Ionad Cuairteoirí & Oideachais Chlóirthigh

Tugann Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh, a bhfuil gradaim buaite aige, agus atá suite 1.5km ó Phortach Chlóirtigh, léargas iontach do chuairteoirí ar 10,000 bliain de stair ar an bportach. Clúdaíonn an réimse idirghníomhach léirmhínithe téamaí ar nós: forbairt tailte portaigh; bithéagsúlacht na bportach ardaithe; an stair agus an tseandálaíocht a bhaineann le portaigh ardaithe; agus roinnt fíricí uathúla faoi Phortach Chlóirthigh.

Is féidir leis an seomra Closamhairc ilchuspóireach freastal ar ghrúpaí de 50 agus tá sé ar fáil le haghaidh cruinnithe, cainteanna, ceardlanna agus cúrsaí do ghrúpaí áitiúla/comhshaoil. Cuireann an tIonad Cuairteoirí siúlóidí, cainteanna, ceardlanna agus gníomhaíochtaí oideachais eile ar fáil do dhaoine fásta agus do pháistí.

Faoi láthair, tá sé oscailte ó Aibreán – Deireadh Fómhair. Tá amanna oscailte san Ionad faoi réir athraithe mar gheall ar thurais srl., mar sin moltar seiceáil sula dtabharfaidh tú cuairt air.

Tá an tIonad Cuairteoirí in aice le Leabharlann Chlóirthigh. Chun eolas a fháil, glaoigh ar (057) 936 8878, nó féach ar Shuíomh Gréasáin Phortach Chlóirthigh agus a Leathanach Facebook.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life