Go háitiúil agus sa Phobal

Is leis na pobail áitiúla thart ar Phortach Ard an Chuilinn é an leathanach seo. Más grúpa áitiúil oidhreachta, grúpa comhshaoil, bothán na bhfear nó eagraíocht spóirt atá agaibh, is daoibhse an rannóg seo ar shuíomh gréasáin LIFE.

Tá an Bainisteoir Feasachta Poiblí seo againne ag obair chun feasacháin, míreanna nuachta, scéalta, eolas ar imeachtaí agus tionóil chomh maith le stair áitiúil an cheantair a chur i dtoll a chéile. Más rud é go bhfuil aon scéalta suimiúla agaibh, nó grianghraif nó aon rud a bhaineann le hArd an Chuilinn nó leis an gceantar máguaird, seol ríomhphost chuig an tionscadal.

Más rud é go bhfuil bhur ngrúpa pobail gníomhach ar an idirlíon, nó má tá nuachtlitir nó bileog eolais agaibh atá sibh ag iarraidh a scaipeadh i measc pobal níos leithne, ná bíodh moill ar bith oraibh Ronan a chur ar an eolas faoi agus beimid in ann é a chur ar an suíomh seo.

Déanfaimid plé ar dhaoine suimiúla agus ar imeachtaí i gContae an Longfoirt agus sna ceantair eile thart ar an bportach ardaithe seo.


MEATHAS TROIM

Baile beag ach baile gnóthach is ea Meathas Troim, nó Mostrim mar a thugtaí air idir an tSaoirse agus 1974, le ceangail stairiúla agus liteartha a mbeadh áthas ar aon chathair mhór mórtas a dhéanamh astu! Tagann cuid mhór d’oidhreacht shaibhir Mheathas Troim as an gceangal a bhí aige le teaghlach cáiliúil Edgeworth, Oscar Wilde agus lear mór de dhaoine stairiúla eile.

Cumann Edgeworth

Cuireann Conair Liteartha Edgeworth siúlóidí faoi threoir ar fáil don chuairteoir mar aon le deis chun leanacht de chonair Maria Edgeworth agus a teaghlach, Oliver Goldsmith, Sir Walter Scott, William Wordsworth agus Oscar Wilde. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an nGarraí Daingean ag Teach Mheathas Troim, Teach an Reachtaire (an áit a rugadh an Abbé Edgeworth) mar aon le Séipéal N. Eoin agus an reilig ina bhfuil Isola Wilde curtha.

I mí Feabhra 2017, reáchtáil Cumann Edgeworth lá corraitheach i gcuimhne ar Isola Wilde i dteach an reachtaire le comóradh a dhéanamh ar an 150 bliain ó cailleadh í agus í gan ach 9 mbliana d’aois. D’imir bás Isola tionchar i dteach an reachtaire nach beag ar a deartháir, Oscar. Ba mhinic a thugadh sé cuairt ar a huaigh i Meathas Troim agus bhí folt gruaige dá cuid ina sheilbh aige i rith an ama. Bhí tagairtí di ina chuid oibre, sa dán ‘Requiescat’ go háirithe, a scríobh sé i gcuimhne uirthi.

Bíonn siúlóidí ar chonairí liteartha ann go minic. Is féidir dátaí agus araile a shocrú ach an fhoirm ar leathanach teagmhála an chumainn a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le Cumann Edgeworth. Is Seoladh ríomhphoist an chumainn ná edgeworthsociety@eircom.net agus is féidir glao a chur ar 00353-436671801 chomh maith (idir 9am agus 5pm GMT).

Féile Liteartha Edgeworth

Gach Bealtaine, óstálann an baile Féile Liteartha Edgeworth . Déanann sé ceiliúradh ar oidhreacht liteartha Mheathas Troim chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na húdair reatha is fearr agus an tallann atá ag teacht chun cinn. Gach bliain bíonn aíonna agus comórtais den scoth acu.

