Go hÁitiúil agus sa Phobal

DÉAN TEAGMHÁIL
Is leis na pobail atá thart ar SAC Phortach Choillidh Chonnaidh agus bhaile an Mhullaigh an leathanach seo. Cibé grúpa oidhreachta áitiúil, bothán na bhfear, eagraíocht spóirt, cumann turasóireachta agus forbartha, grúpa carthanais nó fiú daoine aonair sibh a bhfuil rud éigin ar díol spéise é le cur faoi bhráid an phobail agaibh, is duitse an chuid seo de láithreán Choillidh Chonnaidh.

Tá an Bainisteoir Feasachta Poiblí, Ronan Casey, ag cur scéalta agus stair ón gceantar le chéile i láthair na huaire. Má tá scéalta, grianghraif, faisnéis nó ní ar bith agat a bhaineann leis an bportach nó leis an gceantar máguaird, seol ríomhphost, le do thoil chuig ronan.casey@housing.gov.ie nó cuir glaoch ar Ronan ag 076 1002627..

Má tá láithreacht gréasáin pobail agat, nó nuachtlitir nó bileog fhaisnéise ar mhian leat a sheoladh ag lucht féachana níos leithne, ná bíodh drogall ar bith ort glaoch a chur ar Ronan agus cuirfear an t-ábhar ar an láithreán seo.

Déanfaimid nasc freisin le daoine agus imeachtaí spéisiúla sna ceantair mórthimpeall ar an bportach ardaithe tábhachtach seo. Teastaíonn uainn ceiliúradh a dhéanamh ar an gceantar seo san am a caitheadh, san am i láthair agus amach anseo.

Is fiú lucht féachana níos leithne an cultúr agus na traidisiúin a bhaineann leis na portaigh sa Chabhán, sa Mhí agus san Oirthuaisceart agus tá an Bainisteoir Feasachta Poiblí ar bís ceiliúradh a dhéanamh ar an ngné seo de na portaigh ar aon dul le caomhnú agus athchóiriú na bportach ardaithe.

Tabhair ar aird, le do thoil, nach ionann alt ar bith a fhoilsiú nó mionsonraí a roinnt maidir le himeachtaí, srl., agus a mhaíomh go bhfuil ‘an Portach Beo’ (LIFE14 NAT/IE/000032), DAHRRGA, agus LIFE an AE ag tacú leo. Níl ann ach go bhfuilimid ag oscailt fóram chun an phobail áitiúil. Níl gá gurbh iad tuairimí LIFE14 NAT/IE/000032 nó aon chomhlacht eile a bhaineann leo, na tuairimí a nochtar.


Portach an Mhullaigh: Ósais don am i láthair agus acmhainn don todhchaí

Le Jim Smyth, Ráth an Tamhain, Mullach – A foilsíodh ar dtús i nuachtán an ANGLO CELT sa bhliain 1997.

Thosaigh Portach an Mhullaigh ag teacht le chéile thart ar 10,000 bliain tar éis na hOighearaoise deiridh De réir mar a d’éirigh an aeráid níos teo thosaigh an leathán oighir a bhí míle go míle go leith ag leá agus d’fhág smionagar idir ithir, clocha beaga agus bolláin ina dhiaidh. Chruthaigh mullóga móra den smionagar seo droimíní mar a thugaimid inniu orthu agus cruthaíodh lochanna sna loig idir na cnoic nach raibh ag draenáil rómhaith. De réir mar a chuaigh an t-oighear ó thuaidh d’fhág sé gnáthchruth droimíneach ina dhiaidh – géar ar thaobh amháin agus fadálach ar an taobh eile i dtreo an oighir a bhí ag cúlú. Bhí na mílte acu seo ann agus mar thoradh air sin tugadh ‘topagrafaíocht dhroimníneach’ air.

Is féidir bolláin mhóra ar a dtugtar carraig chorr orthu a fheiceáil i gcónaí i measc na ndroimíní. Tugann marcanna nó scríobadh ar na bolláin seo léiriú uaireanta ar threo an oighir Is minic a bhain daoine úsáid as na bolláin seo le haghaidh séadchomharthaí beannaithe, daingniúcháin nó marcóirí d’adhlactha a thógáil.

