Cuairt ar Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach (agus ar Gort an Ghainimh)

Tá Cosán an Phortaigh agus an Míle Óir ar sheanbhóthar Phortach Cheathrú Bheithí ar chuid de na samplaí is fearr a léiríonn pobal ag teacht le chéile le pobal stairiúil na háite a cheiliúradh agus a fhorbairt Sa bhliain 2020, chuir an Portach Beo dromchla nua ar na bóithre seo sula cruthaíodh nasc le clárchosán nua saintógtha thar an láithreán lena ndéanfar é a nascadh le Cosán Lucht Bainte Móna a bhí ann tráth agus, ansin, an sráidbhaile gleoite Gort an Ghainimh.

Is é is aidhm dúinn cur le siúlóid lúibe álainn agus beidh cuairteoirí ar an bportach in ann blaiseadh a fháil ar gach gné de ‘scéal an phortaigh’, idir an portach réitithe, áit a mbaintí móin, agus ardphortach athchóirithe, atá lán le portach gníomhach beo agus flóra agus fána neamhchoitianta.

Tá eolas don chuairteoir agus painéil léirmhíniúcháin faoin bportach in Ionad Pobail Ghort an Ghainimh. Bí cinnte cuairt a thabhairt air! Nuair a thiocfadh athrú ar chúrsaí a bhaineann le Covid-19 in Éirinn, tá imeachtaí beartaithe againn, siúlóidí treoraithe portaithe ina measc.

A bhuí le Cuideachta Forbartha Pobail Ghort an Ghainimh, siúlóid thar a bheith pléisiúrtha is ea siúlóid an phortaigh. Rachaidh tú go domhain isteach sa phortach. Agus tú ag siúl, beidh tú in ann sásamh a bhaint as an éagsúlacht ar dóigh atá ag fás sna portaigh áille atá againn – fiadhúlra, gnáthóga agus bláthanna fiáine. An cheist atá ag an ngrúpa pobail ar a gcuid comharthaí: “Cé mhéad atá le feiceáil anseo?”. An freagra? Go leor!

Sráidbhaile beag in iarthar Ros Comáin é Gort an Ghainimh atá suite 2km ón teorainn le Contae Mhaigh Eo. Tá sé suite ar an R293 thart ar leath bealaigh idir an dá bhaile mhóra. Tá leathanach breá Facebook ag an nGrúpa Forbartha Pobail anseo agus is fiú súil a chaitheamh ar an láithreán gréasáin atá acu chomh maith.

An Chuideachta Forbartha Pobail a rinne an obair a bhí ag teastáil le go mbeadh Cosán an Phortaigh againn, i gcomhar le heagraíochtaí agus dreamanna eile: Comhairle Contae Ros Comáin, Plean Oidhreachta Chontae Ros Comáin, Plean Bithéagsúlachta Chontae Ros Comáin, An Chomhairle Oidhreachta, na Bailte Slachtmhara, Cuideachta um Fhorbairt Chomhtháite Ros Comáin, FÁS, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (mar a bhí), Dúil sa Dúlra agus, in 2010, Bliain Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta. Tá tionchar go háitiúil ag an gcosán ó thús agus tá iomrá air go dtí an lá atá inniu ann. Fuarthas moladh ina leith in 2011 ó na moltóirí i gcomórtas na mBailte Slachtmhara.

Is féidir Cosán an Phortaigh a shiúl as féin nó mar pháirt de na seacht gcinn de chonairí siúil atá le fáil thart ar Ghort an Ghainimh. Nuair a bheidh an clárchosán réidh in 2021 cuirfidh sé go mór leis na conairí siúil seo; siúlóid mhór iomlán a bheidh ann.

Léarscáil den Chonaire Shiúil anseo
Taisce faoi cheilt atá sa cheantar thart ar an bportach ó thaobh áiseanna agus nithe is díol spéise de. Is fiú triail a bhaint as na conairí siúil thart ar Ghort an Ghainimh. An túsphointe atá ann ná taobh amuigh den scoil náisiúnta, áit a bhfuil an léarscáil siúil. Tá gach ní is díol spéise ar an léarscáil, leac chuimhneacháin Dermot Early, mar shampla, mar aon le Teach Pobail Mhuire, Loch Eirid agus Portach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach. Bain triail as gach ceann de na seacht gconaire nó roghnaigh siúlóid atá fada go leor duit féin!

Más mian leat dul áit éigin i nGort an Ghainimh le gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, tá Loch Eirid foirfe. Tig leat do scíth a ligean go suaimhneach cois cladaigh, dul ag iascaireacht nó scileanna cadhcála a fhoghlaim más duine thú atá sásta rudaí nua a thriail!

As Gort an Ghainimh ó dhúchas do pheileadóir éachtach Ros Comáin, Dermot Earley Nochtadh leac chuimhneacháin in ómós dó i mí Lúnasa 2011. Mar a dúirt Martin Walshe, comhartha ómóis atá ann dár laoch Dermot, ceannaire iontach, lúthchleasaí dochreidte agus fear uasal.

Oifigeach in Arm na hÉireann ba ea Dermot Earley DSM freisin. D’imríodh sé peil Ghaelach lena chlubanna áitiúla Club Michael Glavey agus Club an tSáirséalaigh. Bhí sé ina bhall d’fhoireann shinsearach idirchontae Ros Comáin idir 1965 agus 1985. Meastar go bhfuil Earley ar imreoir de na himreoirí is fearr dá bhfuil ann nach raibh ar fhoireann a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil.

Agus na siúlóidí déanta agat, isteach leat chuig Beár Coney Island, teach leanna beag áitiúil a bhfuil spiorad ar dóigh ann agus cuid mhór imeachtaí ar siúl an bhliain ar fad. leathanach Facebook Beár Coney Island

Is féidir cuairt a thabhairt ar Fheirm Oscailte Eddie Joe i gCeathrú an Chaisil, Bealach an Doirín. Tugann an fhoireann turais threoraithe do chuairteoirí thart ar phortach agus feirm thraidisiúnta Ghaelach. Tá nithe eile is díol spéise ann, na cinn seo ina measc:

Teach Dillon
Ardeaglais Bhealach an Doirín
An tSean-Bheairic Mhíleata/ Scoil Naithí
Teach caife agus Dánlann Meet You Here
Coillearnach Loch Glinne
Ionad Léirmhíniúcháin Dhubhghlas de hÍde
Ionad Ceol Gaelach Michael Coleman
Na Ceithre Altóir
Caiseal an Chlochair
Tobar beannaithe Naomh Adhracht
Caisleán Mhaigh Uí Ghadhra
Leadhbanna adhmaid adhlactha Cheathrú an Teampaill
Cill Mobhí
Cloch oghaim Chill Mobhí
Choill an Chaisil
Mainistir an Urláir
Cruachan Aí/Ráth Cruachan
Caisleán Ros Comáin
Má theastaíonn tuilleadh eolais ar Ghort an Ghainimh uait, féach Forbairt Pobail Ghort an Ghainimh.

Is féidir ríomhphost nó glao gutháin a chur: northwestroscommoncdp@yahoo.ie or phone: 094-9862565

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life