[Clár: Oidhreacht Mhuintir Edgeworth]

[Clár: Oidhreacht Mhuintir Edgeworth]


Bailte Slachtmhara Mheathas Troim

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara éifeachtach de dhíth ar gach dea-bhaile in Éirinn agus tá ceann de na coistí is fearr againne i Meathas Troim. An sprioc atá acusan atá ar an gcoiste baile mór a chothú do chách a bheidh níos glaine agus níos glaise. An baile dúchais seo againne a choinneáil saor ó bhruscar agus é neamhdhíobhálach don chomhshaol chomh maith le stádas Mheathas Troim i rangú na mBailte Slachtmhara a neartú.


Féile Bhuscála

Gach Bealtaine, óstálann an baile Féile Liteartha Edgeworth agus bhí imeacht 2017 ar siúl i mBealtaine 5 – 7. Déanann sé ceiliúradh ar oidhreacht liteartha Mheathas Troim chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na húdair reatha is fearr agus an tallann atá ag teacht chun cinn. Gach bliain bíonn aíonna agus comórtais den scoth acu.


Laoch Oidhreachta na hÉireann – Matt Farrell

Thug an tAire Heather Humphreys aitheantas d’fhear áitiúil, Matt Farrell, agus é ainmnithe mar Laoch Oidhreachta na hÉireann air i mí Feabhra 2017.

Tá Matt Farrell, ar tugadh an teideal Laoch Oidhreachta na hÉireann air, le feiceáil sa phictiúr anseo lena gharmhac, Jamie Penrose, 10 mbliana d’aois. (Pictiúr le Gary O’Neill)

Bronnadh an gradam ar Matt mar chuid de Shearmanas Bronnta Ghradaim Oidhreachta na Comhairle Oidhreachta ina dtugtar aitheantas don obair iontach atá ar bun ag an bpobal oidhreachta in Éirinn agus ina gcuirtear an chuid is fearr den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta os comhair an phobail.

I gcás Ghradam na Comhairle Oidhreachta don Laoch Oidhreachta, déantar ceiliúradh ar dhuine atá i ndiaidh cur go mór leis an oidhreacht in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn. Ainmníodh 86 duine i mbliana.

Is é Laoch Oidhreachta na hÉireann, Matt é féin, a bhunaigh Cumann Forbartha Cheantar Mheathas Troim agus Cumann Edgeworth sa bhliain 1994.

Eisean atá mar cheann feadhna ar an tionscadal Oidhreacht Mheathas Troim ar na mallaibh, inar bunaíodh Slí Oidhreachta agus Liteartha Mheathas Troim. Mar chuid den tslí tá Teach agus Garraí Daingean Mheathas Troim, Teach an Reachtaire – Teampall Eoin – agus an nasc le Wilde agus Goldsmith a ghabhann leis, mar aon le Reilig agus Teampall Eoin.

Bhí obair chrua na mblianta i gceist le taighde a dhéanamh agus a chur le chéile agus ansin le Teach an Reachtaire, Teach na Scoile, Faiche an Aonaigh agus an reilig a chaomhnú. Caitheadh deich mbliana fosta i mbun ticéid don chrannchur a dhíol gach oíche Shathairn!

Léiriú atá i ndúthracht Matt Farrell ar an nasc tábhachtach sin idir an mhuintir agus an dúiche, agus ar an tslí gur féidir pobal a fhorbairt bunaithe ar an oidhreacht chomhchoiteann atá againn.


Ionad Pobail Mheathas Troim

Tá Ionad/Campas Pobail Mhuire suite taobh le Bóthar Ghránaird. Níl an Bóthar N55 ón gCabhán go Baile Átha Luain agus an Bóthar N4 óBhaile Átha Cliath go Sligeach ach cúpla nóiméad ar shiúl sa charr. An grúpa is cúis leis an halla agus campas éachtach ná eagraíocht neamhbhrabúis. Fuarthas tacaíocht ó mhaoiniú ón rialtas agus ó dheontais. Osclaíodh an t-ionad i Mí Iúil in 2011 agus coiste bainistíochta deonach ina bhun. Fostaithe ó Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus ón gClár Fostaíochta Pobail atá ag obair ann. Áis cheannródaíoch nuálach atá san ionad a bhfuil seomraí agus hallaí ann atá ar fáil ar cíos le haghaidh réimse leathan gníomhaíochtaí.

