Fáilte chuig an bPortach Beo
Fáilte chuig ‘An Portach Beo’ – an tionscadal athchóirithe portaigh aonair is mó ar tugadh faoi riamh in Éirinn.
Cuirfear beocht ar ais in 12 de phortaigh ardaithe uathúla SAC na hÉireann idir 2016 – 2021, agus tabharfar faoi obair bhreise ar dhá phortach eile. . Cuirfidh an obair athchóirithe ar na láithreáin Natura 2000 seo feabhas ar bhreis agus 2,600 heicteár de ghnáthóg portaigh ardaithe atá i mbaol – achar atá níos mó ná 7,000 Páirc an Chrócaigh, 18% d’achar iomlán na bportach ard náisiúnta.
Meastar go bhfuil caillteanas 99% in achar bunaidh an phortaigh ardaithe atá ag fás go gníomhach i lár tíre na hÉireann. An beagán de atá fágtha, teastaíonn athchóiriú agus caomhnú uaidh. A bhuíochas don tionscadal cúig bliana seo, a tharla le cabhair ón gCiste Bithéagsúlachta EU LIFE Nature agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, beidh an Portach Beo ina bheatha arís…


Portach Cheathrú Bheithí / na Ceachrach
Co. Ros Comáin
Portach Cheathrú na gCapall
Co. na Gaillimhe
Portach Chlóirthigh
Co. Uíbh Fhailí
Portach Dhoire an Fhia
Co. Ros Comáin
Portach an Fhéir Bháin
Co. Uíbh Fhailí
Portach Gharascail
Co. na hIarmhí
Portach Choillidh Chonnaidh
Co. an Chabháin
Portach an Mhongáin
Co. Uíbh Fhailí
Portach Mhaigh Cláir
Co. Uíbh Fhailí
Portach an Ráithín Mhóir
Co. Uíbh Fhailí