Tar éis den oighear leá cruthaíodh loch éadomhain, m.sh. mar atá i bPortach an Mhullaigh/Choillidh Chonnaidh/Cloughbally mar atá le feiceáil againn inniu. Bhí an aeráid thais agus fionnuar oiriúnach d’fhorbairt fásra, a chruthaigh eanaigh agus de réir mar a d’éirigh sé níos dlúithe – portaigh. Chinntigh an aeráid thais soláthar flúirseach báistí d’fhás leanúnach an phortaigh agus rinne an teocht fionnuar teorannú ar an ráta galaithe.

Bheadh cailc ar nós marla á chruthú ar íochtar an locha mar gheall ar dhroch-dhraenáil agus chuideodh sé le huisce a choinneáil chomh maith Is iad na trí chomhábhar a théann chun leasa d’fhás an phortaigh; Méid na báistí; Teocht íseal a laghdaíonn galú; Agus ithir a chuireann cosc ar dhraenáil. Faoina coinníollacha leathbháite seo níor lobh na plandaí marbha feadh ciumhais an locha agus thosaigh siad ag cruthú móna agus ag feidhmiú mar ancaire a chuidíonn le tuilleadh plandaí fás agus thar na céadta bliain déanann sé seo carn agus laghdaíonn méid an locha ó loch go heanach go portach ardaithe.

Is Caonach Móna a thugtar ar an bplanda is flúirsí atá ag fás ar an dromchla. Tá an caonach thar a bheith tábhachtach ó thaobh portach a chruthú mar go bhfeidhmíonn sé mar spúinse mór ag tarraingt aníos an uisce de réir mar a fhásann sé.

Le linn stair fhada an fháis, d’fhan an teocht seasta ar feadh an ama go léir beagnach Mar sin féin, thart ar 4,500 bliain ó shin tháinig laghdú ar an titim báistí bliantúil. Mar gheall air sin triomaigh an portach amach go pointe áirithe agus thug an deis d’ionradh agus do bhunú foraois phéine. Mhair an fhoraois seo ar feadh thart ar 500 bliain nó gur éirigh an aeráid níos fliche arís. Thosaigh an portach ag fás arís agus fuair an dromchla níos fliche agus cailleadh na crainn agus an fásra. Bhí an caonach ceannasach agus cailleadh na plandaí seo. Nochtann lucht bainte móna stoic na gcrann seo ó am go ham.

Chlúdaigh limistéar phortach ardaithe an Mhullaigh thart ar 1000 acra. Tá sé teoranta d’abhantrach éadomhain den loch a bhí ann roimhe seo. Ní fhásfaidh sé níos faide ná an pointe seo mar go ndéanann an titim báistí a bhíonn ar an bportach teorannú ar aon leathadh amach eile. Sa chás gurbh é Iarthar na hÉireann a bheadh i gceist, áit a bhfuil níos mó báistí agus aeráid theas, ansin d’fhéadfadh an Caonach Móna leanúint leis an fhás thar an tírdhreach agus d’fhéadfadh bratphortach a chruthú.

Tá sé neamhghnách in Éirinn agus san Eoraip go bhfuil céatadán chomh hard sin de Phortach an Mhullaigh fós gan milleadh. De réir cosúlachta le himeacht na mblianta agus an mhóin á baint ar an mbealach traidisiúnta, tháinig fás leordhóthanach ar an bportach gach aon bhliain a rinne suas don mhóin a baineadh d’úsáid áitiúil. Mar sin féin, tá athrú thar na bearta tagtha ar an gcás sin le blianta beaga anuas le teacht trealamh meicniúil baint mhóna agus draenáil á dhéanamh ar an bportach.

á an spúinse ag éirigh níos tirime le himeacht na mblianta. Feidhmíonn an portach mar spúinse ollmhór sa cheantar áitiúil. Tá an portach mar sceithbhealach mór ó thaobh uisce a shúigh isteach nuair a bhíonn tuilte ann. Nuair a bhíonn triomach ann cuireann an portach uisce ar fáil don cheantar áitiúil. Dá bhrí sin, feidhmíonn portach atá ag obair go maith mar chosaint idir an pobal áitiúil agus triomach agus tuilte. Má cheadaítear an portach a dhraenáil go neamhshrianta, ansin d’fhéadfadh titim a theacht ar leibhéal an uisce i Loch an Mhullaigh agus tá impleachtaí aige sin freisin don uile dhuine, mar gurbh é an loch soláthar uisce an bhaile agus tá an sceitheadh mar fhoinse luachmhar uisce don eallach.