Ráiteas misin an ionaid ná “Gníomhaíochtaí aclaíochta agus áiseanna áineasa a chur ar fáil trína ndéantar imeascadh agus spiorad pobail a chur chun cinn i measc an phobail.”

Naisc:

  • Gach rud i Meathas Troim: http://www.edgeworthstown.net/
  • Conair Liteartha Mheathas Troim: https://www.facebook.com/edgeworthliterarytrail/
  • Féile Liteartha Edgeworth: https://www.facebook.com/edgeworthfestival/
  • Meathas Troim agus na Bailte Slachtmhara https://www.facebook.com/edgeworthstowntidytowns/
  • Campas Pobail: https://www.facebook.com/Edgeworthstowncommunitycampus/
  • Turasóireacht an Longfoirt Leathanach Mheathas Troim: http://www.longfordtourism.ie/see-do/towns-villages/edgeworthstown/

GRÁNARD

Tá Móta agus Bábhún Ghránaird ar cheann de na samplaí is fearr de dhaingean Angla-Normannach atá sa tír.

Baile gnóthach i dtuaisceart an Longfoirt is ea Gránard. Tá go leor staire ag baint leis an mbaile, ach i ndáiríre is é baile nua Ghránaird an áit a bhfuil an baile anois. I mbaile fearainn Choill Ghránaird a bhí baile múrtha mheánaoiseach ‘shean-Ghránaird lonnaithe tráth den saol. Meastar gur é an láthair ag Choill Ghránaird an t-aon cheann dá leithéid in Éirinn. Dhóigh Edward Bruce an áit go talamh i mí na Samhna 1315 nuair nach ngéillfeadh Con Ó Fearaíl dó agus tréigeadh an áit ina dhiaidh sin.

Is iomaí brí atá leis an ainm Gránard – Cnoc na Gréine, Cnoc an Ghráin nó Ard Gránna.

Móta agus Bábhún Ghránaird

Tá Móta agus Bábhún Ghránaird ar cheann de na samplaí is fearr de dhaingean Angla-Normannach atá sa tír. Thóg an Ridire Normannach, Richard de Tuite, an áit thart ar 1199 mar chuid de thionscnamh chun ceannas na Normannach a scaipeadh ar fud na tíre; tógadh é ar agus taobh istigh de rath a bhí ann roimhe sin agus d’fhéadfadh gur ag brainse áitiúil de mhuintir Fhearaíl a bhí sé sin.

Dumha ciorclach ollmhór cré a bhfuil mullach maol air is ea an Móta, agus ar a bharr sin bhíodh túr adhmaid agus é timpeallaithe ag sonnach. Bhí bábhún U-chruthach trasna an bhoinn, imfhálú a bhí timpeallaithe ag díog shonnaigh. Bhíodh ainmhithe agus saighdiúir ag cur fúthu sa bhábhún. Tá sé daingnithe go han-láidir ach amháin ar an taobh ó dheas a bhíodh á ghardáil ag an trinse domhain ar an mbarr de réir cosúlachta, agus as sin bhíodh an lucht cosanta ag scaoileadh airm agus ag teilgean cloch leis an namhaid a bheadh ag teacht ina dtreo.

Agus é ina sheasamh 534 troigh os cionn leibhéal na farraige, meastar gurb é seo an Móta is airde in Éirinn agus ba léiriú eile ar a thábhacht go raibh sé lonnaithe ar an bpointe ab fhaide siar de shean-Ríocht na Mí. Óna bharr tá radharc de chúig loch, codanna de naoi gcontae, riar aibhneacha, cuid mhór portach (Ard an Chuilinn san áireamh) agus imlíne lag de Shliabh Bladhma. Tá a lán miotas ag baint leis an Móta; deir daoine go bhfuil caisleán i bhfolach taobh istigh de, deir daoine eile go bhfuil taiscí ollmhóra óir ann, agus deir daoine eile fós gur stór gráin a bhí sa chuas atá ina lár. In 1932, cuireadh dealbh de Naomh Pádraig ar bharr an Mhóta mar chomóradh ar theacht an naoimh go hÉirinn in 432AD.

