Ceathrú Bheithí/an Cheachair

Portach tuilemhá mór é Limistéar Caomhantais Speisialta Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach. Tháinig forbairt air i logán idir droimníní ísle in uiscí uachtair na Suca. Tá achar dromchla thart ar 343 heicteár sa phortach, a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na láithreáin is mó atá mar pháirt de thionscadal LIFE (an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide). Portach breá é atá suite i gcroílár cheantar Ghort an Ghainimh agus áiseanna ann do chuairteoirí..

Tá Portach Cheathrú Bheithí suite in iarthar Chontae Ros Comáin, 8km soir ó thuaidh ó Bhéal Átha hAmhnais agus 9km taobh ó thuaidh de Bhaile an Locha. Díol spéise é go bhfuil sé suite thart ar 5km soir ó dheas ó Phortach Dhoire an Fhia (láithreán eile ón tionscadal as 12 cheann atá againn).

Rinneadh neart obair athchóirithe ar an bportach seo idir mí na Samhna in 2019 agus mí an Mhárta in 2020. Cuireadh isteach beagnach 1,100 damba ionas go mbeadh uisce ag gluaiseacht ar an bportach agus chun carbón a ghlasáil go domhan sa mhóin.

Rud atá neamhghnách faoi go bhfuil droimnín clúdaithe i bpáirt ag an bportach ó thuaidh. Sampla maith é an láithreán de phortach ardaithe iartharach.

Ceithre cinn de phríomhliopaí atá sa phortach:

An príomhliopa
Conair líneach de phortach atá anseo atá leagtha amach sa treo ó thuaidh siar ó thuaidh – ó dheas soir ó dheas. . Tá sruthanna mar theorainneacha ann ar an taobh thiar agus thuaidh. Cnoic atá mar theorainneacha ar an taobh thoir agus portach réitithe atá ó dheas. Tá an taobh thoir den liopa seo ag síneadh amach thar an taobh de cheann de na cnoic imeallacha. Tá achar thart ar 130ha sa phríomhliopa.

An liopa thiar thuaidh
Tá an liopa seo ar an taobh thiar thuaidh den phríomhliopa. Tá an liopa seo ar an taobh thiar thuaidh den phríomhliopa. Tá sruth ann mar theorainn ag an limistéar ar na taobhanna thuaidh agus thoir de, tá cnoic ann ó dheas agus portach réitithe ar an taobh thiar. Tá achar thart ar 35a ann.

An liopa thuaidh
Tá an liopa seo ar an taobh thuaidh den phríomhliopa. Iarsma d’achar níos mó portaigh atá ann, a ndearnadh cuid de a choilltiú. Tá sé curtha san áireamh anseo mar gheall ar an drocheanach atá forbartha ar an gcoirnéal thoir theas de. Tá sruth mór ann idir é féin agus na liopaí eile. Tá achar thart ar 25 ha sa chuid seo den phortach.

An liopa thiar
Seo an liopa is lú astu ar fad (timpeall 20ha). Tá sraith draenacha móra ann idir é féin agus an príomhliopa. Tá na draenacha sin ar an imeall thoir de Cnoic atá mar theorainn ó dheas agus ar an taobh thiar de, sruth mór atá ann ó thuaidh.

Seo ceann de na portaigh is mó ó thaobh éagsúlacht speiceas de sa réigiún. Tá liosta fada de speicis súsáin (Sfagnam) ann i gcomhthéacsanna éagsúla. Tá an phríomhchuid den phortach slán, mar a bhfuil roinnt lochanna inlíonta beaga, borrfhás agus sraith súmairí.

Tá limistéir de phortach creatha le fáil gach áit sa phríomhchuid. Tá linnte móra idircheangailte géara le fáil ann chomh maith, mar aon le tulóga maithe gníomhacha. Tá an dromchla fliuch ar fud an phortaigh, fiú ag dul i dtreo na ciumhaise.

1a.**( BOG PIC HERE)

Ar an taobh thiar den phríomhchuid, agus sruth eatarthu, tá cruinneachán ciorclach ann. Ó thuaidh, tá ceantar a bhfuil portach réitithe ann taobh le droimnín chomh maith le pobal dea-shaothraithe súsáin atá ar aon dul leis an gcrios bunmhar eascaigh.

Níl gearradh móna ar siúl ar an láithreán níos mó. Bhí deireadh leis faoi 2003 (Fernandez et al. 2014a, b). Tá seanbhruacha éadain le fáil thart ar chuid mhaith den ardphortach.

Thuairiscigh Kelly et al. (1993) gur gníomhaíocht a imríonn tionchar atá sa loscadh. Thuairiscigh Fernandez et al. (2005) an rud céanna. . Mar sin féin, ní raibh aon fhianaise ar loscadh ar an láithreán le linn na tréimhse idir 2005 agus 2012 (Fernandez et al. 2014a, b).

Tá luach ag baint le Portach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach ó thaobh an chaomhantais de. Rud atá go speisialta tábhachtach faoi ná go bhfuil an t-ardphortach neamhghearrtha ar an láithreán seo thar a bheith slán agus gur limistéar gníomhach lárnach atá ann. Tá samplaí maithe den tulóg le fáil anseo. Tá limistéir mhóra de phortach creatha ann chomh maith le linnte móra idircheangailte géara.

Ar an láithreán seo, tá samplaí maithe den chineál gnáthóige tosaíochta ó Iarscríbhinn I den Treoir AE um Ghnáthóga, *Portach Ardaithe Gníomhach (7110), agus an ghnáthóg neamhthosaíochta ó Iarscríbhinn 1,

Portach Ardaithe Díghrádaithe a d’fhéadfaí a athghiniúint (7120) – mar aon leis an ngnáthóg neamhthosaíochta ó Iarscríbhinn 1, Loig ar shubstráití móna den Rhynchosporion (7150). Ina theannta sin, tá an láithreán seo ar cheann de na láithreáin is oiriúnaí le cuspóirí an tionscadail a bhaint amach ós rud é go bhfuil torthaí dóchasacha le feiceáil mar gheall ar na hoibreacha athchóirithe ar tugadh fúthu roimhe seo. Rinneadh oibreacha athchóirithe ar an suíomh roimh 2005. Blocáladh cuid de na draenacha san ardphortach mar chuid de sin.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life