Eolas maidir le Portach Mhaigh Cláir

Tá Portach Mhaigh Cláir suite gar do bhaile an Fhéir Bháin i dTuaisceart Chontae Uíbh Fhailí, agus is comharsa é le ceann eile dár suíomhanna tionscadail, SAC Phortach an Fhéir Bháin atá lonnaithe díreach 3km siar ó dheas.

Tá a limistéar dromchla díreach faoi bhun 130 heicteár agus cé go bhfuil sé beag, is suíomh é Portach Mhaigh Cláir a bhfuil luach ard caomhnaithe aige mar gur ardphortach réasúnta slán lár tíre é. Measadh sular thosaigh muid ar an obair anseo gur chlúdaigh Ardphortach Gníomhach (ARB) thart ar 29% den limistéar ardphortaigh, agus ó tharla go bhfuil ARB réasúnta ard ar a chruinneachán neamhghearrtha tá tábhacht le Maigh Cláir.

Tá ARB sa chuid dheisceartach den phortach ina bhfuil éiceatóip lárnach agus fo-lárnach araon. Clúdaíonn ardphortach díghrádaithe atá in ann athghiniúint os cionn 70% de limistéar ard an phortaigh. I measc na ngnáthóg eile tá portach réitithe, coillearnach leathanduilleach leathnádúrtha fhliuch agus féarthailte fliucha.

Tá cruth simplí fada caol dronuilleogach ubhchruthach ar an bportach. Tá sé cóngarach do roinnt ardphortaigh thábhachtacha gar do thuilemhá abhainn na Sionainne. Mar sin féin, ghearr Bord na Móna an chuid is mó de na hardphortaigh sa chomharsanacht le 50 bliain anuas.

Tá trí shuíomh LIFE sa chuid seo: Maigh Cláir, An Féar Bán agus an Mongán.

Ghearrtaí móin go forleathan ar fud Phortach Mhaigh Cláir san am a chuaigh thart, cé go mbíodh sé níos déine sa tuaisceart agus san iardheisceart. Le blianta beaga anuas bhí sé ag tarlú den chuid is mó d’imeall an tuaiscirt. Cuireadh deireadh le gearradh móna ar an bportach, áfach. Meastar go bhfuil 58.4% de phortach Mhaigh Cláir atá le feiceáil ar mhapa 1840í fós gan ghearradh.

Tá neart saoil fágtha fós i Maigh Cláir, agus is é aidhm tionscadal ‘An Portach Beo’ an méid ARB ar an suíomh a mhéadú go dhá oiread.

Tugadh faoi an-obair ar an suíomh seo. Idir Nollaig 2018 – Márta 2019 agus i mí Lúnasa 2019 rinne ár gconraitheoirí athchóiriú ar chothromaíocht hidrea-éiceolaíoch an phortaigh agus cuireadh isteach beagnach 1,000 damba móna.

Tá na céadta speicis neamhchoitianta sa phortach, agus plandaí agus ainmhithe nach mbíonn ach in ardphortaigh. Is Limistéar Faoi Chaomhnú Speisialta (cSAC) é an portach seo a roghnaíodh le haghaidh *Ardphortaigh Ghníomhacha 7110, Ardphortaigh Dhíghrádaithe 7120 agus Lagraigh ar fhoshraitheanna móna (Rhynchosporion) 7150 – gnáthóga atá liostaithe ar Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le gnáthóga (992/43/CEE), áit a ndéantar *Ardphortaigh Ghníomhacha 7110 a rangú tuilleadh mar ghnáthóg “thosaíochta”.

Feictear méid na bainte móna i lár na tíre san íomhá seo ó Bing Maps. Is iad na ceithre shuíomh a bhfuil fáinne thart orthu láithreacha Ardphortaigh LIFE, baineadh móin ar na suíomhanna in áiteanna eile a bhfuil dath donn éadrom orthu, rinneadh an-dochar do go leor acu.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life