Tá mórionad cuairteoirí i nGránard anois ina ndéantar ceiliúradh ar an oidhreacht faoi leith a bhaineann leis an gceantar.

Ridirí agus Concais, Gránard

Faigh blaiseadh de ré na Ridirí agus na gConcas i gcroílár ceilte na hÉireann. Cuir ort éadaí ár sinsear Normannach agus siúil leat ar aistear idirghníomhach trí na blianta. Bí i do rí nó i do bhanríon agus tú páirteach i gcluiche na corónach de do chuid féin. Bíodh am spraíúil ar leith agat le do mhuintir agus le cairde leat.

Féach an suíomh gréasáin: https://www.knightsandconquests.ie/ agus https://www.facebook.com/KnightsConquests/

Imeachtaí i nGránard

Coinnigh súil ar an leathanach Facebook seo le bheith ar an eolas faoi gach a bhfuil ag tarlú i nGránard: https://www.facebook.com/Granard-Events-430607700468348/

Bothán na bhFear, Gránard

Eagraíocht phobail atá i mBothán na bhFear, Gránard, inar féidir le fir ar gach aois teacht le chéile agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn comhaontaithe eatarthu. Bíonn deiseanna sóisialta iontacha ar fáil ann. Gheobhaidh tú ar líne ANSEO iad

Rudaí le déanamh i nGránard

Ionad é Ionad nua na Ridirí agus na gConcas nach mór a fheiceáil. Áit i gcroílár ceilte na hÉireann ar gá cuairt a thabhairt uirthi.

Ar na foirgnimh shuimiúla atá ar an mbaile tá Teach an Mhargaidh a tógadh in 1785 agus a bhí faoi úinéireacht mhuintir Greville tráth den saol; rinneadh athchóiriú air c1980 agus tá sé á úsáid anois mar leabharlann bhrainse. Tá láthair bhreá ag Séipéal Mhuire, a thóg John Bourke in 1867, ag barr phríomhshráid an bhaile; tá an móta mór Normannach taobh thiar de agus ba é Séipéal Naomh Pádraig atá gar don Mhóta a bhí ina láthair eaglasta ag na Caitlicigh i dtús ama i nGránard. Meastar gur tógadh an foirgneamh reatha i dtús an 18ú haois.

Tá Gránard timpeallaithe ag riar de lochanna áille, ar nós Loch Gamhna agus Loch Cinnéile, agus tá an áit áisiúil do chuid mhór ionad breá iascaireachta. Tá Coill Dhoire Chasáin lonnaithe ar bhruacha Loch Gamhna agus siúlóidí iontacha foraoise le fáil ann do dhaoine a bheadh ag iarradh uair an chloig nó dhó a chaitheamh ag spaisteoireacht faoi shuaimhneas an nádúir. Do dhaoine a bhfuil suim acu i stair ársa na hÉireann, tá roinnt láithreán de thoibreacha beannaithe, crannóga, galláin agus liagchiorcail ar fáil ann mar aon le fothracha Mhainistir Leathrátha in aice láimhe. Tá neart tithe ósta sa bhaile féin ina mbíonn ceol beo agus siamsaíocht ar an deireadh seachtaine, mar aon le siopaí agus áiseanna eile. Reáchtálann Gránard riar d’fhéilte agus d’imeachtaí i rith na bliana.


Naisc:

  • Bailte Slachtmhara Ghránaird : https://www.facebook.com/granard.tidytown-
  • Granard Motte Community Enterprise Limited: https://www.facebook.com/GranardMotteCommunityEnterpriseLimted/
  • Cumann Staire Cheantar Ghránaird: https://www.facebook.com/GranardAreaHistoricalSociety/
  • Imeachtaí i nGránard: https://www.facebook.com/Granard-Events-430607700468348/
  • CLG Naomh Muire: https://www.facebook.com/stmarysgaa.granard/
  • Bothán na bhFear, Gránard: https://www.facebook.com/granardmensshed/
  • Leathanach Pobail Ghránaird: https://www.facebook.com/GranardCommunity-728443307262571/
EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life