Le gairid, cuireadh ordú caomhnaithe ar phíosa mór den phortach agus caithfear a bheith aireach agus tuiscint a bheith againn ar an bhfiúntas a ghabhann leis an acmhainn luachmhar seo agus an cúnamh a thug sé do mhuintir na háite san am a caitheadh agus a bheidh á thabhairt aige do mhuintir na háite amach anseo.

Tá sé níos tábhachtaí ná riamh, agus níos mó líonraí bóithre beartaithe, a osclóidh suas an tuath do thionsclaíocht agus do thithíocht, na tailte portaigh a chaomhnú ar mhaithe le tacú leis na leibhéil uisce a theastaíonn chun freastal ar riachtanais amach anseo.

Is áiteanna fíorshuimiúil iad na portaigh féin. Ar an gcéad amharc, tá cuma dhorcha, comhréidh, gan chroí ar na portaigh ardaithe. Ach nuair a fhéachtar níos grinne orthu, is údar iontais iad le flóra agus fána nach féidir a leithéid a fháil. Tá an portach ar an tearmann deiridh dár bhfiadhúlra dúchasach agus do go leor dár bplandaí agus luibheanna neamhchoitianta Scriosadh go leor den éagsúlacht iontach seo an uair dheiridh ar loisceadh an portach Hopefully through increased understanding this disaster will never happen again. Ó tharla an loscadh níl go leor den fhána ach ag tosú ag fás arís agus tá éagsúlacht leathan plandaí le feiceáil ag fás ar an mbruach ard. Tá go leor speiceas difriúla de Chaonach Móna ag fás, ag cur leis na dathanna éagsúla atá ann cheana féin. Is limistéar fara sábháilte atá sa phortach don fhiadhúlra ó thaobh pórú agus cuireann an fraoch cosaint bhreise ar fáil.

Tá cumhachtaí iontacha ó thaobh caomhnaithe ag an bportach mar gheall ar easpa ocsaigin. Fuarthas go léir míreanna agus sean-iarsmaí sna portaigh Baineadh úsáid as na portaigh freisin le him agus feoil a stóráil agus lena gcoinneáil úr agus fuar. Fuarthas taisí daonna freisin a raibh bail mhaith orthu tar éis a bheith curtha sa phortach leis na mílte bliain.

Móin

Móin a sholáthar lena húsáid ag an teaghlach an phríomhúsáid a baineadh as an bportach sa Mhullach. Tá lár an phortaigh an-fhliuch agus preabach le siúl air agus ciallaíonn sé seo go bhfuil bail shláintiúil ar an bportach. Tá an t-imeall triomaithe amach, cé go bhfuil próifíl traidisiúnta dronnach ar an bportach ardaithe traidisiúnta. Déanta na fírinne, is beagnach uisce ar fad atá sa phortach, chomh hard le 95%, ach nuair a ghearrtar na fóid agus nuair a chuirtear faoin ngrian agus faoin ngaoth iad crapann siad agus éiríonn siad crua agus tirim agus déanann siad breosla iontach don teach cónaithe.

Nuair atáthar ag baint mhóna baintear an scraith uachtair agus faightear réidh leis na scraitheanna sin mar nach n-oireann siad mar bhreosla, ach tá siad thar barr mar inslitheoir teasa i dtithe ceann tuí Fágtar na fóid mhóna ar dhromchla an phortaigh ansin lena dtriomú. Is ‘sleán’ a thugtar ar an spád speisialta seo. Fágtar na fóid mhóna ar dhromchla an phortaigh ansin lena dtriomú. Is ‘sleán’ a thugtar ar an spád speisialta seo. Nuair a bhíonn an mhóin ar an mbruach íochtair sách triomaithe déantar í a chruachadh ansin. Sna blianta atá imithe mhair sábháil na móna amach sa bhfómhar. Tá tréimhse i bhfad níos giorra i gceist sa lá atá inniu againn mar gheall ar an innealra nua-aimseartha.

