Fáilte chuig an tionscadal athchóirithe portaigh aonair is mó ar tugadh faoi riamh sa stát. Tá An Portach Beo – Tionscadal Athchóirithe na bPortach Beo (LIFE14 NAT/IE/000032) – ar siúl faoi láthair ag 12 phortach thar 7 gcontae, a bhuíochas do mhaoiniú ó EU LIFE Nádúr & Bithéagsúlacht agus cabhair bhreise ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Tá an Portach Ardaithe Gníomhach i nGréasán SAC na hÉireann á athchóiriú againn idir 2016 – 2021.

Tiocfaidh deireadh leis an tionscadail i mí na Nollag 2021. Ach mairfidh a oidhreacht mar go leanfaidh an Rialtas, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, den athchóiriú ar thailte móna ar fud na tíre.

An aidhm a bhí le tionscadal na bPortach Beo na feabhas a chur ar bhreis agus 2,600 heicteár de ghnáthóg thábhachtach portaigh ardaithe, ag athbheochan gnáthóige a thacaíonn leis na céadta de phlandaí agus speicis, mar aon le cuid mhór de na hainmhithe, éin agus feithidí is neamhchoitianta in Éirinn. Ach mar a tharlaíonn, tá níos mó ná sin athchóirithe aige, leis an gcuid is mó den obair athchóirithe déanta idir 2018 – 2020 agus breis agus 3,000 ha tugtha ar ais ina bheatha.

Gnáthóga sárluachmhara bogaigh is ea na portaigh ardaithe atá ag dul i léig go leanúnach mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna. Téann siad siar breis agus 10,000 bliain agus ag tráth den saol bhí siad ina gcoimpléisc fhorleathana de bhogaigh ar fud chuid mhór d’ísealchríoch láir na hÉireann ag clúdach 350,000 heicteár talún de réir meastacháin. Thar na mílte bliain, bhí siad fite fuaite i gcultúr agus i dtraidisiún na hÉireann, ach le meicniú na bainte móna, an t-éileamh ar mhóin ón earnáil ghairneoireachta agus úsáid na móna mar bhreosla chun leictreachas a ghiniúint, géaraíodh an míntíriú ar thailte móna in Éirinn chomh mór agus go raibh gach portach ardaithe sa tír faoi thionchar draenála, a bheag nó a mhór, agus cuid mhór acu damáistithe go do-athraithe agus go marfach. Gach a raibh fágtha, bhí sé damáistithe, pollta, draenáilte agus ag triomú amach. Níl aon phortach nach raibh tionchar air ag an sleán nó an meaisín.

Léarscáil Teorainn an Phortaigh os cionn 200 Bliain

An t-athrú atá tagtha ar Phortach Chlóirthigh i gContae Uíbh Fhailí le 200 bliain anuas. Pic: Patrick Crushell.

I ndeireadh na 1970í, tháinig borradh faoin tuiscint go raibh gá le caomhnú a dhéanamh ar ár dtailte portaigh – rómhall chun cuid mhór de phortaigh móra ardaithe na hÉireann a shábháil – ach in am le cuid de na cinn ghonta a bhí fágtha a shábháil. Tháinig an spreagadh ó Phortaigh Chlóirthigh, an Ráithín Mhóir agus an Mhongáin in Uíbh Fhailí, agus iompaíodh na staidéir ina ngníomhartha.

Bhí ról ag na portaigh ardaithe, an NPWS, gníomhaireachtaí stáit eile, NGOnna, daoine aonair, grúpaí, úinéirí talún agus eagraíochtaí i sábháil chuid de na samplaí is breátha de ghnáthóg nádúrtha portaigh ardaithe atá ar domhan Tá siad chomh tábhachtach sin go bhfuil 53 de na portaigh ardaithe sin roghnaithe agus ainmnithe faoin Treoir maidir le Gnáthóga mar SACanna (Limistéir Chaomhantais Speisialta) agus láithreáin Natura 2000.

Is minic a thugtar foraois bháistí na hÉireann ar na portaigh bheo seo a bhfuil fíorthábhacht leo i dtaca le bithéagsúlacht, rialúchán tuilte agus rialú astaíochtaí carbóin. Cé nach gclúdaíonn portaigh agus tailte móna ach 3% de dhromchla iomlán an domhain, meastar go stórálann siad 30% de charbón na hithreach agus a dhá oiread carbóin leis na foraoiseacha go léir atá ar domhan.

