Chuir an Portach Beo tús lena chuid oibre ar Phortach Beo na Gaillimhe go gairid i ndiaidh thús an tionscadail. Bhuaileamar leis an bpobal áitiúil gach áit thart ar an bportach i gcistineacha, ionaid pobail, caiféanna, tithe tábhairne agus ar an bportach le tuiscint níos fearr a fháil ar shaol an phortaigh agus thart air.

Chuir Ronan Casey, an Bainisteoir Feasachta Pobail (2016-2021) tús leis an obair ar choiste áitiúil portaigh a chur ar bun a d’oibreodh taobh leis an tionscadal. Ba léir roimh i bhfad go raibh an-dúil sa phortach go háitiúil agus go mbeadh suim ag daoine an áit ghalánta faoi leith seo a chur os comhair an phobail níos forleithne.

Le cúig bliana anuas, tá an coiste áitiúil, treoraithe ag Paul Connaughton agus Maura Hannon, i ndiaidh pleananna a cheapadh agus obair a dhéanamh le Rialtas na hÉireann, le gníomhaireachtaí agus leis an Aontas Eorpach ionas gur áit a bheidh sa phortach a dtiocfaidh muintir na háite agus cuairteoirí idirnáisiúnta ar cuairt.

Tá torthaí ó phleananna ón bpobal le haghaidh áiseanna cois portaigh, agus i bhfoirgneamh Theilea-obair na Gaillimhe i Marglann an Chreagáin, ag teacht chun críche. In 2021, déanfar lúba nua coisíochta agus páirc i nGairdín Patch, agus tuilleadh lena chois Go dtí seo, tá na mílte cuairteoir meallta chun an phortaigh ag an bhfoireann agus ag Ronan (a d’fhág an tionscadal in Aibreán 2021) mar thoradh ar an obair phobail ar dóigh atá ar bun anseo. Tá an obair sin ar cheann de na cúiseanna ar ainmnigh an Coimisiún Eorpach an tionscadal le Gradam Natura 2000a fháil in 2020.

Tá pobal scoileanna, coláistí agus na háite i ndiaidh a bheith i gcuideachta turasóirí agus daoine eile. Is féidir turais oideachais do gach aois a shocrú, agus tá an portach le bheith ar cheann de na nithe is díol spéise bunaithe ar phortach is tábhachtaí sa tír, taobh le Portach Chlóirthigh, Loch na Buaraí, an Chorr Liath, Achaidh Chéide agus Ionad Mhóin Alúine Chomhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann.

Anuas ar an obair a bhaineann leis an bPobal, Cumarsáid, Feasacht Phoiblí agus Rannpháirtíocht, bhí foireann an tionscadail gnóthach ag obair ar an bportach féin a athchóiriú.

Le linn tréimhse cúig mhí, rinneadh thart ar 3,000 damba móna a shuiteáil ar na codanna réitithe den phortach (áit a ngearrtaí móin) agus ar an ardphortach

Rinneadh cuid ollmhór taighde éiceolaíochta agus hidreolaíochta ar an bportach. An fhoireann taighde ná Hidreolaí an Tionscadail John Cody, Éiceolaí an Tionscadail William Crowley agus a fhoireann, George F Smith, Fernando Fernandez agus John Derwin ina measc.

Ceann de na gnéithe ba mhó den taighde hidreolaíoch ná gur suiteáladh flúma chun monatóireacht a dhéanamh ar a raibh san uisce a bhí ag sruthlú as portach (féach an blag áit eile ar an suíomh seo).

Beidh na mionsonraí ar fad ón taighde ar fáil nuair a thiocfaidh deireadh leis an tionscadal i mí na Nollag 2021.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life