Ghairdín Patch
Má thugann tú cuairt ar Phortach Beo na Gaillimhe agus tabharfar chuig Gairdín Patch, teach cónaithe (agus gairdín míorúiltí) Patch Cronin tráth.
Bhí Sean-Phatch ina chónaí agus ag obair anseo sna 1800idí agus go luath sna 1900idí. Baitsiléir feirmeora portaigh a bhí ann, ní raibh aon bhóthar go dtí a ghabháltas nó uaidh. Deir siad nach bhfágtá an t-uisce nuair a d’imíteá ón bpríomhbhóthar (an N63 anois) chun an cúpla míle a shiúl chuig Gairdín Patch. Ní leagtá cos ar thalamh crua, ba ar an bportach a shiúltá. Chomh gar le lorg Chríost a leanúint is a d’éirigh duine ar bith againn riamh.
Feirmeoir ar an bportach ba ea Patch. Bhí sé ábalta torthaí agus glasraí a fhás an bhliain ar fad ar a oileán beag féin. Bhí daoine faoi gheasa aige go raibh sé in ann torthaí agus glasraí a fhás agus a bhaint, óir áiteanna crua a bhí sna portaigh nach mbíodh fás mar seo iontu. Bhí fear anseo, áfach, i lár an phortaigh agus é ábalta rudaí a fhás. Níorbh eol dóibhsean san aimsir sin go raibh Patch ag cur faoi ar oileán tille Cibé ar bith, ba ghnách le Patch móin a bhaint thart ar imeall a ghabháltais don teas. Sa lá atá inniu ann táimid go fóill in ann an áit a mbaineadh sé móin de láimh a fheiceáil, i bhfad sular tháinig na meaisíní chun an phortaigh go mall san fhichiú haois. ‘Teach a’ chéilí’ a bhí i dteach Patch, is é le rá go dtagadh comharsana um thráthnóna don scéalaíocht, le cártaí a imirt, don amhránaíocht agus don cheol agus b’fhéidir braoinín beag poitín corruair.
Bíonn muintir na háite ag caint ar chonairí fada casta thar an ardphortach bog chuig Gairdín Patch. Deir siad go siúltá míle iomlán ó gach cearn den phortach chuig Gairdín Patch gan gráinne gainimh ná ithreach ag baint do na cosa.
Bhí an teach agus na tithe amuigh de ina sheasamh anseo (tá taifead díobh ar sheanmhapaí chomh fada siar le 1846) go dtí na 1950idí. Tháinig an talamh torthach ansin le hiad a thabhairt ar ais. Páirc don phobal atá ann anois, áit a bhfaighidh tú radhairc ar dóigh de phortach ardaithe athchóirithe.
An t-oileán a bhfuil Gairdín Patch ann, gné neamhghnách atá ann sa phortach seo. Oileán ardaithe tille é, ithir ar a bharr agus an mhóin go domhain gach uile áit thart air. Múnlaíodh é de réir mar a d’imigh na hoighearshruthanna 10,000 bliain ó shin, agus fágadh cairn d’ábhar meilte ina ndiaidh.
Shiolt na lochanna agus d’eascair fásra iontu, seascainn a bhí iontu i dtús báire agus portaigh ansin San áit nár éirigh an mhóin ní b’airde ná an till, fágadh oileán i lár an phortaigh. Ar phortaigh eile, bhí cuid de na hoileáin go fada, a d’fhág go rabhthas in ann iarnróid nó bóithre a thógáil orthu, nó sráidbhailte nó bailte fearainn a ainmniú astu. Anseo, Gairdín Patch a bhí ann
Agus tús na hoibre ar bun ag an bhfoireann ón bPortach Beo sa phobal áitiúil, bhí Gairdín Patch i mbéal an phobail. Bhí muintir na háite díograiseach go mbeadh an láithreán seo, áit a raibh Seanteach Céilí tráth, ina áit a dtiocfadh le cuairteoirí teacht le chéile arís.
A bhuí le hiarrachtaí Paul Connaughton, Maura Hannon agus coiste díograiseach portaigh i dTeilea-obair na Gaillimhe, tháinig na pleananna sin chun solais nuair a thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead forbairt a dhéanamh ar an láithreán in 2020.
Déanfar páirc de Ghairdín Patch, áit a mbeidh cuairteoirí in ann a bheith ag foghlaim faoi shaol an phortaigh san am atá thart, san am atá i láthair agus san am atá le teacht. Ansin, ar shiúl leo ar shiúlóidí faoin bportach – an iarraidh seo, talamh soladach a bheidh faoi chois a bhuí le cosáin, clárchosáin agus conairí Lucht Bainte Móna na linne seo!