FAOI BHRÚ

Tá stádas caomhnaithe na bportach faoi bhrú ard leanúnach mar gheall ar ghníomhaíochtaí éagsúla talamhúsáide – go háirithe ó bhaint /sábháil na móna agus an draenáil a théann leis. Meastar go bhfuil laghdú 99% tagtha ar an achar bunaidh de phortaigh ardaithe atá ag fás go gníomhach; agus níl ach 1,650ha den phortach ard ‘slán’ ar féidir é a rangú anois mar ‘Phortach Ard Gníomhach’ atá beo.

Mar sin, tá gá práinneach leis an meath seo a chasadh timpeall agus feabhas a chur ar stádas caomhnaithe na bportach ardaithe gníomhach, agus dá bharr sin, in 2014, cuireadh €5.4 milliún de mhaoiniú ar fáil faoi chlár LIFE an EU (a thacaíonn le caomhantas dúlra agus tionscadail ghníomhaíochta aeráide ar fud an EU).

Is é an sprioc atá leis an tionscadal portaigh ardaithe LIFE seo ar deireadh thiar ná méadú éifeachtúil a chur ar an limistéar do Phortaigh Ardaithe Gníomhacha agus don limistéar náisiúnta gnáthóige ar 12 cheann de na 53 SAC trí réimse de bheartais athchóirithe. Tá scóip an tionscadail ollmhór. Blocáladh breis agus 200 km de dhraenacha doimhne a bhí bainteach le sábháil mhóna ar phortaigh arda agus réitithe ag úsáid beagnach 15,000 damba móna agus níos mó ná 500 damba plaisteach chun ná leibhéil uisce a ardú agus na portaigh a fhliuchadh in athuair. Níl sna feabhsúcháin ar chomhéadain, inlíonadh draenacha, fáil réidh le flóra áirithe, feabhsúcháin ar fhálú agus siúlbhealaí, pleananna dóiteáin agus soláthar conláiste ach cuid bheag den phlean athchóirithe ina iomláine.

Aidhm mhór den tionscadal ab ea tábhacht na bportach a scaipeadh agus pobail a thabhairt ar bord chun iad a chur ar ais ina gceart. Agus go deimhin fuair na hoibreacha tionscadail maidir le cumarsáid agus pobail, faoi stiúir an Bhainisteora Feasachta Poiblí Ronan Casey, aitheantas cuí as ón gCoimisiún Eorpach le hainmniúchán don Ghradam Natura 2000 i nDeireadh Fómhair 2020. Bhíomar ar cheann de na 27 craobhiomaitheoir idirnáisiúnta do na gradaim nádúir iontacha sin.

Tá conláistí poiblí den scoth, ag athcheangal pobail leis na portaigh ar chúiseanna difriúla ná mar a bhí san am atá caite, le cur ar fáil ar SAC Phortach Cheathrú na gCapall (nó ‘Portach Beo na Gaillimhe’ mar a thugtar air) sa Chreagán; ar SAC Phortach Chlóirthigh agus Phortach an Fhéir Bháin i gContae Uíbh Fhailí; SAC Phortach Cheathrú Bheithí, Co. Ros Comáin agus SAC Phortach Choillidh Chonnaidh, Co. an Chabháin.

Fiontar uaillmhianach, casta is ea athchóiriú na bportach ardaithe gníomhach, ag athchruthú na gcoinníollacha hidreolaíocha agus éiceolaíocha faoina n-athróidh gnáthóga fíorshúiteacha caonaigh sfagnaim ina móin nua.

Cuirfidh na hoibreacha athchóirithe feabhas ar 3,000 ha, geall leis, de ghnáthóg portaigh ardaithe – achar atá beagnach comhionann le 7,000 Páirc an Chrócaigh!

Portach ardaithe

Le hais na n-idirghabhálacha fisiciúla, dhírigh an plean ar chomhoibriú an phobail áitiúil a dhaingniú agus tuiscint náisiúnta níos mó a chothú faoin tábhacht atá le portaigh ardaithe na hÉireann agus le Gréasán Natura 2000 na hEorpa trí réimse de thionscadail for-rochtana agus feasachta poiblí.

Tá seachthairbhe shuntasach shocheacnamaíoch ar fáil ag na pobail áitiúla mar thoradh ar an tionscadal seo. Tá an luach taitneamhachta atá i bhformhór na láithreán an-fhabhrach agus cé nach n-úsáidfear na portaigh mar bhreosla, fós féin beidh ról lárnach acu i gcroí na bpobal áitiúil.

