An Saol Ar Phortach Ard an Chuilinn

Flóra Phortach Ard an Chuilinn
Faoi láthair, tá an fhoireann LIFE ag tabhairt faoi staidéar cuimsitheach talún den fhlóra agus fána ar SAC Phortach Ard an Chuilinn, agus tá roinnt torthaí aisteacha faighte cheana féin. Beidh mionsonraí de againn anseo go luath, ach faoi láthair, léiríonn an obair shuirbhéireachta is deireanaí atá foilsithe (Fernandez et al, 2003 – 2006) go bhfuil limistéar lárnach éiceatóip atá mór go maith ag Ard an Chuilinn ina mbíonn locháin go minic agus clúdach ard Sfagnaim..
Tá Portach Ardaithe Gníomhach ag clúdach 14.00ha (24.28%) de limistéar an phortaigh aird.

Tá limistéar lárnach éiceatóip atá mór go maith sa phortach seo ina mbíonn locháin go minic agus clúdach ard Sfagnaim. Tá éiceatóp forleathan fo-láir timpeall an limistéir láir agus ag síneadh go dtí an réigiún ó dheas den phortach. I lár an phortaigh aird, tá an mullach leibhéal agus breathnaíonn sé go bhfuil an ghnáthóg príomhúil Bíonn na locháin ann go minic agus iad forbartha go maith le Sphagnum cuspidatum (tá S. magellanicum i gcuid acu).

Tá Droseraanglica i láthair iontu go léir mar aon le halga agus Menyanthes trifoliata i gcuid acu. Tá codanna de na locháin imlínithe ag an speiceas Sfagnaim.

Tá na limistéir idir na locháin faoi cheannas an speicis Sfagnaim (80%) le Calluna vulgaris láidir, Eriophorumvaginatum, Rhynchospora alba agus Nartheciumossifragum go follasach freisin. Ní léir go bhfuil aon dó mór déanta ann cé go bhfuil caonach básaithe agus Cladoniafloerkeana i roinnt bheag tulóg. Córas clasaiceach de locháin / tulóga atá sa limistéar seo ina mbíonn locháin ar chruthanna éagsúla go minic (cuid acu cruinn agus cuid eile fada agus lúbach) le tulóga, réileán agus oileáin d’fhásra istigh eatarthu. Tá tomacha maithe Cladoniaportentosa agus C. uncialis ina lán de na tulóga. . Tá an talamh bog agus é ag crith.

Sampla maith de chineál éiceatóip lárnaigh is ea Ard an Chuilinn. Tá an acraiteilm go maith agus doimhne ó 5 go dtó 10 cm inti ach amháin ar thulóga dóite nach bhfuil sí ar fáil in aon chor.

Measadh gur Portach Ardaithe Díghrádaithe a bhí ag clúdach 36.67ha (63.62%) de limistéar an phortaigh aird. Cé is moite den Phortach Ardaithe Gníomhach, tá an chuid eile den phortach fo-imeallach seachas réimse imeallach tirim atá siar uaidh agus bainteach leis an bhforaoiseacht – agus éiceatóp ar an mbruach éadain atá ina stráice caol d’fhásra atá faoi smacht an Calluna vulgaris láidir atá ar na sleasa gearrtha ar chiumhaiseanna an phortaigh.

Tá achar forleathan de ghnáthóg imeallach siar ó dheas. Tá an limistéar an-tirim mar gheall ar dhraenacha atá bainteach leis an bhforaoiseacht atá mórthimpeall. Tá an Calluna vulgaris a bhí i gceannas anseo an-láidir agus ar meán tá na plandaí 80 cm ar airde. Tá cuid mhór Cladoniaportentosa idir na tomacha. Tá sciar bheag in oirdheisceart an phortaigh a léiríonn an coimpléasc fásra seo freisin. Ar fhána atá le ciumhais thoir an phortaigh réitithe, tá Carexpanicea i gceannas mar aon le Trichophorumcaespitosum agus Erica tetralix. Tá Calluna vulgaris i láthair ach go bhfuil sé beag agus óg, agus i gcomhar le móin lom léiríonn sé gur dearnadh dó sa réigiún seo. Tá an chuid is fearr den ghnáthóg fo-imeallach seo an-fhliuch agus go leor uisce bodhar ann, rud a d’fhág go raibh sé deacair na locháin bhuana a idirdhealú agus d’fhéadfadh cúpla ceann acu sin a bheith ann. Tá formhór an fhásra faoi chomhcheannas an speicis Sfagnaim (50%) agus Eriophorumvaginatum (40%). Also Narthecium ossifragum (10%) and Eriophorum angustifolium (10%) are prominent. Faightear Trichophorumcaespitosum (5%) tríd an bhfásra ó am go chéile i bhfoirm cíbe . Tá an clúdach Sfagnaim ard (50%) le bratacha de S. magellanicum, S. capillifolium agus S. papillosum. Tá clúdach scáinte de Calluna vulgaris agus Erica tetralix ann (5% an ceann) agus tá paistí beaga de Cladoniaportentosa (+) le fáil.

Fána Phortach Ard an Chuilinn

Is dócha go mbeidh cuid mhaith den ghnáthfhauna atá bainteach le gnáthóga na bportach ard le fáil ag Portach Ard an Chuilinn. Ach é sin ráite, tá easpa sonraí doiciméadaithe ann don láithreán féin i dtaca le fána an phortaigh. Tá an fhoireann LIFE ag déileáil leis an gcuid seo dár dtionscadal faoi láthair.

EU LIFE Natura 2000 Department of Housing, Local Government and Heritage
Raised Bog Life