Ní raibh aon bhagairt mhór ann don phortach go dtí an lá atá inniu ann agus teacht innealra nua-aimseartha. Ní linne an portach lena scriosadh. D’fhéadfadh go gciallódh teacht slán an phortaigh cuid ríthábhachtach den neamhspleáchas idir an duine agus an tírdhreach. Má mharaíonn tú duine amháin beidh daoine eile ag fulaingt. Sular cuireadh tús le draenáil ar mhórscála, bhí 90-95% uisce sa phortach, ach inniu tá an méid sin i bhfad níos lú agus tá an portach ag fáil bháis. Blocáladh cuid de na draenacha san phortach Ní mór dul i gcomhairle le feirmeoirí comharsanachta maidir leis an ábhar seo ar mhaithe le comhoibriú seachas coimhlint a spreagadh.

An todhchaí

Is í Éire an tír is faide siar san Eoraip. Tá formhór na dtailte portaigh ar mhórthír na hEorpa díothaithe anois. Chun ár bportaigh a chaomhnú ní mór dúinn féachaint ar an gcomhthéacs Eorpach níos leithne Tá an t-ádh orainn go bhfuil portach ardaithe suntasach againn sa Pharóiste seo atá oiriúnach do chaomhnú agus do shaothrú. Tá a gcuid portaigh go léir bainte ag go leor de thíortha na hEorpa agus tá iarracht á dhéanamh acu go saorga anois coinníollacha fáis portaigh a chruthú arís ar chostas ollmhór. Tá aiféala orthu anois nach raibh siad sách fadbhreathnaitheach ó thaobh roinnt dá bportaigh beo a chaomhnú Mar gheall air sin, tá fonn orthu a bheith rannpháirteach le muintir na hÉireann chun na tailte portaigh a chaomhnú Bunaíodh an Fhondúireacht Dhúitseach um Chaomhnú Phortaigh na hÉireann sa bhliain 1983 chun airgead a bhailiú chun portaigh atá i mbaol a chosaint.

Tá dreasachtaí airgid ar fáil d’fheirmeoirí chun caomhnú a dhéanamh ar bhruacha portaigh faoin gclár REPS Meastar go bhfuil portaigh deich n-uaire níos fearr ó thaobh an t-atmaisféar a ghlanadh seachas mar atá an Fhoraois Bháistí.

Mar gheall ar éagsúlacht na gnáthóige ar dhromchla an phortaigh agus sa cheantar máguaird araon, d’fhéadfadh siad a bheith fíor-spéisiúil ó thaobh oideachais agus turasóireachta de, go háirithe do thionscadail scoile. D’fhéadfaí an portach ardaithe a úsáid do theagasc na Bitheolaíochta, na hÉiceolaíochta, na Ceimice, Stair, Tíreolaíocht agus Béaloideas. D’fhéadfadh grianghrafadóirí agus éaneolaithe agus breathnóirí fiadhúlra é a úsáid freisin trí bhotháin a thógáil do bhreathnóireacht.

Tá Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann rannpháirteach i bhfeachtas maidir le stocaireacht ar an rialtas, ag cur feasacht phoiblí agus oideachais chun cinn. Dírítear san fheachtas ar phortaigh ardaithe a chaomhnú mar go bhfuil uair na cinniúna sroichte ag an ngnáthóg uathúil seo. Mar sin féin, níor chóir féachaint ar chaomhnú mar ghníomhaíocht ag roghchoiste ach ba chóir féachaint air mar phlean foriomlán a théann chun leasa don phobal iomlán Is ar mhaithe le leasa an uile dhuine an portach a chaomhnú agus iarracht a dhéanamh riocht an phortaigh i láthair na huaire a fheabhsú. Tá am a chaomhnaithe buailte linn. Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar an acmhainn luachmhar a ghabhann lenár dtírdhreach agus leis an fhiadhúlra. Ní fhéadfaí cur suas le scrios gan teorainn a dhéanamh ar gné tírdhreacha na hÉireann gan iarracht a dhéanamh lena chinntiú go ndéantar caomhnú ar an tírdhreach seo do na glúnta atá le teacht

