolaíoch atá sa ghnáthóg thacaíochta seo atá de dhíth chun tacú le gnáthóga ar ardphortach, bíodh siad gníomhach nó díghrádaithe.. Is gá limistéir oiriúnacha de phortach réitithe a athchóiriú má tá Portach Ardaithe Gníomhach chun an riocht fabhraithe caomhantais a bhaint amach ar an láithreán. Mar sin féin, aithnítear gurbh fhéidir go mbeadh tréimhse fhada ag teastáil (is é sin, corradh le 30 bliain) i ndiaidh oibreacha athchóirithe cuí a dhéanamh ar na limistéir de phortach réitithe sula dtiocfaidh forbairt ar an ngnáthóg.

Mar chuid d’oibreacha athchóirithe feadh an phortaigh réitithe thiar de LCS Phortach Choillidh Chonnaidh, tugtar le fios go bhfuil fásra ceannródaíoch ‘portach ardaithe gníomhach’ le fáil ann 8 mbliana tar éis tabhairt fúthu sin. Dá mbainfí riocht fabhraithe caomhantais amach le haghaidh ‘Portach Ardaithe Gníomhach’ ar an láithreán meastar, mar thoradh air, go bhféadfaí riocht fabhraithe caomhantais a bhaint amach don dá ghnáthóg eile fosta. Tá an tuairim sin bunaithe ar an dlúthchaidreamh éiceolaíochta a mhaireann idir logáin i bPortach Ardaithe Gníomhach, Portach Ardaithe Díghrádaithe agus Rhynchosporion.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life