Go hÁitiúil agus i bPobal Phortach Mhaigh Cláir

Baineann an leathanach seo leis na pobail mórthimpeall ar Phortach Mhaigh Cláir. Is cuma más ball de ghrúpa pobail áitiúil thú, grúpa oidhreachta, scioból na bhfear, grúpa drámaíochta, grúpa súgartha, scoil, nó eagraíocht spóirt, tá an chuid seo de shuíomh an Phortaigh Bheo dírithe ortsa.

Is ceantar é seo in Éirinn ina bhféadfadh fiú scéal nó grianghraf amháin tionchar mór a imirt. Thiocfadh dó go mbeadh gnáthrud duitse neamhghnách do dhaoine eile. An rud nach gceapfá a bheith suimiúil d’fhéadfadh sé go mbeadh luach ollmhór leis do dhuine eile. Tá scéalta ag teastáil, cosúil leis na scéalta ar leathanaigh Cheathrú Bheithí agus Choillidh Chonnaidh, faoi laethanta bainte móna, béaloideas áitiúil agus scéalta áitiúla chun fíoríomhá náisiúnta a chur le chéile dár bportaigh.

Má tá suíomh gréasáin agat, nó nuachtlitir nó bileog eolais ba mhaith leat lucht féachana níos leithne a fheiceáil, ná bíodh aon leisce ort a chur in iúl dúinn agus cuirfimid ar an suíomh é. Déan teagmháil linn trí ríomhphost: peatlandsmanagement@housing.gov.ie

Cruthóimid nasc le daoine agus cuirfimid sibh ar an eolas maidir le himeachtaí suimiúla sna ceantair mórthimpeall ar an ardphortach seo. Ba mhaith linn aird a tharraingt freisin ar na traidisiúin a bhaineann le baint mhóna sa cheantar seo. Cé go mbaineann an tionscadal seo le harphortaigh áirithe a athbhunú, ba mhaith linn gach rud a bhaineann le portaigh a cheiliúradh, rudaí a bhaineann leis an am atá thart, an t-am i láthair agus an todhchaí, mar sin má tá scéalta agus cuimhní agat ar laethanta ar an bportach, cuir ar an eolas muid agus roinnfimid iad.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life