Conclúid

Tá sé feicthe againn sa mhéid atá thuas chomh tábhachtach is atá sé feidhmiú folláin an phortaigh a chinntiú mar rialtán uisce agus mar ósais don fhiadhúlra, do phlandaí agus do luibheanna. Tá sé feicthe againn chomh maith gur féidir úsáid a bhaint as an bportach agus as a chórais dhifriúla mar uirlis oideachais do dhaltaí sa pharóiste agus lasmuigh atá ar leibhéil éagsúla, b’fhéidir go bhféadfaimis féachaint ar Mháistreacht agus ar Dhochtúireachtaí a chur i dtoll a chéile bunaithe ar ár bportach. Tá sé feicthe againn freisin go bhféadfaí áit a mbíonn an-tóir ag turasóirí air a dhéanamh den phortach do lucht faire agus do ghrianghrafadóirí éin, fiadhúlra agus flóra Éireannacha agus Eachtrannacha. Is bealach atá ann freisin le hathchruthú a dhéanamh ar scéal an phortaigh agus na ndaoine a mhair ansin agus an bealach ar thug siad faoin saol ar bhonn laethúil.

Ba mhór an trua dul tríd an saol gan cur go dearfach le folláine an comhshaol.

Bhí go leor pobail eile cosúil linn féin timpeallaithe ag áit a bheadh mar áit uathúil do mhuintir na hEorpa agus don Lucht Acadúil agus níor thug an pobal faoi deara riamh é. Tá a fhios againn anois go bhfuil an acmhainneacht féideartha againn maidir leis an méid atá ar fáil ó thaobh Iniúchadh Acmhainní a dhéanamh ar an bportach, meastachán a dhéanamh maidir lena fholláine reatha agus an méid a bheadh i gceist lena chaomhnú agus le tairbhe a bhaint go tuisceanach as a acmhainneacht oideachais, cultúrtha agus turasóireachta. Ansin, mar phobal, d’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú a dhéanamh ar an gcara seo atá inár measc.

Jim Smith, Ráth an Tamhain, an Mullach, Contae an Chabháin.

 

*SÉANADH: Is leagan iomlán atá san alt thuas den alt a chuir fear áitiúil ón Mhullach, Jim Smith chuig líon comhlachtaí agus chuig irisleabhair sa bhliain 1997. Táimid ríméadach an t-alt a athfhoilsiú ar láithreán gréasáin ‘An Portach Beo’. Tabhair ar aird, le do thoil, nach ionann an t-alt a athfhoilsiú agus tacú leis an alt. Ní hiad tuairimí agus pointí ‘an Portach Beo’ LIFE14 NAT/IE/000032 nó DAHRRGA nó LIFE an AE na tuairimí agus na pointí atá san alt thuas agus is iad tuairimí an údair féin atá ann. Bhí an t-alt seo i bhfoirm a bhí curtha in eagar i nuachtán an Anglo Celt sa bhliain 1997:

 

PORTACH AN MHULLAIGH – AGUS CÉN FÁTH GUR CHÓIR DÚINN É A CHAOMHNÚ

Is féidir ceantar an Mhullaigh a rangú mar cheantar ina gclúdaíonn portach ardaithe thart ar 1000 acra. Má cheadaítear don leibhéal reatha baint mhóna leanúint ar aghaidh gan tabhairt faoi ghníomh, bliain ní bheidh aon phortach againn le caomhnú laistigh de chúpla. Tá go leor de na portaigh faoi bhagairt díothaithe anois. An bhfuilimid cinnte go dteastaíonn uainn go dtarlódh an rud céanna don sampla breá de phortach ardaithe atá againn féin. Nuair a bhíonn portaigh imithe, ní féidir iad a thabhairt ar ais. Anois an t-am is fearr leis an mbagairt a thuiscint i gceart agus feidhmiú go freagrach. Tá líon cúiseanna ann go mbaineann tábhacht le caomhnú a dhéanamh ar ár bportach ardaithe.

Is é an Caonach Móna an planda ceannasach. Tá speicis dhifriúla den chaonach seo ar an bportach, ag cur le héagsúlacht an datha. Mar gheall ar an draenáil, tá limistéar fada feadh imeall an phortaigh níos tirime ná an chuid atá níos faide isteach, agus dá bhrí sin níl siad chomh maith leis na plandaí atá níos faide isteach ar an bportach.