Seo í an Fhoireann Tionscadail LIFE a bhí i bhfeidhm d’fhormhór an tionscadail:

I bhfianaise astaíochtaí gáis cheaptha teasa na hÉireann a bheith ag ardú le tamall, is fiú a nótáil gur linnte dé-ocsaíd charbóin an-éifeachtúla iad na portaigh ardaithe. Tá modhanna nua forbartha ag tionscadal na bPortach Beo chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin, rud a thabharfaidh eolas tábhachtach don réimse sin.

Lena chois sin, thug an tionscadal faoi córas rangaithe nua a chruthú do limistéir réitithe de phortaigh arda, faoi cheannaireacht éiceolaí an tionscadail William Crowley agus George F Smith ó Blackthorn Ecology. Is féidir leat an IWM faoi sin a léamh ANSEO

Freisin, tá roinnt mhaith dul chun cinn déanta ag tionscadal na bPortach Beo chun cosaint a thabhairt do na céadta speiceas nádúrtha a bhfuil portaigh bheo mar áit chónaithe acu.

Tearmann do chuid mhaith speiceas éan is ea na Portaigh Ardaithe. Is é an crotach an t-éan is mó atá i mbaol in Éirinn anois agus meastar gur ar na portaigh atá a nead ag 70% den 130 péire pórúcháin a bhí fágtha nuair a facthas iad in 2016. Ar an dul céanna, tá an Chearc / Coileach Fraoigh faoi bhagairt agus a bhfadsaoil ag brath ar phortaigh maithe boga.

Crotach sa PhortachGé Ghraonlainn eireaball BhánCearc Fhraoigh

Tugann cuid mhór éan neamhdhúchasach cuairt ar ár bportaigh ardaithe, ag ligean a scíth agus ag fáil bia ar a n-aistear. Tá a saol sin ag brath ar dhóthain thailte boga cosúil le portaigh arda a bheith acu. A bhuíochas don Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna agus Aonad na dTailte Móna den NPWS, bhíomar in ann dul i gcomhar le Cairde Éanlaith Éireann chun tabhairt faoi suirbhéanna éan ar chuid dár láithreán. Tá na torthaí air sin le foilsiú ag deireadh 2021. (nóta: ní raibh an obair sin áirithe sa mhaoiniú a thug an AE/NPWS bunaithe ar an gcáipéis thairisceana)

Lena chois sin, fásann raon mearbhlach de phlandaí nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar phortaigh arda. Maidir le sainphlandaí ar nós an speicis feoiliteach Drosera (Drúchtín) a itheann míoltóga nuair a sháinníonn a bhraiteoga na feithidí agus ansin súnn sé an bheatha astu; nó lus an bhorraigh a shlogann na feithidí isteach i gcillín uisciúil, níl siad le fáil in aon ghnáthóga eile in Éirinn. Maidir leis na caonaigh Sfagnaim as a bhforbraíonn portaigh agus atá le fáil go flúirseach i dtailte portaigh, ní bhíonn an tábhacht céanna leo in aon chineál gnáthóige eile. Bíonn breis agus dhá dhosaen Sfagnam ag obair ar phortach ardaithe Éireannach ag aon am ar leith.

Tá inveirteabraigh, amfaibiaigh agus feithidí in ann a bheith rathúil freisin ar phortach ardaithe Éireannach agus tá cuid mhaith feithidí ar ár láithreáin thionscadail nach bhfuil le fáil in aon áit eile.

Mar acmhainn oideachais agus thurasóireachta, níl sárú an portaigh ardaithe mar éiceachóras neas-nádúrtha le fáil in Éirinn. Tá spreagadh tugtha do dhaoine óga ó leibhéal na Scoile Náisiúnta suas go dtí an Ollscoil a theacht chuig ár láithreáin (suas go dtí an ráig Covid-19 i Márta 2020) chun foghlaim faoin tírdhreach uathúil seo a chaithfear a chosaint agus a athbheochan. Tugadh cuairt ar bhreis agus 300 foras. Spreagadh Tionscadail Scoile agus Coláiste, agus fiú go raibh buaiteoir gradaim againn ag comórtas Eolaí Óg BT, mar go bhfuil ról ag portaigh ardaithe i ngach cineál gníomh comhshaoil, ó mhaolú tuilte go dtí stóráil charbóin.

Coinnigh súil ar ár meáin shóisialta agus ar ár leathanaigh TWITTER agus FACEBOOK atá lán de ghníomhaíocht agus comhrá, agus lean/is maith liom a thabhairt dóibh.

Facebook Twitter

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life