Go hÁitiúil agus i bPobal Phortach an Fhéir Bháin

Baineann an leathanach seo leis na pobail mórthimpeall ar SAC Phortach an Fhéir Bháin. Is cuma má tá tú i do ball de ghrúpa pobail nó oidhreachta, seid na bhfear, eagraíocht spóirt, iar-oibrithe Bhord na Móna nó aon ghrúpa i gcúlchríoch máguaird an phortaigh, tá an chuid seo de shuíomh an Fhéir Bháin dírithe ortsa.

Tá Bailte Slachtmhara an Fhéir Bháin agus ag foireann tionscadail an Phortaigh Bheo ag cur scéalta agus stair ón gceantar i dtoll a chéile faoi láthair.

Má tá suíomh gréasáin agat, nó nuachtlitir nó bileog eolais ba mhaith leat lucht féachana níos leithne a fheiceáil, ná bíodh aon leisce ort dul i dteagmháil linn agus cuirfimid ar an suíomh seo é.

Cruthóimid nasc le daoine freisin agus gheobhaimid amach faoi imeachtaí suimiúla sna ceantair a bhaineann leis an bportach ardaithe tábhachtach seo. Ba mhaith linn ceiliúradh a dhéanamh ar an am atá caite, ar an am i láthair agus ar thodhchaí an cheantair.

Ba mhaith linn go mbeadh lucht féachana níos leithne ann leis an gcultúr agus leis na traidisiúin a bhaineann leis na daoine, na pobail agus na portaigh in Uíbh Fhailí a fheiceáil agus tá fonn orainn an ghné seo dár bportaigh a cheiliúradh chomh maith le caomhnú agus athchóiriú portaigh ardaithe.

Tá an ceantar mórthimpeall ar bhaile agus ar phortach an Fhéir Bháin beo beathach, agus tá go leor grúpaí gníomhacha ann.


Seo físeán suimiúil ó Chartlann Scannán Huntley a thaispeánann Stáisiún Cumhachta an Fhéir Bháin ar lánluas sna 1960í, mar aon le roinnt píosaí a taifeadadh go háitiúil.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life