Is mór an acmhainn portach ardaithe a bheith i gceantar ó thuairimí éagsúla. Is dócha go dtéann an portach siar 10,000 bliain agus mar gheall ar an mbealach inar fhás sé le linn an ama sin tá go leor faisnéise caomhnaithe ann. Is féidir samplaí de dhair phortaigh a fheiceáil i seantithe ar baineadh úsáid aisti os cionn fuinneoga agus doirse. Feidhmíonn an portach atá againne mar spúinse ollmhór sa cheantar. In aimsir tuilte tá an portach mar sceithbhealach ollmhór agus le linn triomaigh tá sé mar thaiscumar ollmhór. Is féidir leis an bportach cabhrú le leibhéil an uisce i ndobharcheantair a rialú. Má cheadaítear don phortach draenáil, ansin d’fhéadfadh leibhéal an uisce i Loch an Mhullaigh titim agus bheadh impleachtaí aige sin don uile dhuine – mar gurbh é an loch soláthar uisce an bhaile agus tá an sceitheadh mar fhoinse luachmhar uisce don eallach

Mar gheall ar éagsúlacht na gnáthóige ar dhromchla an phortaigh agus sa cheantar máguaird araon, d’fhéadfadh siad a bheith fíor-spéisiúil ó thaobh oideachais agus turasóireachta de, go háirithe do thionscadail scoile. D’fhéadfaí an portach ardaithe a úsáid do theagasc na Bitheolaíochta, na hÉiceolaíochta, na Ceimice, na Staire, na Tíreolaíochta agus an Bhéaloidis. Ní mór dúinn caomhnú an phortaigh a fheiceáil i gcomhthéacs na hEorpa. Tá formhór na dtailte portaigh ar mhórthír na hEorpa díothaithe anois. Tá an t-ádh orainn go bhfuil portach ardaithe suntasach againn sa Pharóiste seo atá oiriúnach do chaomhnú agus do shaothrú. Tá a gcuid portaigh go léir bainte ag go leor de thíortha na hEorpa agus tá iarracht á dhéanamh acu go saorga anois coinníollacha fáis portaigh a chruthú arís ar chostas ollmhór. Tá aiféala orthu anois nach raibh siad sách fadbhreathnaitheach roinnt dá bportaigh beo a chaomhnú. Mar gheall air sin, tá fonn orthu a bheith rannpháirteach le muintir na hÉireann chun na tailte portaigh a chaomhnú. Bunaíodh an Fhondúireacht Dhúitseach um Chaomhnú Phortaigh na hÉireann sa bhliain 1983 chun airgead a bhailiú chun portaigh atá i mbaol a chosaint.

Tá Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann rannpháirteach i bhfeachtas maidir le stocaireacht ar an rialtas, ag cur feasacht phoiblí agus oideachais chun cinn. Dírítear san fheachtas ar phortaigh ardaithe a chaomhnú mar go bhfuil uair na cinniúna sroichte ag an ngnáthóg uathúil seo. Mar sin féin, níor chóir féachaint ar chaomhnú mar ghníomhaíocht ag roghchoiste ach ba chóir féachaint air mar phlean foriomlán a théann chun leasa don phobal iomlán Is ar mhaithe le leasa an uile dhuine an portach a chaomhnú agus iarracht a dhéanamh riocht an phortaigh i láthair na huaire a fheabhsú Tá portaigh ardaithe ina limistéir fáis ollmhóra ó thaobh na turasóireachta de. Tá na feirmeoirí atá rannpháirteach is scéim REPS i dteideal préimh bhreise de 20% má dhéanann siad caomhnú ar an bportach atá ceangailte lena bhfeirm.

Bheadh gá le suirbhé níos mionsonraithe a dhéanamh ar (Phortach an Mhullaigh) chun a thábhacht ó gach tuairim a mheas. Is £1,000 costas an tsuirbhé.

Jim Smith, Ráth an Tamhain, Mullach, Contae an Chabháin.

*SÉANADH: Tá ríméad orainn an litir seo le fear áitiúil ón Mullach, Jim Smith a scríobhadh sa bhliain 1997 a athfhoilsiú. Ní hiad tuairimí agus pointí ‘an Portach Beo’ LIFE14 NAT/IE/000032 nó DAHRRGA nó LIFE an AE na tuairimí agus na pointí atá san alt thuas agus is iad tuairimí an údair féin atá ann.

 

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life