Eolas maidir le Portach Dhoire an Fhia

Tá Portach Dhoire an Fhia suite cois locha faoin tuath i dtuaisceart Ros Comáin, tá sé ar cheann de na láithreáin tionscadail LIFE is pictiúrtha, agus is lú, de bhrí nach bhfuil an t-achar dromchla iomlán ach 86.18 heicteár.

Tá Portach Dhoire an Fhia suite thart ar 10km ar an taobh thiar thuaidh de Bhéal Átha hAmhnais, díreach soir ó theorainn Mhaigh Eo/Ros Comáin. Tá sé suite gar don taobh thuaidh den loch fhionnuisce, Loch Chluanaigh, agus tá Abhainn fhada lúbach na Daraí Buí ag an taobh ó thuaidh agus soir de. Sreabhann an abhainn ó Loch Chluanaigh agus nascann sí le Loch Eirid sula sreabhann sí isteach i Loch Uí Ghadhra, atá i bhfad níos mó.

Portach beag Ardaithe Iartharach is ea Portach Dhoire an Fhia (Cross, 1990), ina bhfuil láthair mhóna amháin, a aicmítear go geomoirfeolaíoch ina phortach de chineál Abhainn Dobhardhroime C (Kelly et al., 1995). Tá sé lán le gnéithe suimiúla, mar shampla, tá carn beag saothraithe i ndeisceart an tsuímh agus tá gné dhroimnín san iarthuaisceart.

Tá cruth garbh dronuilleogach agus réasúnta simplí ar an bportach, agus tá sé gearrtha ar feadh an chiumhais theas. Ina ainneoin sin, tá bail mhaith ar Phortach Dhoire an Fhia, agus ionchais athchóirithe fabhracha ann.

Tá an talamh clúdaithe go maith le Portach Ardaithe Gníomhach (ARB) agus níos mó ná 17 heicteár (nó 31.09%) den limistéar ardphortaigh beo agus folláin, tá éiceatóp lárnach agus fo-lárnach agus borrfhás gníomhach ann freisin.

Táimid ag déanamh suirbhé ar an suíomh faoi láthair, ach de réir an tsuirbhé is déanaí a rinneadh in 2012 ar phortach ardaithe ardchaighdeáin, i bhfoirm éiceatóp lárnach agus borrfhás gníomhach, clúdaíonn sé 45.28% den ARB iomlán, agus i gcás éiceatóp lárnach tá clúdach foriomlán Sfagnaim de 33-50% aige, le linnte a chlúdaíonn 26-33% den achar iomlán. Clúdaíonn linnte achair dhifriúla ar fud na gceantar éagsúil d’éiceatóp lárnach, ach bíonn sé chomh hard le 40-50% in iarthuaisceart an tsuímh. Is cuid de mhicreatopagrafaíocht an éiceatóip lárnaigh iad na faichí sfagnaim, tulóga agus loig freisin.

Is éard atá i gceist le borrfhás gníomhach ná linn mhór (nó maothchóras) ina bhfuil a lán Sfagnam (S. cuspidatum den chuid is mó), agus go leor tulóga oileáin a chabhraíonn le speicis Sfagnaim eile, agus tréithe speicis de bhorrfhás gníomhach.

Sfagnam Cuspidatum, agus duilleoga séidte ar an bportach.

Clúdaíonn Portach Ardaithe Díghrádaithe (DRB) 37.79 ha (68.91%) den limistéar ardphortaigh. Bíonn sé níos tirime ná Portach Ardaithe Gníomhach agus tacaíonn sé le dlús níos ísle caonach Sfagnaim – clúdaíonn Sfagnam 26-33% sna coimpléisc chumainn is fliche a taifeadadh – agus níl an oiread sin micreatopagrafaíocht ina bhfuil linnte buana agus faichí Sfagnaim forbartha aige.

Bíonn éiceatóp teorainneach, fotheorainneach, agus bruach éadáin agus borrfhás neamhghníomhach ag Portach Ardaithe Díghrádaithe. Bíonn lagraigh ar fhoshraitheanna móna Rhynchosporion i bPortach Ardaithe Gníomhach agus Díghrádaithe araon, ach is gnách go mbíonn siad níos forbartha agus níos cobhsaí sna ceantair is fliche i bPortach Ardaithe Gníomhach.

Is é aidhm an tionscadal LIFE anseo an méid ARB a mhéadú oiread agus 10 heicteár trí mhodhanna athchóirithe ar an bportach ard agus ar an bportach réitithe.

Is suíomh é Portach Dhoire an Fhia a bhfuil tábhacht mhór chaomhnaithe ag baint leis mar go bhfuil samplaí ann de ghnáthóga Iarscríbhinn I portach ardaithe gníomhach, portach ardaithe díghrádaithe agus lagraigh ar fhoshraitheanna móna (Rhynchosporion). Is sampla maith é an suíomh de phortach ardaithe thiar (ceann de thrí phortach den chineál seo inár dtionscadal LIFE) agus cé go bhfuil sé sách beag, bíonn caighdeán na ngnáthóg maith de ghnáth.

Tá roinnt portaigh ardaithe eile agus lochanna cailcreacha gar don suíomh seo agus tá sé ar cheann de na ceantair éiceolaíochta is tábhachtaí i réigiún oirthear Mhaigh Eo/Ros Comáin.

Tír an Phortaigh – Is é SAC Dhoire an Fhia an suíomh a bhfuil ciorcal thart air

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life